Bliain Eile Leis na Dubs – Buaicphointí 2017

Níl ach cúpla uair an chloig fágtha go gcuirfear tús le séasúr peile is iomána na Dubs don bhliain 2018. Sula ndíreofar ar 2018, áfach, is fiú súil a chaitheamh siar ar 2017 agus ar bhuaicphointí na bliana sin. Seo a leanas na rudaí is mó a thug sásamh dhomsa agus mé ag breathnú siar ar an mbliain seo caite. Dar ndóigh, buaicphointí peile den chuid is mó atá anseo.

  1. 15-17 SAM BÁC

Cé a cheapfadh go mbuafadh Áth Cliath trí cinn de chraobhacha uile-Éireann i ndiaidh a chéile, agus cúig cinn taobh istigh de sheacht mbliana, tar éis an ghorta mhóir a bhí ag muintir na príomhchathrach idir 1995 agus 2011? Tá éacht dochreidte mór déanta ag foireann seo Átha Cliath faoi stiúir Jim Gavin, agus Pat Gilroy roimhe. Tá chuile mholadh agus bheannacht atá á bhfáil acu tuillte acu. Is foireann den chéad scoth iad.

Jonny Cooper

Nuair a d’éirigh leis an bhfoireann iontach a bhí ag Ciarraí idir 2004 agus 2009 dhá chraobh uile-Éireann a bhuachan i ndiaidh a chéile i 2006 agus 2007 bhí go leor a cheap go mbeadh sé fíordheacair ar fhoireann ar bith a leithéid a dhéanamh arís. Aontaíodh go raibh éacht ar leith déanta ag na Ciarraígh agus go raibh gaisce mór millteach déanta acu. D’éirigh leis na Dubs é a dhéanamh arís, áfach, i 2015 agus i 2016 agus chuaigh siad céim mhór níos faide nuair a d’éirigh leo an tríú craobh i ndiaidh a chéile a bhuachan anuraidh. Is sárfhoireann í foireann seo na Dubs agus beidh caint orthu go deo. Níl aon amhras faoi sin. Is am iontach é seo le bheith i do Dub!

  1. Taispeántais Iomána agus Peile Con O’Callaghan

Bhí bliain iontach ag Con O’Callaghan. Ní hamháin gur éirigh leis briseadh isteach ar fhoireann tosaithe Jim Gavin ach d’éirigh leis a áit a dhaingniú ar an bhfoireann. Imreoir uafásach tábhachtach dúinn anois é. Ba léir óna chuid taispeántas i gCraobh Laighean i 2016 go raibh Con ag teacht ach an raibh aoinne ag súil leis an tionchar a d’imir sé ar an bhfoireann anuraidh? Is imreoir speisialta é.

D’aimsigh sé 0-12 in aghaidh Chill Dara i gcluiche ceannais Laighean. D’aimsigh sé 1-02 in aghaidh Thír Eoghain i gcluiche leathcheannais na hÉireann. D’aimsigh sé cúl fíorthábhachtach in aghaidh Mhaigh Eo i gcluiche ceannais na hÉireann. D’aimsigh sé 7-15 do Chuala san ocht gcluiche a d’imir sé leo nuair a bhuaigh siad Craobh na hÉireann anuraidh. Scóráil sé 6-43 sa 13 cluiche peile a d’imir sé anuraidh le hÁth Cliath, le foireann f21 Átha Cliath agus le Cuala. Seo thíos liosta de na gradaim foirne is aonair a bhuaigh sé i 2017. An gá a thuilleadh a rá faoi?

Con O'Callaghan

  1. Mná Átha Cliath

In ainneoin gur ag scríobh faoi pheil agus iomáint na bhfear a bhím anseo caitear aitheantas a thabhairt do éachtaí fhoireann peile na mban. Bhí an-bhliain acu anuraidh faoi stiúir Mick Bohan agus cé a déarfadh nach mbeadh seans maith acu ar Chorn Brendan Martin arís i mbliana. Is iontach an fhoireann iad agus is mór an rud a mbua do spórt na mban agus ainmneacha leithéidí Lauren McGee, Sinéad Finnegan agus Noelle Healy ar eolas ag gasúir óga anois. Éachtaí iontacha déanta ag na Jackies i 2017!

  1. Stephen Cluxton

D’imir Stephen Cluxton a 89ú cluiche craoibhe, i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann, in aghaidh Mhuineacháin i 2017. Sin é an líon is mó cluichí craoibhe atá imeartha ag aon imreoir ó bunaíodh Cumann Lúthchleas Gael – agus níl sé críochnaithe fós! Níor éirigh leis Gradam Sárimreora ná Gradam Imreoir na Bliana a bhuachan anuraidh ná le trí bliana anuas, ach, is cinnte nach mbeadh trí Chraobh uile-Éireann buaite ag na Dubs gan é. Tá sé fíordheacair a shamhlú gur bhuaigh Clucko níos mó Gradam Sárimreora roimh 2011 ná mar a bhuaigh sé ó shin i leith. Níl oiread is ceann amháin buaite aige ó 2013.

Téann foirne amach le Cluxton a stopadh agus bíonn plean ag chuile fhoireann dhó. Bunaítear teaicticí foirne eile thimpeall air. Ní hamháin go bhfuil sé ar dhuine de na himreoirí is fearr a d’imir lena linn féin, ach, tá sé ar cheann de na himreoirí is fearr a d’imir an cluiche riamh. Beidh sé 38 i mbliana ach tá sé fós i mbarr a réime.

  1. Pat Gilroy

Dea-scéala amach is amach agus ardú mór misnigh a bhí i gceapachán Pat Gilroy is a fhoireann bainistíochta – Anthony Cunningham, Mickey Whelan agus Paddy O’Donoghue – do na Dubs. Diabhal mórán taithí atá ag Gilroy ar fhoirne iomána a bhainistiú, ach, níl aon amhras faoi ach go gcuirfidh sé struchtúir agus córais mhaithe i bhfeidhm. Beidh na hiománaithe iomaíoch in athuair. Tá lucht iomána Bhaile Átha Cliath ar bís agus iad ag súil go mór leis an mbliain amach rompu.

Gilroy

  1. Tír Eoghain agus Máistreacht ar Theaicticí Cosantacha

Bhí an-bhua ag na Dubs ar Thír Eoghain i gcluiche leathcheannais na hÉireann i mí Lúnasa. Ní hamháin gur éirigh leo áit a bhaint amach i gcluiche ceannais na hÉireann ach d’éirigh leo deireadh a chur leis na teaicticí cosantacha atá in úsáid le sé bliana, nó mar sin, anuas. Ní féidir Craobh na hÉireann a bhuachan a thuilleadh gan meon ionsaitheach a bheith agat agus tuigeann gach duine é sin anois.

Ó chaill na Dubs in aghaidh Dhún na nGall i 2014, an t-aon chluiche craoibhe atá caillte ag na Dubs le linn réimeas Jim Gavin, tá na Dubs compordach ag imirt in aghaidh teaicticí cosantachta den chineál seo. An-bhua a bhí ag na Dubs sa gcluiche seo in aghaidh Thír Eoghain.

  1. Spiorad na Sraithe agus 36 Cluiche gan Cailleadh

Ní haon rún é nach ndeachaigh na Dubs ar ais ag traenáil i gceart go dtí deireadh mhí Eanáir. Mar sin féin, d’éirigh go maith leo sa tSraith de bharr a gcuid spioraid agus a gcuid díocais. Cúis mhór sásaimh a bhí sa trí chomhscór a bhí acu in aghaidh Thír Eoghain, Dhún na nGall agus Chiarraí. Leiríodh an meon gnóiteach atá go smior sna himreoirí sna cluichí sin. Ní bheadh 36 cluiche sraithe is craoibhe bainte amach acu gan cailleadh murach an spiorad sin.

Ciarraí v BÁC

  1. Paul Clarke agus Craobh Chorn Uí Bhroin

Nuair a sheas Paul Clarke sa mbearna bhaoil do Chraobhchomórtas Chorn Uí Bhroin is beag a thug seans do na Dubs an comórtas a bhuachan. Ní raibh Jim Gavin ná formhór mór a phainéil ar fáil don chomórtas seo, de bharr gur ar saoire foirne a bhí siad. Mar sin féin, chuir Paul Clarke agus a fhoireann bainistíochta go leor oibre isteach ann agus d’éirigh leo an comórtas a bhuachan.

Bhí Niall Scully thar cionn le linn Chraobh Chorn Uí Bhroin agus ní raibh iontas ar bith ar aoinne a chonaic é sna cluichí seo, nuair a d’éirigh leis áit a aimsiú ar fhoireann Jim Gavin. Tugadh seans do Conor McHugh agus do Chiarán Reddin le linn na sraithe, freisin. An éireoidh le haoinne ó phainéal Paul Clarke áit a bhaint amach ar an bpainéal i mbliana?

scor-deiridh

  1. Foireann faoi 21 na Dubs

D’éirigh leis na Dubs a gceathrú Craobh Peile uile-Éireann f21 ó 2010 i leith a bhuachan anuraidh. Má tá na sinsir le leanacht orthu ag buachan craobhacha uile-Éireann tá sé tábhachtach go mbeadh siad iomaíoch ag leibhéil f17 is f20 – mar atá ann anois. I measc na n-imreoirí is mó a sheas amach do fhoireann f21 na Dubs anuraidh bhí Aaron Byrne, Brian Howard agus Con O’Callaghan. Tá lucht leanta na Dubs ag súil go mór go bhfeicfear a leithéid ar fhoirne Jim Gavin amach anseo.

  1. Carthanacht na nImreoirí

Cúis mhór bróid a bhí sa mbealach ar iompair Jim Gavin agus a fhoireann iad féin tar éis dóibh Craobh na hÉireann a bhuachan. Nuair a bhí corrdhuine anseo is ansiúd sna meáin ag rá drochrudaí pearsanta fúthu choinnigh siad orthu ag tabhairt cuairteanna ar dhaoine faoi mhíchumas, ar othair in ospidéil agus ag tabhairt leo Corn Sam Maguire thimpeall an chontae. Tá ardmheas ag daoine óga ar imreoirí na Dubs agus tá siad le moladh as na rudaí carthanachta seo a dhéanann siad.

 

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s