Áth Cliath 4-18 An Mhí 0-14

Craobh Chorn an Bhreathnaigh, Baile an Aba, 3/01/17

 Cuireadh tús le réimeas Pat Gilroy mar bhainisteoir ar fhoireann iomána na Dubs aréir, 3ú Eanáir, 2017, i mBaile an Aba. An Mhí a bhí mar chéilí comhraic acu. Tús buacach a bhí ann agus, in ainneoin go mbeidh cluichí i bhfad Éireann níos deacra rompu i mbliana, thugadar taispeántas maith don slua a bhí i láthair.

An Cluiche

Thosaigh na Dubs an cluiche seo go han-láidir agus tar éis achair ghairid bhí siad 0-06 go dtí 0-02 chun tosaigh. Bhí sé soileir ón tús go mbeadh bua compoprdach acu. Choinnigh siad orthu agus d’aimsigh siad dhá chúl roimh leatham ó Robbie Mahon agus Fionn Ó Riain-Broin, a chuir 2-11 go dtí 0-07 chun tosaigh iad ag an mbriseadh.

ÁC v An Mhí 1

Rinne Gilroy roinnt athruithe sa dara leath agus fios aige go mbeadh tráthnóna compordach aige. D’aimsigh na Dubs dhá chúl eile agus bhuaigh siad ar scór 4-18 go dtí 0-14. Cian McBride agus Ó Riain-Broin a fuair na cúil.

An Mhí

Chuaigh muintir na Mí isteach sa gcluiche seo le dóchas théis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Aontroim ar an deireadh seachtaine. Ní raibh siad in ann déileáil leis na Dubs, áfach, a bhí i bhfad níos aclaí ná a gcéilí comhraic. B’fhearr i bhfad, mar sin féin, go mbeadh an Mhí ag imirt in aghaidh leithéidí na Dubs má tá sé de rún acu gabháil go dtí an chéad chéim eile.

Ar Aghaidh Linn

Tús maith a bhí anseo le réimeas Gilroy agus beidh sé ag súil le bua eile in aghaidh Aontroma i bPáirc Pharnell, Dé Domhnaigh. Ní bheidh imreoirí Chuala ar fáil do Gilroy go ceann píosa eile ach d’imir leithéidí Chris Crummey, Shane Barrett, Tomás Connolly, Feargal Whitely agus Fionn Ó Riain Broin aréir. Suimiúil go maith, d’imir naonúr imreoirí aréir nár imir aon chluiche anuraidh agus iarchaptaen na Dubs, Johnny McCaffrey, ina measc.

Ác v An Mhí Gilroy

D’éirigh le fear iomána de chuid na Mí, Sean Boylan, craobhacha uile-Éireann a bhuachan. An éireoidh le fear peile de chuid Bhaile Átha Cliath, Pat Gilroy, an beart a dhéanamh san iomáint? Ar aghaidh linn. Na Dubs abú!

Áth Cliath: A Nolan, P Smyth, B O’Carroll, C Hendricken, S Barrett, D Kelly, C Crummey, J McCaffrey, T Connolly, R Mahon (1-00), F Whitely (0-04), C Costello (0-01), A Moore (0-03), P Winters (0-09), F Ó Riain-Broin (2-01)

Ionadaithe: C McBride (1-00) do R Mahon, S Ó Riain do J McCaffrey, D Gray do F Whitely

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s