Áth Cliath 1-13 Uíbh Fhailí 0-16

Craobh Chorn Uí Bhroin, Páirc Pharnell, 3 Eanáir, 2018

Tháinig Uíbh Fhailí ar ais go tréan sa dara leath le comhscór a thuilleadh le fir na príomhchathrach sa gcluiche seo a imríodh os comhair 3,000 duine i bPairc Pharnell, Dé Céadaoin, 3 Eanáir. D’fhéadfadh an cluiche a bheith buaite acu murach gur bhuail Anton Sullivan an cuaille go deireanach sa gcluiche. Mar sin féin, caithfidh go bhfuil Stephen Wallace agus a fhoireann an-sásta leis an tús a bhí ag an bhfoireann lárthíre leis na mbliain. Bhí bua mór 16 cúilín acu ar Loch Garman rud a fhágann mar rogha na coitantachta iad, le gabháil ar aghaidh go cluiche leathcheannais Chraobh Chorn Uí Bhroin.

An Cluiche

In ainneoin go raibh na Dubs 0-02 go dtí 0-00 taobh thiar tar éis cúig nóiméad bhí an lámh in uachtar acu ar Uíbh Fhailí sa gcéad leath. D’éirigh leo 1-04 a aimsiú idir sin agus an 16ú nóiméad, rud a d’fhág go raibh siad chun tosaigh ar scór 1-04 go dtí 0-03. Bhí siad chun tosaigh le cúl agus dhá chúilín ag an mbriseadh. Chríochnaigh Colm Basquel an leath le 1-03. Scór leathama: Áth Cliath 1-08 Uíbh Fhailí 0-06.

dcu-12

Thug Uíbh Fhailí faoi, le díocas, an bhearna a laghdú agus d’éirigh leo ceithre cinn den chéad chúig scór a aimsiú sa dara leath. D’fhág sé sin dhá chúilín taobh thiar iad théis 46 nóiméad. Fuair na Dubs trí scór sciobthaí ina dhiaidh sin ach chríochnaigh Uíbh Fhailí láidir. Fuair Basquel trí chúilín eile sa dara leath. Cá bhfios ach go bhfeicfear ar ais ar phainéal Jim Gavin é arís i mbliana. Chríochnaigh Cian Johnson an cluiche le 0-06 do Uíbh Fhailí. Scór deiridh: Áth Cliath 1-13 Uíbh Fhailí 0-16

Na Dubs

Níl aon amhras faoi ach go bhfuil díomá ar Paul Clarke. Bhí imreoirí maithe ar an bpáirc aige – leithéidí Shane Carthy, Brian Howard, Killian O’Gara, Colm Basquel agus Emmett Ó Conghaile ina measc. Imreoirí iad seo atá ag iarraidh briseadh isteach ar phainéal Jim Gavin.

Mar sin féin, tuigfidh Clarke go bhfuil seans fós ag a fhoireann, cé gur dúshlán mór millteach atá amach rompu. Caithfidh siad buachan ar 17 cúilín. Gabhfaidh siad síos go Loch Garman Dé Domhnaigh leis an gcluiche a bhuachan. Má bhíonn tús an-láidir acu beidh seans éigin acu.

Ar aghaidh linn. Na Dubs abú!

Áth Cliath: A Bunyan, R McGowan, G Hannigan, S McMahon, D Devereux, B Howard, G Seaver (0-01), E Ó Conghaile, A Elliott, G O’Reilly, S Carthy (0-03), K Doherty (0-01), C Basquel (1-06), K O’Gara (0-01), C Sallier

Ionadaithe: C Carthy (0-01) do K O’Gara, N Walsh do K Doherty, R Deegan do A Elliott, K Callaghan do C Sallier, S Ryan do E Ó Conghaile, E O’Brien do B Howard, C Doyle do S Carthy

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s