Loch Garman 1-12 Áth Cliath 0-14

Páirc CLG Naomh Pádraig, Inis Córthaidh, 7 Eanáir 2018

Bhí toradh díomách ag na Dubs i gCraobh Chorn Uí Bhroin in aghaidh Loch Garman, Dé Domhnaigh seo caite in Inis Córthaidh, nuair a fuair fir an oirdheiscirt an ceann is fearr orthu.

Ba cheart go mbeadh an cluiche seo goidte ag na Dubs. Bhí siad cúilín chun tosaigh don chéad uair sa gcluiche in am cúitimh gortaithe ach luigh siad siar don chúpla nóiméad deireanach. D’aimsigh Loch Garman dhá chúilín ina dhiaidh sin gan aon fhreagra ó na Dubs. 3 chúilín a d’aimsigh an fhoireann baile sa dara leath agus péire acu in am cúitimh gortaithe!

Téamh Suas

Bhí cuma mhaith ar Loch Garman sa gcéad leath, ach go háirithe, agus is cinnte go mbeadh Paul McLoughlin sásta le taispeántas a fhoirne tar éis an scrios a rinne Uíbh Fhailí orthu sa gcéad chluiche de Chraobh Chorn Uí Bhroin.

 An Chéad Leath

Bhí tionchar mór ag an ngaoth ar an gcluiche agus ba ag na Carmanaigh a bhí sí sa gcéad leath. Chuir siad brú ar chúlaithe na Dubs ón tús agus tar éis deich nóiméad bhí siad 1-04 go dtí 0-02 chun tosaigh. Tháinig an cúl ó chos an chaptaein, Daithí Watters. Dúisíodh na Dubs ina dhiaidh sin agus d’éirigh leo an ghaoth a bhaint de sheolta na gCarmanach! D’aimsigh Colm Basquel 0-03 do Áth Cliath sa gcéad leath agus fuair Paddy Small, Adam Rogers agus Glenn O’Reilly scór an duine. Scór leathama: Loch Garman 1-09 Áth Cliath 0-06

An Dara Leath

Ba cheart go mbeadh an cluiche seo goidte ag na Dubs.

Bhí sé soiléir nach mbeadh na Dubs in ann buachan ar 17 cúilín agus áit a bhaint amach sna cluichí leathcheannais. Mar sin féin, bhí sé soiléir go raibh siad ag iarraidh an bhearna sé chúilín a ghlanadh amach agus an bua a fháil ar Loch Garman.

BÁC LG

D’imir siad go hiontach sa dara leath agus tar éis 60 nóiméad bhí na foirne cothrom a bhuíochas le scóranna iontacha ó Emmett Ó Conghaile, Paddy Small, Colm Basquel agus ó Brian Howard. Chuaigh siad chun tosaigh sa nóiméad deireanach nuair a d’imsigh Kevin O’Callaghan scór maith dóibh. Chríochnaigh na Carmanaigh láidir, áfach, agus d’éirigh leo an dá chúilín dheireanacha a aimsiú ó Craig McCabe agus ó Barry O’Connor in am cúitimh gortaithe. Scór deiridh: Loch Garman 1-12 Áth Cliath 0-14.

Amach Anseo

Beidh briseadh ag an Dubs anois go dtí an chéad chluiche sraithe in aghaidh Chill Dara, i bPáirc an Chócaigh, ar an Satharn 27 Eanáir. Rinne Paul Clarke jab maith arís i mbliana agus níl aon amhras ach go mbeidh Jim Gavin sásta lena chuid tuairiscí maidir le taispeántais Emmet Uí Chonghaile, Colm Basquel, Paddy Small agus Brian Howard, ach go háirithe.

Bímís buíoch de Paul Clarke. Ar aghaidh linn. Na Dubs abú!

Áth Cliath: JB Carthy, R McGowan, C Wilson, E O’Brien, D Devereux, S McMahon, G Hannigan, E Ó Conghaile (0-02), S Ryan, G Seaver, C Basquel (0-05), G O’Reilly (0-01), A Rogers (0-01), B Howard (0-01), P Small (0-03)

Ionadaithe: S Carthy do S Ryan, R Deegan do S Carthy, A McGowan do G O’Reilly, D Kennedy do R McGowan, C Doyle do G Hannigan, K Callaghan (0-01) do D Devereux, T Quinn do G Seaver, C Carthy do A Rogers, N Walsh do C Carthy

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s