Áth Cliath 4-16 Aontroim 0-17

Craobh Chorn an Bhreathnaigh, Páirc Pharnell, 7 Eanáir, 2018

Bhí tús mall ag na Dubs leis an gcluiche seo in aghaidh Aontroma, ar an Domhnach, 7 Eanáir, 2018, ach bhí bua compordach acu sa deireadh. D’imir siad cluiche dúshlánach in aghaidh Thiobraid Árann an lá roimhe agus bhí go imreoirí ann a thosaigh an dá chluiche. Ba léir, mar sin, gur tuirse ba chúis leis an tús mall a bhí acu.

17951742_1676531402376257_8747405650255707015_n

An Chéad Leath

Ba ag muintir Aontroma a bhí an lámh in uachtar ar an gcéad chuid den chluiche seo agus bhí siad chun tosaigh ar scór 0-05 go dtí 0-00 théis 6 nóiméad. Mhúscail sé sin na Dubs, áfach, agus d’aimsigh siad 1-05 taobh istigh de 8 nóiméad gan fhreagra. Paul Crummey a fuair an cúl do na Dubs. D’aimsigh Áth Cliath cúl eile ó Paul Winters sa 25ú nóiméad agus chríochnaigh sé an leath le 1-04. D’aimsigh Neil McManus 0-07 do na hUltaigh. Scór leathama: 2-09 Aontroim 0-09.

An Dara Leath

D’aimsigh Alan Moore dhá chúl do na Dubs sa gcéad 8 nóiméad den dara leath. Chinntigh sé sin an bua do na Dubs. Choinnigh Aontroim orthu ag aimsiú cúilíní ach bhí an dochar déanta leis an gceithre chúl a d’aimsigh fir Pat Gilroy. Scór deiridh: Áth Cliath 4-16 Aontroim 0-17.

Amach Anseo

Davy Fitzgerald agus Loch Garman a bheidh mar chéilí comhraic ag na Dubs anois i gcluiche leathcheannais Chraobh Chorn an Bhreathnaigh. Fuair na Carmanaigh an ceann is fearr ar na Dubs sa gcomórtas seo anuraidh agus tabharfaidh sé seo deis do na Dubs díoltas a bhaint amach.

Dea-scéal é don lucht bainistíochta go bhfuil Conal Keany théis filleadh ar an bpainéal. D’fhéadfadh na himreoirí óga ar an bpainéal go leor a fhoghlaim uaidh.

Ar aghaidh linn. Na Dubs abú!

Áth Cliath: G Maguire, P Smyth, B O’Carroll, C Hendricksen, S Barrett, D Kelly, C Crummey, J McCaffrey (0-01), T Connolly, C Costello, D Gray (0-03), P Crummey (1-01), A Moore (2-01), P Winters (1-04), R Mahon (0-06)

 Ionadaithe: R Smith do T Connolly, C McBride do P Winters, S Ó Riain do P Crummey, C Ryan do C Costello

 

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s