Craobhchomórtas Chorn an Bhreathnaigh, Páirc Pharnell, 14 Eanáir, 2018
Nuair a cuireadh Paul Winters den pháirc sa 45ú nóiméad athraíodh an cluiche seo ó bhonn. Bhí na Dubs cúig chúilín chun tosaigh ach d’aimsigh Loch Garman 1-10 ina dhiaidh sin, agus níor aimsigh na Dubs ach cúilín amháin idir an dá linn. Níl aon amhras faoi ach go mbeidh díomá ar Pat Gilroy faoi sin.
Beidh Davy Fitz agus na Carmanaigh sásta. Bhuaigh siad ar na Dubs sa gcomórtas seo don dara bliain i ndiaidh a chéile agus tabharfaidh sé sin misneach dóibh nuair a chasfas na foirne ar a chéile i gCraobh Laighean níos faide anonn.
An Chéad Leath
Bhí an dá fhoireann gob ar ghob le linn chéad leath an chluiche seo agus d’aimsigh an dá fhoireann roinnt scóranna deasa. Ina measc siúd a d’aimsigh scóranna do na Dubs bhí Paul Winters le 0-06, Dónal Burke le 0-02, agus ceann an duine ó Fergal Whitely, Danny Sutcliffe agus ó Chian McBride. Chuaigh na Dubs isteach trí chúilín chun tosaigh ag an mbriseadh a bhuíochas le dhá scór ó Burke in am cúitimh gortaithe. Scór leathama: Áth Cliath 0-11 Loch Garman 0-08.
An Dara Leath
Bhí tús maith ag na Dubs leis an dara leath agus bhí siad chun tosaigh ar scór 0-15 go dtí 0-10 tar éis 44 nóiméad. Tharla eachtra chinniúnach an chluiche ina dhiaidh sin, áfach. Cuireadh Paul Winters den pháirc do na Dubs sa 45ú nóiméad, théis dó an dara carta buí a fháil.
Níl aon cheist ach go mbeidh díomá ar an bhfoireann bainistíochta maidir leis an gcaoi ar thit an tóin as na Dubs théis gur cuireadh Paul Winters den pháirc.
Ní raibh aon fhreagra ag na Dubs ar an síorionsaí a rinne Loch Garman orthu, ina dhiaidh sin. D’aimsigh foireann Davy Fitzgerald 1-10 gan aon fhreagra ó na Dubs. Níor éirigh leo scór ar bith eile a fháil go dtí am cúitimh gortaithe nuair a d’aimsigh Whitely cúilín dóibh. Ba é Cathal Dunbar a d’aimsigh an cúl sin do na Carmanaigh go gairid théis do Winters an pháirc a fhágáil. Scór deiridh: Loch Garman 1-20 Áth Cliath 0-16.
Amach Anseo
Níl aon cheist ach go mbeidh díomá ar an bhfoireann bainistíochta maidir leis an gcaoi ar thit an tóin as na Dubs théis gur cuireadh Paul Winters den pháirc. Mar sin féin, bhí go leor comharthaí dearfacha ann ó thús Chraobh Chorn an Bhreathnaigh. Tá neart cúl aimsithe acu. Tá cuma aclaí orthu. Tá go leor imreoirí le filleadh. Tá go leor imreoirí nár imir ar chor ar bith anuraidh ar ais. Cúis dóchais don tSraith agus don bhliain amach romhainn iad na rudaí seo.
Ar aghaidh linn. Na Dubs abú!
Áth Cliath: A Nolan, P Smyth, B O’Carroll, C Hendricksen, S Barrett, D Kelly, C Crummey, J McCaffrey (0-01), T Connolly, D Sutcliffe (0-01), F Whitely (0-03), P Crummey, A Moore, P Winters (0-06), D Burke (0-04)
Ionadaithe: C McBride (0-01) do S Barrett, D Gray do P Crummey, E Dillon do D Sutcliffe, R Mahon do T Connolly, J Madden do J McCaffrey, S Ó Riain do D Burke, J Hetherton do A Moore
Beidh feabhas le teacht, bíonn sé deacair dul i dtaithí ar chóras nua! Ceapaim féin go mbeadh dearcadh níos dearfaí le feiceáil ar an bpáirc i mbliana!
MoladhMolta ag 1 person
Cinnte. Cabhróidh na himreoirí atá tar éis teacht ar ais go mór leis an dream óg agus is léir go mbeidh imreoirí nua ann i mbliana.
MoladhMoladh