Pat Gilroy, Na hIománaithe agus Mórspriocanna 2018

Cuirfidh na Dubs tús leis an tsraith iomána anocht, 27 Eanáir, in aghaidh Uíbh Fhailí i bPáirc an Chrócaigh. Seo chugaibh spléachadh sciobthaí, mar sin, ar mhórspriocanna iománaithe Pat Gilroy don bhliain amach romhainn.

Ác v An Mhí Gilroy

Ní bheidh móran brú ar na Dubs i mbliana, rud a thabharfas seans do Gilroy foireann iomaíoch a chur le chéile. Níl ó lucht leanta na Dubs ach go ndéanfar dul chun cinn le linn 2018 agus go mbeidh a bhfoireann iomaíoch an athuair.

Dá mbeadh na foirne á gcur in ord bunaithe ar a gcuid taispeántas anuraidh is sa naoú háit a bheadh na Dubs. Chruthaigh Gaillimh, Port Láirge, Tiobraid Árann, Corcaigh, Cill Chainnigh, An Clár, Loch Garman agus Luimneach níos fearr ná iad ina gcuid cluichí. Cúlú mór a bhí ann i 2017 do na Dubs agus beidh lucht iomána na príomhchathrach ag súil go gcuirfear deireadh leis an gcúlú sin ón tús. Beidh siad ag súil go mbeadh na Dubs sa séú nó sa seachtú háit ag deireadh 2018 – ar a laghad. Níl aon chúis nach bhféadfadh le foireann Pat Gilroy breith suas le leithéidí Loch Garman, an Clár agus Luimneach.

Tá foireann nua á tógáil aige agus caithfidh muintir Bhaile Átha Cliath a thuiscint go dtógfaidh sé roinnt mhaith ama air.

Níor bhuaigh na Dubs ach 4 cluiche ar fad anuraidh – in aghaidh Cheatharlach agus UCD i gCraobh an Bhreathnaigh, in aghaidh Chorcaí sa tSraith agus in aghaidh Laoise i gcluiche cáilithe de chuid Chraobh na hÉireann. De bharr go bhfuil na Dubs ag imirt i Roinn 1b de chuid na Sraithe Náisiúnta i mbliana agus go bhfuil leagan amach nua ar Chraobh Laighean bheifeá ag súil go mbuafaidís i bhfad níos mó cluichí ná sin i mbliana. Ba cheart go dtiocfadh mórtas, misneach is muinín as na buanna sin.

Tá foireann an-óg ag na Dubs ach cheapfá go mbeadh ‘filleadh na seanimreoirí’ ina chabhair mhór ag an dream óg agus iad ag iarraidh na spriocanna éagsúla a leagfar síos dóibh a bhaint amach. Níl aon amhras ach go mbeidh ról ar leith ag leithéidí Conal Keaney, Johnny McCaffrey agus Danny Sutcliffe ar an bpainéal. Tá Gilroy ag tógail foirne agus beidh cabhair na n-imreoirí sin an-tábhachtach dhó.

An tSraith Náisiúnta

Imreoidh na Dubs in aghaidh Uíbh Fhailí i bPáirc an Chrócaigh anocht agus in aghaidh na Gaillimhe i bPáirc Pharnell ar 25 Feabhra. Beidh turais bóthair rompu go hAontroim ar 4 Feabhra, go Luimneach ar 17 Feabhra agus go Laois ar 4 Márta. Ba cheart go bhfaigheadh na Dubs an ceann is fearr ar Uíbh Fhailí, ar Aontroim agus ar Laois. Bheifeá dóchasach go mbeadh seans maith acu in aghaidh Luimnigh. Ní bheadh mórán ann a thabharfadh seans dóibh in aghaidh na Gaillimhe, áfach. Mar sin féin, bheadh Gilroy míshásta, agus cúis mhaith aige, mara mbeadh siad in ann cluiche deacair a thabhairt dóibh. Beidh sé mar sprioc ag na Dubs a bheith iomaíoch sa gcluiche seo.

17

Ba cheart go gcríochnódh na Dubs sa dara nó sa tríú háit i Roinn 1b. Thabharfadh sé sin cluiche ceathrú ceannais dóibh in aghaidh na mbuaiteoirí, nó an dream a tháinig sa dara háit i Roinn 1a. Ní bheifeá ag súil go mbuafadh na Dubs an cluiche ach, arís eile, bheadh sé de sprioc ag Gilroy agus a fhoireann bainistíochta a bheith iomaíoch sa gcluiche sin agus seans a thabhairt dóibh féin.

Bheadh lucht leanta na Dubs an-sásta dá n-éireodh lena bhfoireann an bua a fháil ar Luimneach sa tsraith agus na cluichí eile a bhuachan – seachas an cluiche in aghaidh na Gaillimhe. Ní bheidh sé éasca an bua a fháil ar Luimneach, ach go háirithe agus imreoirí Chuala ar iarraidh, ach ná déanaimis dearmad go mbeidh imreoirí na bPiarsach ar iarraidh ó phainéal Luimnigh, freisin.

Craobh Laighean

De bharr na n-athruithe móra i struchtúir Chraobh Iomána Laighean beidh neart cluichí ag na Dubs inti. Tá Craobhacha Laighean is na Mumhan á n-eagrú ar bhonn grúpaí anois, dar ndóigh. Tosóidh na Dubs le cluiche in aghaidh Chill Chainnigh i bPáirc Pharnell ar 13 Bealtaine. Ina dhiaidh sin, beidh cluiche as baile acu in aghaidh Loch Garman ar 20 Bealtiane. Beidh cluiche baile acu in aghaidh Uíbh Fhailí ar 3 Meitheamh agus beidh an cluiche deireanach acu in aghaidh churaidh an hÉireann, Gaillimh, i Staid an Phiarsaigh ar 9 Meitheamh.

…is féidir a bheith cinnte go mbeidh na Dubs ag breathnú ar na cluichí in aghaidh na gCat agus na gCarmanach mar phríomhchluichí an tsamhraidh.

Má chríochnaíonn na Dubs sa gcéad nó sa dara háit sa ngrúpa gabhfaidh siad ar aghaidh díreach go dtí cluichí ceathrú ceannais na hÉireann. Mar sin, is féidir a bheith cinnte go mbeidh na Dubs ag breathnú ar na cluichí in aghaidh na gCat agus na gCarmanach mar phríomhchluichí an tsamhraidh.

Má thagann siad sa tríú háit sa ngrúpa, agus bheifeá ag súil go bhfaigheadh na foirne uilig sa ngrúpa an ceann is fearr ar Uíbh Fhailí (tá mé cinnte nach n-aontódh muintir Uíbh Fhailí liom!!), imreoidh siad in aghaidh ceann de na foirne a bhaineann an babhta ceannais de Chorn Sheosaimh Mhic Dhonncha amach. Gabhfaidh na buaiteoirí sa gcluiche sin ar aghaidh chuig cluichí ceathrú ceannais na hÉireann. Is iad Ciarraí, Aontroim, Ceatharlach, Laois, An Mhí agus an Iarmhí a ghlacfas páirt i gCorn Sheosaimh Mhic Dhonncha i mbliana.

Mórspriocanna

Idir an tSraith agus an Chraobh beidh neart cluichí ag Pat Gilroy agus a fhoireann. Mar sin, beidh go leor ama aige teacht ar an bhfoireann is fearr atá aige. Tá foireann nua á tógáil aige agus caithfidh muintir Bhaile Átha Cliath a thuiscint go dtógfaidh sé roinnt mhaith ama air.

17951742_1676531402376257_8747405650255707015_n

Mar sin féin, le lucht leanta na Dubs a shásamh caithfidh siad a bheith iomaíoch in aghaidh na bhfoirne is fearr i mbliana. Caithfidh siad an bua a fháil ar Loch Garman sa tSraith agus sa gCraobh. Beidh siad ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar Luimneach sa tSraith agus teacht aniar aduaidh ar na Cait sa gcéad chluiche i gCraobh Laighean. Dá n-éireodh leo an méid sin a dhéanamh bliain iontach a bheadh ann.

Bheadh áit i gcluiche ceathrú ceannais na Sraithe agus na Craoibhe sásúil mar chéad bhliain ach chaithfidís taispeántais mhaithe a thabhairt sna cluichí ceathrú ceannais sin. Tá muid ar bís agus muid ag súil leis an ré nua seo d’iománaíocht Átha Cliath. Ar aghaidh linn. Na Dubs abú! Pat Gilroy abú!

Cluichí Amach Romhainn

 An tSraith Náisiúnta

Áth Cliath v Uíbh Fhailí, 27/01

Aontroim v Áth Cliath, 04/02

Luimneach v Áth Cliath, 17/02

Áth Cliath v Gaillimh, 25/02

Laois v Áth Cliath, 04/03

Craobh Laighean

Áth Cliath v Cill Chainnigh, 13/05

Loch Garman v Áth Cliath, 20/05

Áth Cliath v Uíbh Fhailí, 03/06

Gaillimh v Áth Cliath, 09/06

 

 

Advertisements

2 thoughts on “Pat Gilroy, Na hIománaithe agus Mórspriocanna 2018

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

w

Ceangal le %s