Áth Cliath 2-17 Cill Dara 2-10

Páirc Pharnell, 27 Eanáir, 2018

Bhí tus maith leis an mbliain ag peileadóirí Átha Cliath nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Chill Dara, Dé Sathairn seo caite, 27 Eanáir os comhair 26,027. Bhí sé soiléir ón taispeántas a thug na Dubs sa gcéad leath nach bhfuil siad ar ais ag traenáil le chéile rófhada ach, a mhac go deo, d’imir siad go maith sa dara leath. Chuir siad go leor pasanna amú sa gcéad leath ach tháinig athrú mór air sin sa dara leath agus d’imir siad peil iontach.

Bhí Brian Fenton go hiontach do na Dubs. Thug Kevin Feeley am deacair dó i gcluiche ceannais Chúige Laighean anuraidh agus bhí sé soiléir go raibh Fenton ag iarraidh rudaí a chur ina gceart sa gcluiche seo. Bhí cluiche iontach ag an bhfear lár páirce agus chríochnaigh sé an cluiche le 1-03.

Fenton

Beidh se d’aidhm ag Cill Dara fanacht i Roinn 1 agus an bhearna idir na Dubs agus contaetha eile chúige Laighean a dhúnadh i mbliana. Mar sin, beidh Cian O’Neill sásta go leor le hiarrachtaí a fhoirne.

An Chéad Leath

Thosaigh Cill Dara go maith agus tar éis 8 nóiméad bhí siad 1-01 go dtí 0-00 chun tosaigh. Luke Flynn a d’aimsigh an cúl do na Lilí. Dhúisigh sé sin na Dubs, áfach, agus d’éirigh leo an chéad chúig scór eile a aimsiú – dhá chúilín ó Dean Rock agus ceann an duine ó Niall Scully, Ciarán Kilkenny agus ó Bernard Brogan. Bhí an lámh in uachtar ag Cill Dara don chuid eile den chéad leath agus chuaigh siad isteach chun tosaigh ag an mbriseadh. Scór leathama: Cill Dara 1-06 Áth Cliath 0-07.

An Dara Leath

Tháinig na Dubs amach sa dara leath agus rinne siad scrios ceart de Chill Dara don chéad 25 nóiméad. D’éirigh leo 2-08 a aimsiú agus níor éirigh le Cill Dara ach cúilín amháin a aimsiú idir an dá linn. Bhí na Dubs thar cionn le linn an ama sin agus Brian Fenton lárnach i ngach rud maith a rinne siad. D’aimsigh Rock an chéad chúl sa 44ú nóiméad agus d’aimsigh Fenton an dara ceann nóiméad ina dhiaidh sin. Fenton, Brian Howard, Colm Basquel, Scully agus John Small a d’aimsigh na cúilíní. D’éirigh le Cill Dara snas a chur ar chlár na scór nuair a d’aimsigh siad 1-01 in am cúitimh gortaithe. Daniel Flynn a fuair an cúl. Scór deiridh: Áth Cliath 2-17 Cill Dara 2-10.

Laoch na hImeartha: Brian Fenton

Amach Anseo

Tabharfaidh na Dubs aghaidh ar Pháirc Uí Éalaithe anocht don chéad chluiche eile sa tSraith in aghaidh Thír Eoghain. Níl aon amhras ann ach go ngabhfaidh Jim Gavin is a fhoireann ann breá sásta leis an taispeántas a thug siad sa dara leath in aghaidh Chill Dara. Tá sé soiléir ón méid atá ráite ag leithéidí Gavin agus Dean Rock le roinnt míonna anuas go raibh an-díomá ar na Dubs gur chaill siad an tsraith anuraidh. Beidh siad dírithe agus réidh í a bhuachan in athuair i mbliana.

Tá sé iontach go bhfuil an sraith ar ais. Ar aghaidh linn. Na Dubs abú.

Áth Cliath: S Cluxton, M Fitzsimons, D Byrne, D Daly, J Cooper, J McCarthy, J Small (0-01), B Fenton (1-03), MD Macauley, N Scully (0-02), C Kilkenny (0-02), B Howard (0-02), C Basquel (0-03), D Rock (1-02), B Brogan (0-01)

Ionadaithe: K McManamon (0-01) do MD Macauley, E Lowndes do J Cooper, P Mannion do D Rock, P McMahon do M Fitzsimons, C O’Shea do D Daly, P Andrews do B Brogan

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s