Uíbh Fhailí 2-25 Áth Cliath 1-15

Páirc an Chrócaigh, 27 Eanáir, 2018

Tá go leor leor oibre le déanamh ag foireann seo Átha Cliath agus bhí sé sin le feiceáil go glé glinn i bPáirc an Chrócaigh, Dé Sathairn seo caite, 27 Eanáir, 2018. Beidh jab an-deacair ag na Dubs a ghabháil a fhad le cluichí ceathrú ceannais na sraithe anois, tar éis do Uíbh Fhailí an bua a fháil orthu ar scór 2-25 go dtí 1-15. Chuaigh foireann óg gan mhórán taithí chun páirce do Pat Gilroy ach bhí an taispeántas a thug siad an-díomách. Ní raibh siad aclaí a dhóthain. Fuair imreoirí Uíbh Fhailí an ceann is fearr orthu fud fad na páirce.

Tá go leor leor oibre le déanamh ag foireann seo Átha Cliath agus bhí sé sin le feiceáil go glé glinn i bPáirc an Chrócaigh

Bhí na Dubs ag súil leis an gcluiche seo a bhuachan, in ainneoin gur thug Uíbh Fhailí an-chluiche do Chill Chainnigh i gCraobh Chorn Uí Bhroin i mbliana. Ba é seo an chéad bhua a bhí ag lucht an Chontae Dhílis sa tSraith, i bPáirc an Chrócaigh, ó 1991 i leith. Ba é an chéad bhua a bhí acu i gcomórtas ar bith ann ó 2005 i leith. Cá bhfios ach go bhfuil siad ag teacht in athuair?

UF 1An Chéad Leath

Thosaigh muintir Uíbh Fhailí an cluiche seo go láidir agus tar éis 14 nóiméad bhí siad chun tosaigh ar scór 0-06 go dtí 0-03. Bhabhtáil na foirne cúpla scór ina dhiaidh sin go dtí gur aimsigh Paul Winters cúl do na Dubs sa 24ú nóiméad. D’aimsigh Dónal Burke cúilín dóibh nóiméad ina dhiaidh sin agus bhí na foirne cothrom ar scór 1-07 go dtí 0-10. Chríochnaigh Uíbh Fhailí an leath mar a thosaigh siad é, áfach, agus d’aimsigh siad sé cinn den chéad seacht scór eile.

I measc scórálaithe Átha Cliath bhí Burke le trí chúilín, Winters leis an gcúl agus Alan Moore le dhá chúilín. Sheas Joe Bergin, na deartháireacha Egan, Dan Currams agus Shane Kinsella, ach go háirithe, amach do fhir Uíbh Fhailí. Scór leathama: Uíbh Fhailí 0-16 Áth Cliath 1-08

An Dara Leath

Ó thús an dara leath rinne na Dubs iarracht Eamonn Dillon a aimsiú sna tosaithe gar do thaobhlíne Ardán Uí Chíosóig. D’éirigh leis an teaictic seo go pointe, ach, bhí muintir na príomhchathrach i dtrioblóid cheart nuair a d’aimsigh Shane Dooley cúl ó phoc éirice do Uíbh Fhailí sa 39ú nóiméad. Chuir sé sin Uíbh Fhailí chun tosaigh ar scór 1-17 go dtí 1-10. D’aimsigh na Dubs cúpla scór ina dhiaidh sin, ach, mar a tharla in aghaidh Loch Garman, níor aimsigh siad ach cúilín amháin sa gceathrú deireanach. D’aimsigh Uíbh Fhailí 1-06 sa gceathrú céanna. Caithfidh Gilroy tabhairt faoin bhfadhb seo mar phríoracht.

I measc na scórálaithe do na Dubs bhí Burke le péire agus ceann an duine ó Dillon, Niall McMorrow, John Hetherton agus ó Ronan Smith. Bhí Shane Dooley damanta do Uíbh Fhailí agus d’aimsigh 1-05 dóibh sa dara leath. Bhí an-lá ag fir Kevin Martin. Scór deiridh: Uíbh Fhailí 2-25 Áth Cliath 1-15.

UI 2

Amach Anseo

Tá jab fíordheacair roimhe Gilroy anois ach, ar bhealach, ní haon dochar cluiche a chailleadh ar an gcaoi seo. ‘Speáinfidh sé do chuile dhuine, a bhfuil baint acu leis an bpainéal, cé chomh mór is atá an dúshlán amach rompu. Mar sin féin, is cúis dóchais go bhfuil roinnt mhaith imreoirí le filleadh ó ghortuithe – gan a bheith ag trácht ar imreoirí Chuala atá le filleadh, freisin.

Beidh Danny Sutcliffe ar ais don chéad chluiche sraithe eile in aghaidh Aontroma, Dé Domhnaigh seo chugainn. Tháinig Niall McMorrow agus Conal Keany isteach ón mbinse in aghaidh Uíbh Fhailí agus d’éirigh go réasúnta maith leo. Neartóidh an fhoireann tosaithe de réir mar a théann an bhliain ar aghaidh.

Tosóidh muid ón tús arís Dé Domhnaigh. Ar aghaidh linn. Na Dubs abú.

Áth Cliath: A Nolan, P Smyth, B O’Carroll, C Henricksen, S Barrett, C McBride, C Crummey (0-01), J McCaffrey, T Connolly, R Smith (0-01), F Whitely (0-01), D Burke (0-06), A Moore (0-02), P Winters (1-01), F Ó Riain-Broin

Ionadaithe: E Dillon (0-01), do F Ó Riain-Broin, N McMorrow (0-01) do J McCaffrey, C Keaney do A Moore, J Hetheron (0-01) do P Winters, J Madden do C Henricksen

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s