Áth Cliath 2-13 Tír Eoghain 1-11

Páirc Uí Éalaithe, 3 Feabhra, 2018

Bhí an patrún céanna le feiceáil sa gcluiche seo, a imríodh os comhair 9,465 Dé Sathairn seo caite, 3 Feabhra, is a bhí i gcéad chluiche sraithe na Dubs in aghaidh Chill Dara i bPáirc an Chrócaigh. Thosaigh Tír Eoghain go tréan agus níorbh fhada go raibh siad 1-01 go dtí 0-00 chun tosaigh ar na Dubs. Dhúisigh sé sin na Dubs, áfach, agus tháinig siad ar ais go tréan agus rinne siad scrios sa dara leath. Beidh Jim Gavin an-sásta lena fhoireann théis an bhua seo. Níor chuir curaidh na hÉireann ach dhá sheans ar foraoil sa gcluiche ar fad.

Níor chuir curaidh na hÉireann ach dhá sheans ar foraoil sa gcluiche ar fad.

Tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil Mickey Harte fós ag gabháil i muinín teaicticí cosantacha in ainneoin an léasadh a thug na Dubs dóibh i gcluiche leathcheannais na hÉireann anuraidh. Tar éis gur tógadh Stephen O’Neill isteach ar an bhfoireann bainistíochta bhí go leor den tuairim go mbeadh na hUltaigh níos dearfaí ina gcuid imeartha. Beidh le feiceáil cén stíl imeartha a bheidh acu nuair a thiocfas an samhradh.

ÁC v TE

An Chéad Leath

Bhí tús iontach ag Tír Eoghain, agus ag Cathal McShane ach go háirithe, leis an gcluiche seo agus tar éis 4 nóiméad bhí siad chun tosaigh ar scór 1-01 go dtí 0-00 a bhuíochas do McShane. Dhúisigh sé sin na Dubs, áfach, agus tar éis 22 nóiméad bhí an bhearna laghdaithe ag fir na príomhchathrach go dtí cúilín amháin. D’aimsigh Ciarán Kilkenny cúl do Áth Cliath – 1-04 go dtí 1-03. Bhabhtáil na foirne cúpla scór idir sin agus an briseadh agus cúpla ceann ó Peter Harte agus ó Chiarán Kilkenny ina measc. Scór leathama: Tír Eoghain 1-07 Áth Cliath 1-05.

An Dara Leath

Mar a tharla sa gcéad chluiche sraithe in aghaidh Chill Dara d’fheabhsaigh na Dubs go mór sa dara leath. Tar éis 50 nóiméad bhí siad chun tosaigh ar scór 1-10 go dtí 1-07 agus níor aimsigh Tír Eoghain a gcéad scór go dtí an 62ú nóiméad. D’aimsigh Dean Rock, James McCarthy, Brian Fenton, Kevin McManamon agus Kilkenny scóranna do na Dubs sa gcéad cheathrú den dara leath.

DUB vTE

In ainneoin gur cuireadh Niall Scully den pháirc nuair a bronnadh an dara cárta buí air sa 46ú nóiméad, níor éirigh le foireann Mickey Harte ach ceithre scór a aimsiú sa dara leath. Chríochnaigh na Dubs an-láidir agus d’éirigh le beirt ionadaithe – Colm Basquel agus Eoghan O’Gara – 1-03 a aimsiú sa deich nóiméad dheireanacha. Fuair O’Gara an cúl agus fuair Basquel na trí cúilíní. Níl aon amhras ach go mbeadh Jim Gavin sásta leis sin. Chríochnaigh Lee Brennan an cluiche le sé chúilín do Thír Eoghain. Scór deiridh: Áth Cliath 2-13 Tír Eoghain 1-11.

Amach Anseo

Is iad na Conallaigh a bheidh mar chéilí comhraic ag na Dubs sa gcéad chluiche eile, Dé Sathairn seo chugainn, i bPáirc an Chrócaigh. Tá na Conallaigh ag imirt an-pheil go dtí seo i mbliana agus Paddy McBrearty ag seasamh amach dóibh, ach go háirithe. Ba cheart go mbeadh cluiche réasúnta oscailte ann agus Declan Bonner ag leagan béime ar pheil oscailte i gcluichí na gConallach go dtí seo.

Tá ag eirí le Gavin a phainéal a choinneáil láidir.

Níl aon amhras ach go mbeadh Gavin sásta le taispeántais Brian Howard agus Colm Basquel i mbliana. Comhartha maith is ea an dul chun cinn atá déanta acu ó thús na bliana, do sheansanna na Dubs níos faide anonn sa samhradh. Tá ag eirí le Gavin a phainéal a choinneáil láidir.

Tábla na Sraithe 1

  I B CS C S G D P
Áth Cliath 2 2 0 0 4-30 3-21 12 4
Gaillimh 2 2 0 0 2-21 0-22 5 4
Ciarraí 2 2 0 0 3-33 5-23 4 4
Muineachán 2 1 0 1 1-22 0-25 0 2
Maigh Eo 2 1 0 1 2-22 1-27 -2 2
Dún na nGall 2 0 0 2 3-28 3-30 -2 0
Cill Dara 2 0 0 2 2-22 3-27 -8 0
Tír Eoghain 2 0 0 2 1-19 3-22 -9 0

Ar aghaidh linn. Na Dubs abú!

Áth Cliath: S Cluxton, P McMahon, M Fitzsimons, D Daly, J McCarthy (0-01), J Cooper, J Small, B Fenton (0-01), MD Macauley, N Scully, C Kilkenny (1-02), B Howard, K McManamon (0-02), P Mannion, D Rock (0-04) 

Ionadaithe: D Byrne do J Small, P Andrews do K McManamon, C Basquel (0-03) do P Mannion, E O’Gara (1-00) do D Rock, S Carthy do J McCarthy, E Lowndes do B Fenton

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s