Deireadh le Bliain Bernard Brogan?

Tuairiscíodh i roinnt de na meáin chlóite ar maidin go bhfuil seans mór ann nach n-imreoidh Bernard Brogan do na Dubs arís i mbliana. Bhí Brogan ainmnithe le tosú in aghaidh Dhún na nGall tráthnóna Dé Sathairn seo caite ach fógraíodh, nóiméad roimh thús an chluiche, go mbeadh Paddy Andrews ag imirt ina áit. Is cosúil gur gortú ballnaisc chroisigh (cruciate ligament) ba chúis leis an athrú. Níl sé soiléir, ag an bpointe seo, an gortú é seo a fuair Bernard i dtosach ag seisiún traenála le linn na seachtaine nó díreach roimh an gcluiche agus é ag téamh suas, Dé Sathairn.

Bernard Brogan 12/7/2015

Buille mór millteach é seo do Jim Gavin agus do lucht leanta na Dubs más fíor na scéalta seo. Bhí sé ag imirt go maith agus bhí sé soiléir go raibh sé réidh don dúshlán a áit a fháil ar ais ar an bhfoireann tosaithe. Tá Bernard, a bheidh 34 i mbliana, ar dhuine de imreoirí a linne. Tá cúig cinn de Chraobhacha uile-Éireann buaite aige. Tá ceithre Ghradam Sárimreora buaite aige. Ainmníodh é mar laoch na himeartha i gcluiche ceannais na hÉireann in aghaidh Mhaigh Eo i 2013, théis dó 2-03 a aimsiú sa gcluiche. Roghnaigh a chomhimreoirí é mar Imreoir na Bliana sa mbliain 2010.

Tá súil le Dia ag lucht leanta Átha Cliath nach bhfuil a ndeireadh feicthe acu de Bernard Brogan. Gach rath air agus é ag iarraidh teacht ar ais ón ngortú seo.

 

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

w

Ceangal le %s