Áth Cliath 0-23 Aontroim 0-22

An tSraith Náisiúnta, Páirc Uí Chorragáin, 4 Feabhra, 2018

Ghnóthaigh na Dubs dhá phointe thábhachtacha sa tSraith Náisiúnta in aghaidh Aontroma i bPáirc Uí Chorragáin, Dé Domhnaigh, 4 Feabhra. Bhuaigh siad ach ba ar éigean é! Ba cheart go mbeadh bua níos éasca acu, ach faoi mar a tharla go minic anuraidh agus in aghaidh Loch Garman is Uíbh Fhailí i mbliana, níor éirigh leo mórán scóranna a aimsiú sa gceathrú deireanach den chluiche. Rinne Aontroim slad ar na Dubs le linn an ama sin. An fadhb aclaíochta atá anseo? Ní bhfaighidh tú freagra na ceiste anseo ach is cinnte go gcaithfidh Pat Gilroy é seo a chur ina cheart má tá a fhoireann le dul chun cinn a dhéanamh i mbliana.

…chuaigh siad isteach chun tosaigh ar scór 0-14 go dtí 0-08 ag an mbriseadh. Bhí an chuma ar an scéal go mbeadh lá éasca ag na Dubs, ach ní mar a shíltear a bhítear!

Rinne foireann bainistíochta Átha Cliath roinnt mhaith athruithe don chluiche seo ón bhfoireann a thosaigh in aghaidh Uíbh Fhailí an tseachtain roimhe. Thosaigh Conal Keaney, Eoghan O’Donnell, James Madden, Danny Sutcliffe, Eamonn Dillon agus Paul Ryan in áit Cian Hendricken, Johnny McCaffrey, Ronan Smyth, Alan Moore, Paul Winters agus Fionn Ó Riain-Broin. Tháinig Liam Rushe isteach ón mbinse sa dara leath lena chéad chluiche a imirt leis na Dubs i mbliana. Ábhar dóchais go bhfuil an painéal ag gabháil ó neart go neart, ach tá cluichí ag teastáil go géar ó chuid de na himreoirí.

Reserv
Tógtha ó Reservoir Dubs

 

An Chéad Leath

Ní raibh móran idir na foirne don chéad 25 nóiméad den chluiche seo agus, ag an bpointe sin, ba iad fir an ghleanna a bhí chun tosaigh ar scór 0-08 go dtí 0-07. Ba iad Paul Ryan (0-03), Dónal Burke (0-03) agus Fergal Whitely (0-01) a fuair scóranna na Dubs. Chríochnaigh na Dubs an leath an-láidir, áfach, agus chuaigh siad isteach chun tosaigh ar scór 0-14 go dtí 0-08 ag an mbriseadh. Bhí an chuma ar an scéal go mbeadh lá éasca ag na Dubs, ach ní mar a shíltear a bhítear!

An Dara Leath

Bhí tús maith ag Aontroim leis an dara leath, ach, nuair a d’aimsigh na Dubs ceithre scór i ndiaidh a chéile idir an 40ú agus an 45ú nóiméad cheap lucht leanta na Dubs go raibh an cluiche seo thart. Bhí siad chun tosaigh ar scór 0-19 go dtí 0-12. Cén fáth nach gceapfadh?

Ghlac Aontroim smacht ar an gcluiche sa gceathrú deireanach, áfach, agus tháinig siad i bhfoisceacht cúilín amháin de chomhscór a fháil. Níor éirigh leis na Dubs ach dhá scór a aimsiú théis an 53ú nóiméad. D’aimsigh Aontroim seacht gcinn le linn an ama sin. Tháinig dara scór na Dubs, agus scór deireanach an chluiche, sa 74ú nóiméad ó Dhónal Burke. B’in a ghnóthaigh an cluiche do fhoireann na príomhchathrach. D’aimsigh Neil McManus 0-10 do Aontroim. Chríochnaigh Ryan le 0-08 agus Burke le 0-07 do na Dubs. Scór deiridh: Áth Cliath 0-23 Aontroim 0-22.

 

Tábla na Sraithe 1B

  I B CS C S G D P
Luimneach 2 2 0 0 2-49 0-28 27 4
Gaillimh 2 2 0 0 3-37 1-33 10 4
Uíbh Fhailí 2 1 0 1 2-35 2-39 -4 2
Áth Cliath 2 1 0 1 1-38 2-47 -12 2
Aontroim 2 0 0 2 1-38 1-42 -4 0
Laois 2 0 0 2 0-35 3-43 -17 0

Amach Anseo

Bhí an bua seo fíorthábhachtach do na Dubs, théis gur chaill siad in aghaidh Uíbh Fhailí. Má fhaigheann siad an ceann is fearr ar Laois sa gcluiche deireanach den tSraith éireoidh leo gabháil ar aghaidh go dtí na cluichí ceathrú ceannais. Beidh dhá chluiche acu roimh an gcluiche sin. Imreoidh siad in aghaidh Luimnigh an deireadh seachtaine seo chugainn agus imreoidh siad in aghaidh na Gaillimhe an tseachtain ina dhiaidh sin.

Caithfidh siad taispeántais mhaithe a thabhairt in aghaidh Luimnigh is na Gaillimhe le muinín a thógail i measc na n-imreoirí. Ar aghaidh linn. Na Dubs abú.

 Áth Cliath: A Nolan, P Smyth, B O’Carroll, E O’Donnell, S Barrett, C Crummey, J Madden, C McBride, T Connolly, D Burke, F Whitely, D Sutcliffe, C Keaney, E Dillon, P Ryan

 Ionadaithe: L Rushe do P Ryan, J McCaffrey do C McBride, N McMorrow do T Connolly, P Winters do E Dillon

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s