Áth Cliath 0-20 Dún na nGall 0-15

Páirc an Chrócaigh, 10 Feabhra, 2018

Chonaic an 21,469 a bhí i láthair i bPáirc an Chrócaigh, Dé Sathairn seo caite, an-chluiche idir Áth Cliath agus Dún na nGall. D’imir an dá fhoireann le saoirse agus d’ionsaigh siad a chéile ó thús go deireadh an chluiche. Níl aon amhras ach go mbeidh lucht leanta na peile millte i mbliana, má leantar leis an an stíl álainn peile atá á himirt ó thús na sraithe.

GG 1

Tá trí chluiche i ndiaidh a chéile buaite ag na Dubs anois agus tá siad ag barr na sraithe. Bheadh Jim Gavin lánsásta leis sin, go áirithe agus níos lú ná mí traenála déanta acu. Nuair a bhí Áth Cliath go maith sa gcluiche seo bhí siad dochloíte. Mar sin féin, cúis imní gur éirigh leis na Conallaigh teacht i bhfoisceacht cúilín amháin dóibh agus gan ach deich nóiméad fágtha sa gcluiche. Bhí siad sé chúilín chun tosaigh ag leatham.

Cúis mhór sásaimh gur éirigh le 11 imreoir ar fad scóranna a aimsiú do fhoireann na príomhchathrach.

Chríochnaigh na Dubs go láidir, áfach, agus bheadh Jim Gavin an-sásta gur éirigh lena fhoireann an ceithre scór dheireanacha a aimsiú. Tháinig trí cinn de na scóranna sin ó Eoghan O’Gara, Ciarán Reddin agus Paddy Small – triúr a tháinig isteach mar ionadaithe. Cúis mhór sásaimh gur éirigh le 11 imreoir ar fad scóranna a aimsiú do fhoireann na príomhchathrach.

Dún na nGall

Níl oiread agus pointe amháin sraithe ag na Conallaigh go fóill ach athróidh sé sin. Tá peil iontach á himirt ag foireann Declan Bonner. D’aimsigh Paddy McBrearty seacht gcúilín in aghaidh na Dubs agus dá mbeadh ‘Imreoir na Bliana’ le roghnú anois is eisean a gheobhadh é. D’fhéadfadh an cluiche seo a bheith buaite acu murach gur chuir Michael Murphy trí sheans réasúnta éasca amú théis dó teacht isteach mar ionadaí sa dara leath. Bhí mí-ádh ar McBrearty, freisin, nuair a bhuail sé an liathróid in aghaidh chuaille Cluxton díreach roimh leatham.

GG 2

An Chéad Leath

Bhí tús sciobthaí leis an gcluiche seo agus bhí sé soiléir ón tús gur cluiche oscailte a bheadh ann. Bhí an lámh in uachtar ag na Dubs, áfach. Tar éis 15 nóiméad bhí siad chun tosaigh ar scór 0-06 go dtí 0-02 a bhuíochas do scóranna ó Cholm Basquel, Niall Scully, Paddy Andrews, Ciarán Kilkenny agus Eric Lowndes. D’aimsigh Leo McLoone agus Ryan McHugh cúpla scór do na Conallaigh ina dhiaidh sin, ach, chríochnaigh na Dubs go láidir le scóranna ó Scully, Brian Fenton agus ó Paul Mannion. Scór leathama: Áth Cliath 0-11 Dún na nGall 0-05.

An Dara Leath

Níl oiread agus pointe amháin sraithe ag na Conallaigh go fóill ach athróidh sé sin.

Bhí an chosúlacht ar an scéal go mbeadh lá éasca ag na Dubs ach ní raibh Dún na nGall a ghabháil a luí siar. In ainneoin go bhfuair Fenton an chéad scór den dara leath, thug na Conallaigh fúthu le díocas an bhearna a laghdú. Bhí Paddy McBrearty ag tús cadhnaíochta in iarrachtaí Dhún na nGall agus tar éis 59 nóiméad ní raibh ach cúilín amháin idir na foirne. Bhí na Dubs chun tosaigh ar scór 0-16 go dtí 0-15. Níor éirigh leis na hUltaigh scór ar bith eile a aimsiú ina dhiaidh sin, áfach, agus chríochnaigh na Dubs le ceithre chúilín i ndiaidh a chéile sna nóiméid dheireanacha. Scór deiridh: Áth Cliath 0-20 Dún na nGall 0-15.

Tábla na Sraithe – Roinn 1

  I B CS C S G D P
Áth Cliath 3 3 0 0 4-50 3-36 17 6
Gaillimh 3 3 0 0 3-34 0-33 10 6
Ciarraí 2 2 0 0 3-33 5-23 4 4
Muineachán 2 1 0 1 1-22 0-25 0 2
Maigh Eo 3 1 0 2 2-33 2-40 -7 2
Tír Eoghain 3 1 0 2 2-35 3-40 -8 2
Dún na nGall 3 0 0 3 3-43 3-50 -7 0
Cill Dara 3 0 0 3 2-40 4-43 -9 0

 Amach Anseo

Tá na Dubs ag bailiú nirt le chuile chluiche a imríonn siad. D’imir Cian O’Sullivan, don chéad uair i mbliana le linn an chluiche seo agus d’imir Paddy Small a chéad chluiche leis na Dubs. Tá Diarmuid Connolly, Con O’Callaghan agus Jack McCaffrey fós le filleadh. Is féidir linn breathnú chun cinn le dóchas. Mar sin féin, fíor-dhrochscéal a bhí sa nuacht maidir le gortú Bernard Borgan. An bhfeicfear arís é i ngeansaí gorm agus dúghorm na Dubs?

GG 3

Ar ábhar eile, bhí sé an-díomách nach raibh ach 21,469 i láthair ag an gcluiche seo. Seans nach bhfeicfidh muintir na príomhchathrach foireann chomh maith le foireann seo na Dubs arís go deo. Bíodh meas againn ar na laethanta iontacha seo a fhad a mhairfidh siad! Ar aghaidh linn. Na Dubs abú.

Áth Cliath: S Cluxton, E Lowndes (0-01), P McMahon, D Byrne, J McCarthy, J Cooper, J Small, B Fenton (0-02), MD Macauley, N Scully (0-04), C Kilkenny (0-02), B Howard (0-01), P Mannion (0-02), P Andrews (0-01), C Basquel (0-04)

Ionadaithe: E O’Gara (0-01) do P Andrews, C O’Sullivan do P McMahon, D Rock do MD Macauley, C Reddin (0-01) do N Scully (0-01), P Small do C Basquel

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s