Luimneach 1-26 Áth Cliath 0-17

Páirc na nGael, 17 Feabhra, 2018

Tuilleann foighid fortún agus níl aon amhras faoi ach go mbeidh ar lucht leanta na Dubs a bheith foighdeach agus Pat Gilroy ag iarraidh foireann nua a fhorbairt. Tá go leor diúltachais ann faoi láthair agus leithéidí John Mullane ag ceapadh go bhfuil botún déanta ag Gilroy. Deir sé nár cheart dó gabháil don phost, ach, cuimhnímis ar chéad bhliain Gilroy leis na peileadóirí! Ní hamháin go dtuilleann foighid fortún ach faigheann sí faoiseamh, freisin. Níl muid ach tosaithe amach ar an aistear seo le Gilroy is a fhoireann bainistíochta. Caithfidh muid a bheith foighdeach.

Giller

Tá meascán de óg agus aosta ar phainéal na Dubs faoi láthair. Tá am ag teastáil ón bhfoireann bainistíochta le teacht ar an bhfoireann is fearr atá acu. Níl aon amhras ach go gcuirfidh imreoirí Chuala go mór leis an bhfoireann. Mar sin féin, tá sé tábhachtach go bhfeicfí na himreoirí uilig atá ar fáil do Gilroy agus anois an t-am lena dhéanamh. Má bhuann muid ar Laois (ag glacadh leis go gcaillfidh Laois in aghaidh Uíbh Fhailí Dé Domhnaigh) sa gcluiche deireanach sraithe, beidh muid i gcluiche ceathrú ceannais sraithe beag beann ar a tharlaíonn sa gcéad chluiche eile in aghaidh na Gaillimhe.

Luimneach

Tá imreoirí Chuala ar iarraidh ó phainéal Gilroy faoi láthair ach tá imreoirí na bPiarsach ar iarraidh ó phainéal John Kiely, freisin. Tá an-obair á déanamh ag Kiely le foireann Luimnigh agus nuair a fhilleann imreoirí na bPiarsach beidh siad an-chontúirteach. Sheas Aaron Gillane amach, ach go háirithe, do Luimneach sa gcluiche seo agus d’aimsigh sé 1-09 dóibh.

LUIM vDUB

An Chéad Leath

Ní raibh mórán idir na foirne don chéad 15 nóiméad den chluiche seo ach bhí Luimneach chun tosaigh le cúilín amháin – 0-05 Áth Cliath 0-04. Ghlac iománaithe Luimnigh greim láidir ar an gcluiche ina dhiaidh sin, áfach, agus d’aimsigh siad 1-08 idir sin agus an briseadh leathama. Níor aimsigh na Dubs ach trí chúilín le linn an ama sin. I measc scórálaithe na Dubs sa gcéad leath bhí Dónal Burke (0-03) Danny Sutcliffe (0-02), Cian Boland (0-01) agus Fergal Whitely (0-01). Ba iad Tom Morrissey, Aaron Gillane, David Reidy, Gearóid Hegarty agus Diarmuid Byrnes a fuair scóranna Luimnigh. Scór leathama: Luimneach 1-13 Áth Cliath 0-07.

An Dara Leath

Nuair a d’aimsigh Dónal Burke céad scór na dara leithe, bhí lucht leanta na Dubs ag súil go mór le teacht aniar fhoireann na hardchathrach. D’aimsigh Luimneach an chéad chúig scór eile, áfach. In ainneoin gur chríochnaigh na Dubs réasúnta láidir bhí i bhfad an iomarca dochair déanta. Ba iad Burke, Sutcliffe, Conal Keaney, Eoghan O’Donnell agus Fiontán McGib a fuair scóranna na Dubs sa dara leath. Gillane, Séamus Flanagan, Hegarty, Byrnes, Morrissey, Pat Ryan, Reidy agus Jerome O’Connell a fuair scóranna Luimnigh. Scór deiridh: Luimneach 1-26 Áth Cliath 0-17

Roinn 1B den tSraith Náisiúnta

I B CS C D P
Luimneach 3 3 0 0 39 6
Gaillimh 3 3 0 0 21 6
Laois 3 1 0 2 -12 2
Uíbh Fhailí 3 1 0 2 -15 2
Áth Cliath 3 1 0 2 -24 2
Aontroim 3 0 0 3 -9 0

Tuilleann foighid fortún agus níl aon amhras faoi ach go mbeidh ar lucht leanta na Dubs a bheith foighdeach agus Pat Gilroy ag iarraidh foireann nua a fhorbairt.

Amach Anseo

Is iad Gaillimh a bheidh mar cheilí comhraic ag na Dubs, i bPáirc Pharnell, sa gcéad chluiche sraithe eile, Dé Domhnaigh seo chugainn. Ní bheidh O’Donnell, Burke, Whitely, Rian McBride ná Daire Gray ar fáil de bharr rannpháirtíocht DCU i gcluiche ceannais Chorn Mhic Giobúin. Mar sin, caithfidh na Dubs an cluiche seo a úsáid le réiteach do Laois sa gcéad chluiche eile. Beidh Laois ag iarraidh buille mór a thabhairt do iománaithe Átha Cliath agus caitear a bheith réitithe dóibh.

Ar aghaidh linn. Na Dubs abú!

Áth Cliath: A Nolan, P Smyth, E O’Donnell (0-01), B O’Carroll, T Connolly, C Crummey, S Barrett, C McBride, N McMorrow, F Mac Gib (0-01), C Keaney (0-02), D Sutcliffe (0-05), F Whitely (0-01), C Boland (0-01), D Burke (0-06)

Ionadaithe: C Costello do C McBride, D Kelly do B O’Carroll, R Hayes do N McMorrow, L Rushe do C Boland, J Madden do T Connolly

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

w

Ceangal le %s