Áth Cliath 2-10 Maigh Eo 0-12

Páirc Mhic Éil, 24 Feabhra, 2018

Is iontach an rud é aon bhua in aghaidh Mhaigh Eo agus, dá bharr sin, chaithfeadh na Dubs a bheith an-sásta leis an mbua seo ar fhoireann Stephen Rochford. Mar sin féin, níor aimsigh na fir ghorma is dhúghorma ach dhá scór sa dara leath agus is cinnte go mbeidh neart cuir is cúitimh faoi sin i measc fhoireann bainistíochta Jim Gavin. D’imir Maigh Eo go cosantach ach tá na Dubs cleachtach lena gcuid fear ionaid ag teacht isteach agus scrios á dhéanamh acu. Níor tharla sé sin in aghaidh Mhaigh Eo.

Scéal difriúil a bhí sa gcéad leath. Bhí na Dubs damanta maith agus fuadar fúthu le síorionsaí a dhéanamh ar chúlaithe Mhaigh Eo.

Imreoir fíorthábhachtach do na Dubs é Mannion anois.

Bhí an-chluiche ag Paul Mannion agus d’aimsigh sé 1-01 sa gcéad leath. Cúis mhór imní do na Dubs, áfach, go raibh air an pháirc a fhágáil agus é gortaithe sa 43ú nóiméad. Imreoir fíorthábhachtach do na Dubs é Mannion anois. Tuigtear gur gortú do theannán na hioscaide (hamstring) atá aige.

Paul Mannion

Maigh Eo

Is léir go bhfuil Rochford imníoch nach bhfuil ach cluiche amháin sraithe buaite ag Maigh Eo go dtí seo. Tugadh ar ais leithéidí Lee Keegan, Andy Moran agus Séamus Ó’Shea don chluiche seo agus níl aon amhras faoi ach go bhfuil sé ag iarraidh a dhóthain pointí a fháil le fanacht i Roinn 1 a luaithe agus is féidir leis. Níl ach dhá mhí go leith fágtha anois go dtí an cluiche craoibhe in aghaidh na Gaillimhe. Beidh Rochford ag iarraidh go mbeadh a fhoireann réidh don cheann sin.

An Chéad Leath

D’aimsigh Paul Mannion cúl gleoite do na Dubs sa gcéad nóiméad le tús iontach a thabhairt dá fhoireann. Fuair Jason Doherty scór ar ais do Mhaigh Eo nóiméad ina dhiaidh sin ach d’aimsigh Ciarán Kilkenny agus Dean Rock scóranna eile leis na Dubs a chur chun tosaigh ar scór 1-04 go dtí 0-02 tar éis 10 nóiméad. Tháinig dara scór Mhaigh Eo ó chos Lee Keegan.

Choinnigh na Dubs orthu, ina dhiaidh sin, agus iad ag iarraidh scrios a dhéanamh ar Mhaigh Eo. Ina measc siúd a fuair scóranna eile na Dubs sa gcéad leath bhí Rock le trí chúilín eile agus cúilín an duine ó Kilkenny, Mannion agus Brian Fenton. D’aimsigh Doherty, Andy Moran, Kevin McLoughlin agus Stephen Coen scóranna eile Mhaigh Eo. Scór leathama: Áth Cliath 1-09 Maigh Eo 0-07.

An Dara Leath

Bhí féasta iontach peile ann ó thaobh stíl imeartha de sa gcéad leath agus bhí chuile dhuine i measc an 15,000 a bhí láthair ag súil go leanfaí leis an bhféasta sa dara leath. Ní mar sin a thit rudaí amach, áfach. D’imir Maigh Eo go cosantach agus níor scóráladh ach ocht scór ar fad sa dara leath – cúl ó Niall Scully agus trí chúilín ó Conor Loftus in am cúitimh gortaithe ina measc. Cuireadh Mick Fitzsimons den pháirc sa 72ú nóiméad tar éis gur bhronn an réiteoir, Paddy Neilan, an dara cárta buí air. Scór deiridh: Áth Cliath 2-10 Maigh Eo 0-12.

CK v ME

Tábla na Sraithe – Roinn 1

  I B CS C S G D P
Áth Cliath 4 4 0 0 6-60 3-48 21 8
Gaillimh 4 4 0 0 4-48 0-47 13 8
Ciarraí 4 2 0 2 3-61 7-50 4 4
Muineachán 4 3 0 1 2-50 0-53 3 4
Maigh Eo 4 1 0 3 2-45 4-50 -11 2
Tír Eoghain 3 1 0 2 2-35 3-40 -8 2
Dún na nGall 4 1 0 3 4-58 6-57 -5 2
Cill Dara 4 0 0 4 5-47 5-58 -11 0

Amach Anseo

In ainneoin go bhfuil snas le cur ar chorr-rud anseo is ansiúd, tá na Dubs ag gabháil go maith faoi láthair. Ba cheart go mbainfeadh siad cluiche ceannais na sraithe amach. Níor cheart go mbeadh orthu níos mó ná cluiche amháin eile a bhuachan. Is ábhar mór dóchais don chuid eile den chomórtas go bhfuil formhór an phainéil ar ais. Beidh Con O’Callaghan ar ais nuair a thiocfas a rannpháirtíocht le Cuala chun deiridh théis chluiche ceannais na hÉireann. Cailteannas mór millteach a bheidh i Bernard Brogan ach níor cheart go mbeadh Jack McCaffrey i bhfad eile. Beidh na Dubs ag guibhe nach bhfuil damáiste rómhór déanta ag Paul Mannion do theannán a ioscaide.

Cuireadh an cluiche in aghaidh Chiarraí amárach ar athló agus is cosúil gur ar 10 Márta a imreofar anois é. Imreoidh na Dubs in aghaidh na Gaillimhe an tseachtain ina dhiaidh sin agus in aghaidh Mhuineacháin sa gcluiche deireanach sraithe.

Ar aghaidh linn. Na Dubs abú!

Áth Cliath: S Cluxton, D Daly, M Fitzsimons, D Byrne, J Cooper, J McCarthy, J Small, B Fenton (0-01), MD Macauley, N Scully (1-00), C Kilkenny (0-02), B Howard, K McManamon, P Mannion (1-01), D Rock (0-06)

Ionadaithe: D Connolly do MD Macauley, C O’Sullivan do J Small, C Basquel do P Mannion, C Reddin do B Howard, P Small do J Cooper, E Ó Conghaile do B Fenton

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

w

Ceangal le %s