Gaillimh 1-20 Áth Cliath 1-14

Páirc Pharnell, 25 Feabhra, 2018

Bhí go leor imreoirí ar iarraidh ó phainéal Par Gilroy don chluiche seo in aghaidh na Gaillimhe i bPáirc Pharnell, seachtain ón Domhnach seo caite, 25 Feabhra. Bhí Dónal Burke, Fergal Whitely, Rian McBride agus Daire Gray ag imirt le DCU i gcluiche ceannais Chorn Mhic Giobúin an lá roimhe. Ní bheidh imreoirí Chuala ar ais go dtí théis Lá ‘le Phádraig, dar ndóigh.

Dub v galway

Mar sin féin, tuar dóchais do lucht leanta na Dubs a bhí sa taispeántas a thug fir Átha Cliath ón 33ú nóiméad ar aghaidh. Ag an bpointe sin, bhí siad naoi gcúilín taobh thiar ach tháinig siad i bhfoisceacht dhá chúilín de na Gaillimhigh faoi dhó sa dara leath. Níl aon amhras ach go mbeadh Gilroy agus a fhoireann bainistíochta an-sásta leis sin.

Gaillimh

Diabhal mórán airde atá á tabhairt orthu agus iad ag réiteach don chraobh go deas réidh.

Is cinnte go mbeadh Micheál O’Donoghue sásta leis an mbua agus leis an gcaoi a bhfuil Gaillimh ag treabhadh ar aghaidh i Roinn 1b. Bhí siad réasúnta compordach sa gcluiche seo agus ní raibh an díocas céanna le feiceáil iontu is a bhíonn go hiondúil de bharr go raibh siad píosa fada chun tosaigh don chuid is mó den chéad leath. Feileann sé do O’Donoghue agus do na Gaillimhigh go bhfuil siad i Roinn 1b. Diabhal mórán airde atá á tabhairt orthu agus iad ag réiteach don chraobh go deas réidh.

An Chéad Leath

Ó thús an chluiche seo bhí an chuma ar an scéal go mbeadh bua an-éasca ag Gaillimh. Bhí siad chun deiridh ar scór 0-09 go dtí 0-02 théis 23 nóiméad agus 0-13 go dtí 0-4 théis 36 nóiméad. D’aimsigh Jason Flynn cúig cinn de na scóranna sin do na Gaillimhigh. Ba iad Fionntán Mac Gib agus Paul Winters (0-03) a fuair scóranna na Dubs.

Chríochnaigh na Dubs an leath go láidir, áfach, agus nuair a d’aimsigh Danny Sutcliffe cúl do na Dubs sa 37ú nóiméad bhí cruth i bhfad níos fearr ar chlár na scór. D’aimsigh Paul Winters scór eile nóiméad ina dhiaidh sin agus bhí na Dubs ar ais sa gcluiche. Scór leathama Gaillimh 0-13 Áth Cliath 1-05.

An Dara Leath

Nuair a tháinig na Dubs amach don dara leath d’imir siad le muinín is le misneach. D’éirigh leo gabháil i bhfoisceacht dhá chúilín do na Gaillimhigh théis 52 nóiméad a bhuíochas do scóranna ó Winters (0-04) agus Tomás Connolly. Murach gur shábháil James Skehill poc éirice ó Winters sa 45ú nóiméad d’fhéadfaidís a bheith chun tosaigh.

Ní raibh Gaillimh críochnaithe ag imirt, áfach, agus d’aimsigh Flynn cúl sa 56ú nóiméad. Tháinig na Dubs ar ais arís eile, ach, chríochnaigh Gaillimh láidir le ceithre scór i ndiaidh a chéile idir an 67ú agus an 71ú nóiméad. Ronan Hayes, Cian Boland agus Danny Sutcliffe a fuair scóranna eile na Dubs. D’aimsigh Jason Flynn 1-09 san iomlán do Ghaillimh. Scór deiridh: Gaillimh 1-20 Áth Cliath 1-14.

Roinn 1B den tSraith Náisiúnta

  I B CS C D P
Luimneach 4 4 0 0 56 8
Gaillimh 4 4 0 0 27 8
Uíbh Fhailí 4 2 0 2 -10 4
Laois 4 1 0 3 -17 2
Áth Cliath 4 1 0 3 -30 2
Aontroim 4 0 0 4 -26 0

Amach Anseo

Cuimhimís ar an seanfhocal go dtuilleann foighid fortún.

Beidh Pat Gilroy ag iarraidh go dtógfadh a fhoireann ar an taispeántas seo. Laois atá ag na Dubs sa gcéad chluiche eile. Gabhfaidh na buaiteoirí ar aghaidh go dtí na cluichí ceathrú ceannais. Cluiche an-tábhachtach atá ann.

Ác v An Mhí Gilroy

D’aimsigh Sutcliffe 1-01 sa gcluiche seo in aghaidh na Gaillimhe agus cúig chúilín in aghaidh Luimnigh sa gcluiche deireanach. Ábhar eile dóchais do na Dubs é seo. Níor thosaigh an bhliain ceart fós. Cuimhimís ar an seanfhocal go dtuilleann foighid fortún.

Ar aghaidh linn. Na Dubs abú.

Áth Cliath: A Nolan, P Smyth, B O’Carroll, E O’Donnell, D Kelly, C Crummey, S Barrett, T Connolly (0-01), F Mac Gib (0-01), P Crummey, C Keaney, D Sutcliffe (1-01), P Winters (0-09), R O’Dwyer, R Hayes (0-01)

Ionadaithe: L Rushe do R O’Dwyer, F Ó Riain-Broin do P Crummey, C Boland (0-01) do C Keaney, J Madden do D Kelly, P Ryan do L Rushe

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

w

Ceangal le %s