Áth Cliath 2-17 Ciarraí 0-11

Páirc an Chrócaigh, Dé Domhnaigh, 11 Márta, 2018

Níl aon bhealach éasca le cur síos a dhéanamh air. Léasadh ceart a thug na Dubs do Chiarraí sa gcluiche seo. Chonaic an 24,026 a bhí i láthair ag an gcluiche, Dé Sathairn seo caite, taispeantas iontach ó na Dubs agus sa dara leath ach go háirithe. Ní go rómhinic a chailleann na Ciarraígh ar scór den chineál seo. Bhí sé seo ar cheann de na buanna is mó suntais a bhí ag na Dubs le linn réimeas Jim Gavin go dtí seo.

Ciarraí 2

Bhí an-chluiche ag Ciarán Kilkenny a d’imir an chuid is mó den chluiche mar lántosach. Chríochnaigh sé an cluiche le 1-03. Tá Michael Darragh Macauley ag imirt le díocas an athuair agus bhí sé lárnach i ngach rud maith a rinne na Dubs. Níor stop sé ag obair. Tugadh níos mó ama ar an bpáirc do Paddy Small, Emmett Ó Conghaile, Colm Basquel, Ciarán Reddin agus do Brian Howard. D’imir Andrew McGowan a chéad chluiche sraithe leis na Dubs. Tháinig Cormac Costello isteach lena chéad chluiche a imirt i mbliana.

Ciarraí

Níl aon cheist faoi ach go bhfuil Ciarraí ag teacht an athuair ach d’fhéadfadh sé seo foireann Éamoinn Fitzmaurice a chur siar beagán. Is faoi Fitzmaurice atá sé an mhuinín agus an misneach a ardú i measc na foirne óige atá faoina chúram. Tá Ciarraí ag tógail foirne agus caithfidh siad foghlaim ón gcluiche seo. Beidh siad i bhfad níos láidre níos faide anonn sa samhradh. Níl aon cheist faoi sin. Murach gur chuir Seán O’Shea seans ar chúl amú sa gcéad leath d’fhéadfadh rudaí a bheith difriúil.

An Chéad Leath

Bhí tús maith ag Ciarraí leis an gcluiche. Ba léir ón mbealach ar leag Fitzmaurice amach a fhoireann go mbeadh cluiche oscailte ann. Théis 8 nóiméad bhí siad chun tosaigh ar scór 0-04 go dtí 0-01. David Clifford, Kevin McCarthy, Paul Geaney agus Seán O’Shea a fuair scóranna Chiarraí. Colm Basquel a fuair cúilín Átha Cliath.

Ní thagann líonrith ar fhoireann seo na Dubs…

Ní thagann líonrith ar fhoireann seo na Dubs, áfach, agus théis 19 nóiméad bhí siad chun tosaigh ar scór 1-05 go dtí 0-06. Ba é Niall Scully a fuair an cúl do na Dubs théis do Chiarán Kilkenny, Dean Rock agus Jonny Cooper cúilíní a aimsiú dóibh. Bhí smacht ag na Dubs ar an gcluiche, ón am a chuaigh siad chun tosaigh ar chlár na scór, agus chríochnaigh siad an leath le trí scór eile ó Rock (0-02) agus ó Kilkenny. D’aimsigh Micheál Burns agus Clifford scóranna do lucht na Ríochta. Scór leathama: Áth Cliath 1-08 Ciarraí 0-08.

An Dara Leath

Tháinig Ciarraí amach sa dara leath gan Paul Geaney agus Seán O’Shea. Bhí sé sin tubaisteach do Chiarraí ach ní raibh sé leath chomh dona leis an tubaiste a bhí le teacht. Bhí na Dubs damanta agus rinne siad scrios de fhoireann óg Chiarraí. D’aimsigh Áth Cliath 1-06 sular aimsigh Ciarraí a gcéad scór sa dara leath. Aimsíodh an scór sin sa 54ú nóiméad. Bhí an cluiche thart mar chomórtas ag an bpointe sin.

DYXQJeDXkAI_siS

D’éirigh le Ciarraí trí scór eile a aimsiú idir sin agus deireadh an chluiche ach d’aimsigh na Dubs trí scór dá gcuid féin. Ba iad Paddy Andrews, Paddy Small, Kilkenny, Basquel, Scully, Rock, Philly McMahon agus Cormac Costello a fuair na scóranna do na Dubs. Chríochnaigh David Clifford le ceithre chúilín don Ríocht. Scór deiridh: Áth Cliath 2-17 Ciarraí 0-11.

Tábla na Sraithe – Roinn 1

  I B CS C D P
Áth Cliath 5 5 0 0 33 10
Gaillimh 5 5 0 0 17 10
Muineachán 5 3 0 2 -1 6
Tír Eoghain 5 2 0 3 -3 4
Maigh Eo 5 2 0 3 -4 4
Ciarraí 5 2 0 3 -13 4
Dún na nGall 5 1 0 4 -11 2
Cill Dara 5 0 0 5 -18 0

Amach Anseo

Tá an-mheas ag na Dubs ar Micko agus ar an méid a bhain sé amach sa gcluiche. Mar sin féin, níl móran againn a d’aontódh leis an méid a dúirt sé!

Dúirt Mick O’Dwyer le seachtain anuas go gcaithfeadh Áth Cliath cluiche ceannais na hÉireann a bhuachan ar 7, 8 nó 10 gcúilín le bheith ina bhfoireann a áireofar i measc na bhfoirne is fearr. Tá an-mheas ag na Dubs ar Micko agus ar an méid a bhain sé amach sa gcluiche. Mar sin féin, níl móran againn a d’aontódh leis an méid a dúirt sé!

 

Tá na Dubs ag gabháil go maith agus cluiche in aghaidh na Gaillimhe amach rompu, Dé Domhnaigh seo chugainn, i Staid an Phiarsaigh, i nGaillimh. Níl cluiche ar bith caillte ag na Gaillimhigh fós agus beidh se suimiúil cén chaoi a n-éireoidh leis na Dubs déileáil leo. Seachas míorúilt ag Muineachán, beidh an dá fhoireann seo i gcluiche ceannais na sraithe, freisin. Tá laethanta móra amach roimh fhoireann Jim Gavin. Ar an drochuair, beidh orthu pleanáil don chuid eile den tsraith gan Cian O’Sullivan. D’fhág sé an pháirc luath théis dó a ghualainn a ghortú.

Ar aghaidh linn. Na Dubs abú.

Áth Cliath: S Cluxton, D Byrne, J Cooper (0-01), C O’Sullivan, S Carthy, J Small, E Lowndes, B Fenton, MD Macauley, N Scully (1-01), C Basquel (0-02), B Howard, P Andrews (0-03), C Kilkenny (1-03), D Rock (0-04)

 Ionadaithe: P Small (0-01) do S Carthy, P McMahon (0-01) do J Small, C Reddin do P Small, P Small do D Rock, A McGowan do C O’Sullivan, C Costello (0-01) do C Kilkenny, E Ó Conghaile do B Fenton

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

w

Ceangal le %s