Áth Cliath 3-22 Laois 0-17

Páirc Uí Mhórdha, 11 Márta, 2018

Ábhar mór faoisimh agus sásaimh a bhí sa mbua seo do na Dubs in aghaidh Laoise, a imríodh Dé Domhnaigh, 11 Márta. Ní hamháin gur chinntigh sé go mbeadh na Dubs ag imirt i gcluiche ceathrú ceannais na sraithe ach ba é an dara cluiche i ndiaidh a chéile a thug siad taispeántas maith. Comhartha dóchais é sin don chuid eile den bhliain.

Dub v Laois

Ní bheadh Éamonn Kelly, bainisteoir Laoise, róshásta leis an easpa díocais a bhí le feiceáil óna chuid imreoirí, mar sin féin. Ghéill siad do na Dubs fud fad na páirce. D’fhág an toradh seo go raibh cluiche cinniúnach acu, in aghaidh Aontroma, le fanacht i Roinn 1b den tSraith Náisiúnta. Bhuaigh siad an cluiche sin.

An Chéad Leath

Bhí tús iontach ag na Dubs leis an gcluiche seo agus níor aimsigh Laois a gcéad scór go dtí an 9ú nóiméad. Le linn an ama sin, d’aimisgh foireann Pat Gilroy cúig chúilín. Dónal Burke, Ronan Hayes agus Conal Keaney a d’aimsigh na scóranna sin.

Níor aimsigh Laois ach cúig chúilín eile sa gcéad leath agus d’éirigh leis na Dubs 1-10 eile a aimsiú. Ba é Ryan O’Dwyer a fuair an cúl. Bhí Fionntán Mac Gib, agus Danny Sutcliffe i measc na scórálaithe eile do na Dubs. Chríochnaigh Burke an leath le 0-07 gcúilín agus Hayes le 0-04. Scór leathama: Áth Cliath 1-15 Laois 0-06.

An Dara Leath

D’aimigh Laois 7 gcinn den chéad 11 scór sa dara leath ach chinntigh an cheithre chúilín a d’aimsigh na Dubs le linn an ama sin nach mbeadh aon teacht aniar ceart ag Laois. Tar éis 55 nóiméad bhí na Dubs chun cinn ar scór 1-19 go dtí 0-13.

Chríochnaigh na Dubs an cluiche go han-láidir agus d’éirigh leo 2-05 aimsiú ón 58ú nóiméad ar aghaidh. Ina measc siúd a fuair na scóranna do na Dubs sa dara leath bhí Hayes le 2-01, Burke le 0-04 agus cúilín an duine ó Ryan O’Dwyer, Paul Ryan is ó Chian McBride. Scór deiridh: Áth Cliath 3-23 Laois 0-17.

Roinn 1B den tSraith Náisiúnta

  I B CS C D P
Luimneach 5 5 0 0 58 10
Gaillimh 5 4 0 1 25 8
Uíbh Fhailí 5 2 0 3 -13 4
Áth Cliath 5 2 0 3 -15 4
Aontroim 5 1 0 4 -23 2
Laois 5 1 0 4 -32 2

Amach Anseo

…feicfidh muid cén áit go díreach a bhfuil siad théis an chluiche seo.

Níor imríodh an cluiche ceathrú ceannais an tseachtain seo caite de bharr na drochaimsire ach tabharfaidh na Dubs aghaidh ar Thiobraid Árann i bPáirc an Chrócaigh sa gcluiche sin, Dé Domhnaigh. Níl aon amhras faoi ach go bhfuil feabhas tagtha ar na Dubs le cúpla cluiche anuas ach feicfidh muid cén áit go díreach a bhfuil siad théis an chluiche seo. Beidh imreoirí Chuala ar fáil do Gilroy taobh istigh de sheachtain nó dhó. Tuilleann foighid fortún.

Ar aghaidh linn. Na Dubs abú.

Áth Cliath: A Nolan, P Smyth, B O’Carroll, E O’Donnell, S Barrett, C Crummey, J McCaffrey (0-01), C Costello, F Mac Gib (0-02), D Burke (0-11), C Keaney (0-01), D Sutcliffe (0-01), R Hayes (2-04), R O’Dwyer (1-01), P Winters

Ionadaithe: J Madden do S Barrett, C O’Sullivan do R O’Dwyer, P Ryan (0-01) do P Winters, R McBride do C Keaney, C McBride (0-01) do C Costello

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s