Gaillimh 0-13 Áth Cliath 0-13

Staid an Phiarsaigh, 18 Marta, 2018

Ba é an rud ba mhó a foghlaimíodh ón gcluiche seo ná go bhfuil Gaillimh ar ais! Thuill siad an pointe a fuair siad in aghaidh na Dubs sa gcluiche seo a imríodh os comhair slua de os cionn 10,000 duine i Staid an Phiarsaigh, Dé Domhnaigh seo caite, 18 Márta.

Níl aon amhras faoi ach go mbeadh an dá fhoireann sásta go leor leis an gcomhscór.

Imríonn na Gaillimhigh le stíl chosantach nuair nach bhfuil an liathróid ina seilbh acu ach, a mhac go deo, briseann siad amach ar luas lasrach nuair atá an liathróid acu. Tógann siad seansanna agus briseann siad amach go tréan. Ní dhéanfaidh cluiche mar seo aon dochar do na Dubs, go háirithe ma bhíonn ar an dá fhoireann seo aghaidh a thabhairt ar a chéile nios faide anonn sa samhradh. Dar ndóigh, imreoidh siad in aghaidh a chéile i gcluiche ceannais na sraithe i gceann coicíse. Bhí an cluiche garbh go maith ach níl aon amhras faoi ach go raibh an comhscór tuillte ag an dá fhoireann.

DG 2

Athruithe

Bhí an dá fhoireann tríd chuig an gcluiche ceannais, a bheag nó a mhór, sular caitheadh an liathróid isteach agus b’in ba chúis leis na hathruithe a rinne na foirne ar an 15 tosaigh a bhí acu. Thosaigh na Gaillimhigh gan Damien Comer agus thug Jim Gavin Evan Comerford, Ciarán Reddin agus Paddy Small isteach in áit Stephen Cluxton, Brian Fenton agus Niall Scully. Bhí sé an-tabhachtach do Comerford, ach go háirithe, gur tugadh an seans seo dhó. Níl a fhios ag na Dubs cén fhaid atá fágtha ag Cluxton i ngeansaí gorm is dúghorm na Dubs, faraor.

Bheadh an-díomá ar Gavin gur cuireadh Eoghan O’Gara den pháirc. Níor mhair sé ach sé nóiméad ar an bpáirc tar éis dó teacht isteach do Paddy Small sa dara leath. Imreoir iontach é O’Gara ach caithfidh sé smacht a choinneáil air féin. B’in é an dara huair ar cuireadh den pháirc é i mbliana.

DG 3

Ar an láimh eile, bheadh Gavin an-sásta le taispeántas Chiaráin Kilkenny. An bhfuil aon imreoir níos fearr ná é sa tír faoi láthair? Ní chuirfeadh sé iontas ar bith ar na Dubs dá gceapfaí mar chaptaen ar fhoireann na príomhchathrach amach anseo é.

An Chéad Leath

Bhí tús maith ag na Dubs agus tar éis cúig nóiméad bhí siad dhá chúilín chun tosaigh a bhuíochas do scóranna ó Kilkenny agus Dean Rock. D’aimsigh Gaillimh an chéad chúig scór eile, áfach, lena gcur 0-05 go dtí 0-02 chun tosaigh théis 12 nóiméad.

Fuair Paddy Andrews scór gleoite, ina dhiaidh sin, ach choinnigh na Gaillimhigh an brú ar na Dubs. Fuair siad an chéad trí scór eile agus iad ag imirt leis an ngaoth. Fuair na Dubs péire eile ó Kilkenny roimh an mbriseadh leathama. Scór leathama: Gaillimh 0-10 Áth Cliath 0-05.

An Dara Leath

Tháinig na Dubs amach sa dara leath agus iad dírthe ar an mbearna a laghdú. Tháinig Brian Fenton isteach do Eric Lowndes agus bhí tionchar láithreach aige ar an gcluiche. D’aimsigh na Dubs an chéad cheithre scór eile ó Rock, a cuireadh den pháirc théis dó cárta dubh a fháil, Kilkenny, Jonny Cooper agus ó Paddy Small. Ní raibh idir na foirne ag an bpointe sin ach an t-aon chúilín amháin.

DG 4

D’aimsigh Gaillimh an chéad dá scór eile, áfach, agus bhí an chuma ar an scéal go mbeadh an lá acu. Ní thagann líonrith ar na Dubs, mar sin féin, agus fuair siad an chéad cheithre scór eile lena gcur cúilín chun tosaigh in am cúitimh gortaithe. Conor McHugh, a tháinig isteach do Chiarán Redin, Cormac Costello, a tháinig isteach do Rock, agus Kilkenny a fuair na scóranna sin. D’aimsigh Johnny Heaney scór do Ghaillimh sa 78ú nóiméad, áfach, agus chríochnaigh an cluiche cothrom. Níl aon amhras faoi ach go mbeadh an dá fhoireann sásta go leor leis an gcomhscór. Scór deiridh: Gaillimh 0-13 Áth Cliath 0-13.

Tábla na Sraithe – Roinn 1

  I B CS C D P
Áth Cliath 6 5 1 0 33 11
Gaillimh 6 5 1 0 17 11
Muineachán 6 4 0 2 5 8
Tír Eoghain 6 3 0 3 9 6
Ciarraí 6 3 0 3 -8 6
Maigh Eo 6 2 0 4 -16 4
Dún na nGall 6 1 0 5 -17 2
Cill Dara 6 0 0 6 -23 0

Amach Anseo

DG1

In ainneoin go bhfuil roinnt de na himreoirí gortaithe bheadh Jim Gavin sásta go leor leis an gcaoi a bhfuil an bhliain ag gabháil go dtí seo. Bhí deis aige go leor de na himreoirí atá ar imeall an phainéil a fheiceáil in aghaidh na Gaillimhe. Muineachán an chéad dúshlán eile, amárach, 25 Márta, i bPáirc an Chrócaigh. Ansin, beidh cluiche ceannais sraithe eile againn in aghaidh na Gaillimhe. Laethanta iontacha!

Ar aghaidh linn. Na Dubs abú!

Áth Cliath: E Comerford, D Byrne, P McMahon, M Fitzsimons, E Lowndes, J Small, J Cooper (0-01), J McCarthy, MD Macauley, C Reddin, C Kilkenny (0-05), C Basquel, P Small (0-01), D Rock (0-02), P Andrews (0-01)

Ionadaithe: B Fenton do E Lowndes, C Costello (0-02) do D Rock, C McHugh (0-01) do C Reddin, E Ó Conghaile do MD Macauley, E O’Gara do P Small, A McGowan do J Small

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

w

Ceangal le %s