Ó Heffo go Gavin – An 15 a Thosóinn

Ní lia duine ná tuairim.

Arm Heffo

Tháinig mise ar an saol sa mbliain 1977. Mar sin, chuile sheans gur ag ól as buidéilín nó i mo luí i gcliabhán le clúidín salach a bhí mé nuair a bhuaigh na Dubs cluiche ceannais peile na hÉireann sa mbliain sin. Cinnte, níl aon chuimhne agam ar an gcluiche.

Is fíorbheagán cuimhne atá agam ar an dáréag aspal sé bliana ina dhiaidh sin, in aghaidh na Gaillimhe, ach an oiread – cé gur chuimhin liom an cluiche a bheith ar siúl i mo thimpeall. Is cuimhin liom an rírá is an ruaille buaille i dteach m’aintín i Loch Garman de réir mar a bhí imreoirí á gcur den pháirc!

Heffo

In ainneoin nach bhfuil aon chuimhne agam ar Arm Heffo, tá roinnt mhaith ar eolas agam faoi fhoirne iontacha na Dubs ó na seachtóidí agus ó thús na n-ochtóidí. Mhair na scéalta fúthu go dtí an lá inniu agus beidh caint orthu i measc lucht leanta Bhaile Átha Cliath go deo. Is ceart agus is cóir sin.

Tá an t-uafás déanta ag TG4 chun na laochra móra sin a choinneáil i mbéal na ndaoine, freisin. Is minic a rinneadh athchraoladh ar na cathanna móra idir na Dubs agus Ciarraí sna seachtóidí agus sna hochtóidí ar GAA Gold. Thug TG4 ardán do Arm Heffo rud a thug deis do mo leithéidse iad a fheiceáil ag imirt.

Na Nóchaidí

Bhí foireann iontach ag na Dubs sna nóchaidí. Dairíre píre, ba cheart go mbeadh i bhfad níos mó buaite acu. Na ceithre chluiche in aghaidh na Mí i 1991, cluiche ceannais na hÉireann in aghaidh Dhún na nGall i 1992, cluiche leathcheannais na hÉireann in aghaidh Dhoire i 1993, cluiche ceannais na hÉireann in aghaidh an Dúin i 1994. D’fhéadfadh dhá Chraobh uile-Éireann eile a bheith buaite ag na Dubs sular éirigh leo a lámha a leagan ar an Sam ar deireadh thiar i 1995.

1424640687-dermot-deasy_1320_700_70shar-20_s_c1_c_c_0_0

Arm Jim Gavin

Tar éis 16 bliain de ghorta mór peile i mBaile Átha Cliath d’éirigh le foireann Pat Gilroy an ceann is fearr a fháil ar Chiarraí i gcluiche ceannais na hÉireann sa mbliain 2011. Nuair a d’éirigh le Stephen Cluxton an liathróid a chur thar an trasnán sa 72ú nóiméad d’athraigh chuile rud. Bhí Corn Sam Maguire ar ais sa bpríomhchathair an athuair agus bhí tús curtha le ré órga peile i mBaile Átha Cliath.

D’éirigh Gilroy as mar bhainisteoir ag deireadh 2012 de bharr cúrsaí oibre agus tháinig Jim Gavin isteach ina áit. Ó shin i leith tá ceithre Chraobh uile-Éireann as cúig cinn buaite ag na Dubs agus gan ach an t-aon chluiche amháin craoibhe caillte acu – in aghaidh na gConallach i 2014. Tá ceithre cinn de shraitheanna náisiúnta buaite acu agus cluiche ceannais eile sraithe rompu amárach. Tá cúig cinn de Chraobhacha Laighean buaite acu. Seo í ré órga peile na Dubs agus is é Jim Gavin atá ag an stiúir.

NDAb 19

Tá sé fíordheacair comparáid a dhéanamh idir foirne agus imreoirí ó ghlúnta éagsúla. Mar sin féin, déanfaidh mé iarracht an 15 a roghnóinn féin le gabháil chun páirce ag tabhairt chuile imreoir a d’imir leis na Dubs ó thús ré Heffo go dtí an lá atá inniu ann, san áireamh.

Tá go leor nach n-aontóidh le mo rogha foirne ach mar a deir an seanfhocal ní lia duine ná tuairim. Tá míle fáilte roimh mholtaí agus roimh thuairimí anseo. Ní fhaca mé foirne na seachtóidí mar a chonaic mé foirne na nóchaidí agus an fhoireann reatha. Mar sin, bí ag súil le claontacht i dtreo na bhfoirne atá feicthe ceart agam!!

An Cúl Báire

Tá an t-ádh dearg orainne, Dubs, go raibh triúr den scoth againn idir na cuaillí dúinn ó na seascaidí go dtí an lá inniu – Paddy Cullen (1966-1979), John O’Leary (1980-1997) agus Stephen Cluxton (2001-). Bhí O’Leary agus Cullen iontach ach chaithfinn áit a thabhairt do Cluxton ar mo fhoireann. An raibh tionchar chomh mór céanna ag aon imreoir eile ar an mbealach a n-imrítear an cluiche is a bhí ag Cluxton? Ní dóigh liom é.

Bhuaigh Cullen trí Chraobh uile-Éireann leis na Dubs agus bhuaigh John O’Leary dhá cheann, is é ina chaptaen i 1995. In ainneoin a gcuid éachtaí, áfach, ní fhéadfainn Cluxton a fhágáil amach. An é an t-imreoir is fearr a d’imir riamh? Níl a fhios agam ach chaithfeadh sé a bheith san áireamh dá mbeadh a leithéid de ghradam ann. Cúig Chraobh Éireann buaite aige agus ceithre cinn acu mar chaptaen. Mo dhóthain ráite agam!

Na Lánchúlaithe – 2-4

D’imir go leor imreoirí iontacha sa líne lánchúil do na Dubs thar na blianta. Le blianta beaga anuas smaoiním ar leithéidí Mick Fitzsimons, Jonny Cooper, Philly McMahon agus ar Rory O’Carroll ach go háirithe. Smaoiním ar leithéidí Gerry Hargan, Dermot Deasy, Paddy Christie, Robbie Kelleher, Seán Doherty agus Gay O’Driscoll ó ghlúnta eile. Spéisiúil go leor, imreoirí de chuid Bhaile Munna iad McMahon, Hargan, Deasy agus Christie ón liosta sin. Insíonn sé sin a scéal féin faoin gclub iontach sin i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath!

Cnoc

Tá an crú tite ar an tairne, áfach, agus is mar seo a leanas a roghnóinn mo líne lánchúil; Philly McMahon, Gerry Hargan agus Jonny Cooper. D’fhéadfadh cúig Chaobh uile-Éireann a bheith buaite ag O’Carroll faoin am seo ach, ar an drochuair, níor fhan sé thart. Sin an fáth a gcuirfinn Hargan chun tosaigh air. Bheadh Seán Doherty chun tosaigh air, freisin, ar na cúiseanna céanna. Is mór an trua nach raibh deis againn O’Carroll a fheiceáil i mbarr a réime ar feadh tréimhse níos faide.

Na Leathchúlaithe – 5-7

Is mo mhachnamh a dhéanamh agam ar an líne leathchúil a bheadh agam tagann ainmneacha go leor gaiscíoch is laochra chun cinn. Paul Curran, Kevin Moran, Cian O’Sullivan, Ger Brennan, Tommy Carr, Eamonn Heary, James McCarthy, Tommy Drumm, Keith Barr, Pat O’Neill agus Jack McCaffrey i measc daoine eile.

Paul Curran, Kevin Moran agus Jack McCaffrey a roghnóinn sa líne leathchúil agus an mí-ádh ar Chian O’Sullivan agus ar James McCarthy cailleadh amach in áit Moran. Níor chaith Moran ach cúpla bliain ag imirt leis na Dubs ach níl aon amhras faoi ach gur fhág sé a lorg ar stair peile an chontae sna blianta sin. Ní bheadh cluiche ceannais na hÉireann buaite againn i 1976 gan é!

Lár Páirce

Is iomaí imreoir iontach lár páirce a d’imir leis na Dub ó na seachtóidí ar aghaidh. Brian Mullins, Ciarán Whelan, Brian Stynes, Paul Clarke, Michael Darragh Macauley agus Brian Fenton ina measc. Mar sin féin, is iad Brian Mullins agus Brian Fenton a gheobhadh geansaithe uimhir a hocht agus a naoi uaimse. Imreoir eisceachtúil a bhí i Mullins agus tá Fenton ag croílár na himeartha do na Dubs le trí bliana anuas.

Na Leatosaithe – 10 – 12

Seo é ré órga peile na Dubs agus bheadh se deacair breathnú thairis na himreoirí reatha don trí áit ar an líne leatosach. Mar sin féin, ní fhéadfainn Anton O’Toole, a bhuaigh ceithre Chraobh uile-Éireann leis na Dubs, a fhágáil amach. Mar sin is iad O’Toole, Diarmuid Connolly agus Ciarán Kilkenny a líonfadh an líne leatosach dhom. Cinneadh fíordheacair a bheadh ann leithéidí Dessie Farrell, Kieran Duff, Barney Rock, Paul Flynn, Con O’Callaghan, Charlie Redmond agus Tony Hanahoe a fhágáil amach ach ní féidir liom ach triúr a roghnú!

Na Lántosaithe – 13 -1 5

Jab fíordheacair atá agam an triúr is fearr a phiocadh don líne lántosach. I measc na n-imreoirí iontacha a bhí againn sa líne lántosach thar na blianta bhí imreoirí ar nós Jason Sherlock, Vinnie Murphy, Dean Rock, Jimmy Keaveney agus muintir Brogan – Bernard óg agus Alan. Tar éis go leor cuir is cúitimh shocraigh mé gurb iad Alan Brogan, Jimmy Keaveney agus Bernrad Óg Brogan a gheobhadh an geansaí gorm is dúghorm uaim don líne lántosach. Ba é an 2-06 a d’aimsigh Keaveney i gcluiche ceannais na hÉireann i 1977, in aghaidh Ard Mhacha, a chinntigh a áit ar an bhfoireann dom.

ce4

Is cinnte nach n-aontódh chuile dhuine leis na roghanna uilig atá déanta agam anseo ach mar a luaigh me thuas ní lia duine ná tuairim. Fáilte roimh aiseolas!!!!

Foireann Bainistíochta:

Comhbhainisteoirí: Kevin Heffernan agus Jim Gavin

Roghnóirí: Pat Gilroy, Mickey Whelan, Mick Deegan

1. Stephen Cluxton (C)
2. Jonny Cooper 3. Gerry Hargan 4. Philly McMahon
5. Paul Curran 6. Kevin Moran 7. Jack McCaffrey
8. Brian Mullins 9. Brian Fenton
10. Anton O’Toole 11. Diarmuid Connolly 12. Ciarán Kilkenny
13. Alan Brogan 14. Jimmy Keaveney 15. Bernard Brogan

Binse: John O’Leary, Eamon Heary, Dermot Deasy, Robbie Kelleher, Paddy Christie, Cian O’Sullivan, James McCarthy, Tony Hanahoe, Tommy Carr, Michael Darragh Macauley, Ciarán Whelan, Jason Sherlock, Dessie Farrell, Vinnie Murphy, Paul Flynn, Barney Rock, Dean Rock, Charlie Redmond, Con O’Callaghan, Kieran Duff

Advertisements

2 fhreagra ar “Ó Heffo go Gavin – An 15 a Thosóinn

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s