An 13ú Sraith Náisiúnta Peile Buaite ag na Dubs

Áth Cliath 0-18 Gaillimh 0-14

…tá 14 comórtas buaite ag na Dubs as 16 faoi stiúir Jim Gavin.

Céard is féidir a rá faoi fhoireann seo na Dubs nár dúradh cheana? Is é seo an 13ú Sraith Náisiúnta atá buaite acu agus an cúigiú ceann le 6 bliana anuas. Taobh amuigh de Chraobh Chorn Uí Bhroin tá 14 comórtas buaite ag na Dubs as 16 faoi stiúir Jim Gavin. Damanta!

Dubs v Gaillimh

Bhuaigh na Dubs an cluiche seo in aghaidh na Gaillimhe, a imríodh os comhair 36,754 Dé Domhnaigh seo caite i bPáirc a Chrócaigh, ar scór 0-18 go dtí 0-14. Ní raibh ach fíorbheagán idir na foirne ó thús go deireadh ach d’éirigh le 14 Átha Cliath leibhéal eile a bhaint amach théis gur cuireadh Niall Scully den pháirc. Bhí an díocas, atá go smior i bhfoireann seo na Dubs, go soiléir ina dhiaidh sin. Ní stopann siad ag obair agus tá an meon céanna oibre ag an dream óg is atá ag an dream atá ar an bhfoireann le blianta beaga anuas.

Gaillimh

Foireann iontach atá ag Kevin Walsh agus tá imreoirí den scoth aige. Tá sé fíordheacair Damien Comer a mharcáil agus is é an t-imreoir is fearr sa tír faoi láthair. Mar sin féin, má tá Gaillimh chun an ceann is fearr a fháil ar Mhaigh Eo ar 13 Bealtaine, beidh orthu bogadh go dtí an chéad leibhéal eile. Ní féidir leo a bheith ag ceapadh go bhfuil a ndóthain oibre déanta acu. Má tá siad in ann cur leis an dul chun cinn atá déanta acu le cúpla mí anuas d’fhéadfaidís a bheith san iomaíocht le haghaidh Chorn Sam Maguire ag tús mhí Mhean Fómhair. Beidh le feiceáil.

An Réiteoir

Bhí go leor ag clamhsán faoin réiteoir, Anthony Nolan. Níl aon amhras faoi ach go raibh an t-ádh ar Jonny Cooper nach bhfuair sé cárta dubh luath go leor sa gcluiche ach d’fhéadfadh cúpla imreoir de chuid na Gaillimhe imeacht le cártaí dubha, freisin, níos faide anonn sa gcluiche. Ba léir gur shocraigh an réiteoir ón tús go raibh sé chun na cártaí a choinneáil ina phóca.

An Chéad Leath

Is ag tuile is ag trá a bhí an cluiche seo don chéad leath agus ní raibh tada ag scaradh na bhfoirne ag leatham. I measc na scórálaithe do na Dubs bhí Dean Rock le trí chúilín, Paul Mannion le péire agus ceann an duine ó John Small, Niall Scully is ó Chiarán Kilkenny. Ba iad Barry McHugh le 0-03, Johnny Heaney agus Comer le péire an duine agus Paul Conroy a d’aimsigh scóranna na Gaillimhe sa gcéad leath. Scór leathama: Áth Cliath 0-08 Gaillimh 0-08.

Dubs v Gaillimh 2

An Dara Leath

D’fheabhsaigh na Dubs sa dara leath agus d’éirigh leo ceithre cinn den chéad chúig scór eile a aimsiú ó Cholm Basquel, a tháinig isteach in áit Kevin McManamon ag an mbriseadh, Rock agus Mannion. Cuireadh, Niall Scully den pháirc sa 50ú nóiméad, áfach, agus bhí dóchas ag na Gaillimhigh an athuair. D’éirigh leo trí scór i ndiaidh a chéile a aimsiú idir an 46ú agus 53ú nóiméad agus bhí na foirne cothrom arís. Shane Walsh agus Barry McHugh a fuair na scóranna sin do fhoireann Walsh.

Nuair a thiteann an crú ar an tairne, áfach, aimsíonn na Dubs leibhéal eile agus b’in é a tharla sa gcluiche seo. Chríochnaigh siad go láidir agus d’éirigh leo sé cinn den ocht scór dheireanacha a aimsiú. Rock, Kilkenny, Philly McMahon agus Eric Lowndes a fuair na scóranna sin. Fuair Comer an dá scór dheireanacha do Ghaillimh. D’fhéadfadh sé bheith níos éasca do na Dubs murach an tsábháil iontach a rinne Ruairí Lavelle ar iarracht Rock ar chúl sa 59ú nóiméad. Scór deiridh: Áth Cliath 0-18 Gaillimh 0-14.

Dubs v Gaillimh 4

Amach Anseo

Bheadh Jim Gavin an-sásta leis an gcaoi a ndeachaigh an tsraith. Níor imir na Dubs chomh maith is atá siad in ann ach, de bharr dhíocas na n-imreoirí, d’éirigh leo í a bhuachan. Bhí go leor den seandream nár imir mórán le cúpla mí anuas ar chúiseanna éagsúla – Paul Flynn, Diarmuid Connolly, Cian O’Sullivan agus Bernard Brogan i measc daoine eile. Mar sin féin, tháinig imreoirí óga isteach ina n-áit agus chruthaigh siad go maith.

Tá an fhoireann ag athrú beagán ar bheagán, bliain i ndiaidh bliana, agus is cinnte gur ábhar sásaimh é sin do Gavin. Tháinig leithéidí Colm Basquel, Brian Howard, Eoin Murchan, Emmet Ó Conghaile, Ciarán Reddin, Conor McHugh agus Andrew McGowan isteach le linn na sraithe agus rinne siad go maith.

Dubs v Gaillimh 3

Ábhar imní don chraobh ná gur chuir na Dubs go leor seansanna ar chúl amú le linn na sraithe. Beidh orthu díriú air sin agus iad ag réiteach don chéad bhabhta de Chraobh Laighean.

Leagadh go leor suntais i tweet a cuireadh amach théis an chluiche. Is cosúil gurb é John Horan, Uachtarán nua Chumann Lúthchleas Gael, an príomhoide sa scoil ina bhfuil Stephen Cluxton ag múineadh. Eisean a bhronn Corn na Sraithe ar Cluxton, Dé Domhnaigh. An mbeidh Cluxton ag glacadh le Corn Uí Dhubhshláine uaidh i mí an Mheithimh? Beidh le feiceáil…

Ar aghaidh linn. Na Dubs abú!

Áth Cliath: S Cluxton, M Fitzsimons, D Byrne, P McMahon (0-01), J McCarthy, J Cooper, J Small (0-01), B Fenton, MD Macauley, N Scully (0-01), P Mannion (0-03), B Howard, K McManamon, C Kilkenny (0-02), D Rock (0-07)

Ionadaithe: E Lowndes (0-01) do J McCarthy, C Basquel (0-02) do K McManamon, E Murchan do J Small, C O’Callaghan do MC Macauley, S Carthy do P Mannion, P Small do P McMahon

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s