Muineachán 2-12 Áth Cliath 0-17

Páirc an Chrócaigh, 25 Márta, 2018

Fuair Muineachán an ceann is fearr ar na Dubs sa gcluiche seo a imríodh Dé Domhnaigh, 25 Márta, os comhair 22,085 i bPáirc an Chrócaigh. Is foireann iontach iad Muineachán agus tá éachtaí móra bainte amach acu le blianta beaga anuas. Cruthúnas atá i dtaispeántais sraithe fhoireann Malachy O’Rourke go bhfuil foireann ar bith in ann a bheith iomaíoch, beag beann ar dhaonra, ach an díocas is an uaillmhian chuí a bheith ag an bhfoireann. Tá Muineachán dea-eagraithe agus thuill siad an bua seo in aghaidh lucht na príomhchathrach. Comhghairdeas leo.

ÁC v Muine

Maidir leis na Dubs, is cinnte go mbeadh díomá ar Jim Gavin in ainneoin go bhfuil siad tríd chuig cluiche ceannais na sraithe. Ba é seo an chéad chluiche a chaill a fhoireann ó chluiche ceannais na sraithe 2017 in aghaidh Chiarraí. Mar sin féin, bhí deis aige Evan Comerford, Conor McHugh agus Shane Carthy a chur isteach ón tús. Cuireadh Colm Basquel, Eoin Murchan, Emmet Ó Conghaile agus Paddy Small isteach ón mbinse. Tá go leor de na himreoirí óga, atá ar imeall an phainéil, feicthe ag bainistíocht Átha Cliath le cúpla cluiche anuas agus is rud maith é sin.

An Chéad Leath

Thosaigh Áth Cliath go tréan agus tar éis 10 nóiméad bhí siad chun tosaigh ar scór 0-05 go dtí 0-02. Dean Rock (0-03), Brian Fenton (0-01) agus Philly McMahon (0-01) a fuair na scóranna sin do na Dubs. Bhí an chuma ar an scéal go mbeadh lá fada ag Muineachán. Tháinig siad ar ais, áfach, agus dhá nóiméad ina dhiaidh sin bhí siad chun tosaigh ar 1-03 go dtí 0-05. Vinnie Corey a fuair an cúl dóibh agus Dessie Mone a fuair an cúilín.

Bhí na foirne gob ar ghob don chuid eile den leath agus bhí siad cothrom ag leatham. Chríochnaigh na Dubs an leath le trí scór ó John Small, Rock is ó Brian Howard agus chríochnaigh na hUltaigh an leath le dhá scór ó Conor McCarthy. Scór leathama: Áth Cliath 0-08 Muineachán 1-05.

An Dara Leath

Lean na foirne orthu agus ní raibh eatarthu ag aon am amháin ach scór amháin, le linn an dara leath. Nuair a d’aimsigh na Dubs scór bhí freagra ag Muineachán orthu. Nuair a d’aimsigh Muineachán scór bhí freagra ag na Dubs orthu. B’in mar a bhí go dtí an 74ú nóiméad, cibé ar bith, nuair a d’aimsigh Fintan Kelly scór cinniúnach an chluiche leis an mbua a thabhairt do Mhuineachán.

ÁC v Muine 2

Ina measc siúd a fuair na scóranna do na Dubs sa dara leath bhí Rock, McMahon, Niall Scully, Colm Basquel, Davy Byrne agus Fenton. Cuireadh McMahon den pháirc sa 65ú nóiméad nuair a bronnadh an dara cárta buí air. McCarthy, Kieran Hughes, Ryan McEnespie, Conor McManus, Karl O’Connell, 1-01 ó Jack McCarron agus Kelly a fuair scóranna Mhuineacháin. Scór deiridh: Muineachán 2-12 Áth Cliath 0-17.

Tábla na Sraithe – Roinn 1

  I B CS C D P
Gaillimh 7 6 1 0 23 13
Áth Cliath 7 5 1 1 32 11
Muineachán 7 5 0 2 6 10
Tír Eoghain 7 4 0 3 14 8
Ciarraí 7 3 0 4 -13 6
Maigh Eo 7 2 1 4 -16 5
Dún na nGall 7 1 1 5 -17 3
Cill Dara 7 0 0 7 -29 0

Amach Anseo

Cluiche in aghaidh na Gaillimhe atá roimh Jim Gavin is a fhoireann anois i gcluiche ceannais na Sraithe. Tá roinnt mhaith imreoirí gortaithe – Cian O’Sullivan, Jack McCaffrey, Paul Mannion agus Bernard Brogan ina measc – ach tabharfaidh sé seo deis eile do Jim Gavin tuilleadh de na himreoirí óga a fheiceáil.

Tá cluiche ceannais sraithe eile romhainn. Go maire na laethanta maithe seo. Ar aghaidh linn. Na Dubs abú!

Áth Cliath: E Comerford, M Fitzsimons, P McMahon (0-02), D Byrne (0-01), D Daly, J Small (0-01), B Howard (0-02), J McCarthy, B Fenton (0-02), S Carthy, C Costello, N Scully (0-01), C McHugh, D Rock (0-07), K McManamon

Ionadaithe: C Basquel (0-01) do P McManamon, MD Macauley do S Carthy, E Murchan do D Daly, P Small do C McHugh, E Ó Conghaile do C Costello

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s