Tiobraid Árann 2-25 Áth Cliath 0-20

Páirc an Chrócaigh, 25 Márta, 2018

Toradh an-díomách a bhí anseo go háirithe théis an tús iontach a bhí ag na Dubs. Tháinig foireann Pat Gilroy amach agus d’imir siad le díocas is le paisean agus rinne siad scrios ar na Tiobraidigh don chéad 12 nóiméad den chluiche ceathrú ceannais sraithe seo a imríodh Dé Domhnaigh, 25 Márta, i bPáirc an Chrócaigh. Tháinig na Tiobraidigh ar ais go tréan, ina dhiaidh sin, agus ní raibh aon fhreagra ag na Dubs orthu, fiú amháin, nuair a cuireadh Ronan Maher den pháirc sa 37ú nóiméad. Ní mór do na Dubs dearmad a dhéanamh ar an gcluiche seo go sciobthaí agus díriú ar Chraobh Laighean.

Dub v TÁ

Maidir le foireann Michael Ryan, is cinnte go mbeidh siad míshásta leis an gcaoi ar éirigh leis na Dubs gabháil chomh fada sin chun tosaigh ag tús an chluiche. Mar sin féin, níor tháinig aon líonrith orthu agus d’oibrigh siad crua le teacht ar ais sa gcluiche. In ainneoin gur chaill siad cluiche ceannais na sraithe a imríodh Dé Domhnaigh seo caite, 8 Aibreán, in aghaidh na gCat, beidh sé an-deacair an ceann is fearr a fháil orthu níos faide anonn sa samhradh.

An Chéad Leath

Bhí tús fíorsciobthaí ag na Dubs leis an gcéad leath agus leag siad síos luas an chluiche. Tar éis 12 nóiméad bhí siad chun tosaigh ar scór 0-11 go dtí 0-02. Bhí Dónal Burke, Danny Sutcliffe, Fionntán Mac Gib, Conal Keaney, Shane Barrett agus Paul Winters i measc na scórálaithe do na Dubs. Jason Forde a fuair scóranna Thiobraid Árann. Bhí lucht leanta na Dubs ar bís agus iad ag ceapadh go mbeadh lá stairiúil acu in aghaidh na dTiobraideach.

D’athraigh an cluiche go mór ina dhiaidh sin, áfach, agus níor éirigh leis na Dubs ach naoi gcúilín eile a aimsiú sa 58 nóiméad deireanach, móide am cúitimh gortaithe, den chluiche. Go deimhin, chuaigh Tiobraid Árann isteach chun tosaigh ag leatham ar scór 1-15 go dtí 0-14. Ba é John McGrath a fuair an cúl do Thiobraid Árann. Nuair a cuireadh Ronan Maher den pháirc, in am cúitimh gortaithe, bhí na Dubs dóchasach go mbeadh siad in ann brú chun tosaigh sa dara leath.

An Dara Leath

Níor éirigh le hÁth Cliath aon bhuntáiste a bhaint as an bhfear breise sa dara leath. Bhí na Tiobraidigh i bhfad níos díocasaí ná na Dubs. Nuair a d’aimsigh Michael Breen cúl dóibh sa 54ú nóiméad bhí na Muimhnigh deich gcúilín chun tosaigh ar scór 2-20 go dtí 0-16. Níor éirigh leis na Dubs ach sé chúilín a aimsiú sa dara leath. An scór deiridh: Tiobraid Árann 2-15 Áth Cliath 0-20.

Amach Anseo

Níl aon chúis nach bhféadfadh muid na cluichí ceathrú ceannais a bhaint amach.

Cuirfidh na Dubs tús le Craobh Laighean thar dheireadh seachtaine, 13 Bealtaine, le cluiche deacair in aghaidh Chill Chainnigh. Beidh boic mhóra Chuala ar ais, dar ndóigh. Caithfidh lucht leanta Átha Cliath gabháil amach agus tacú leo agus cabhrú leo dul chun cinn a dhéanamh i mbliana. Níl aon chúis nach bhféadfadh muid na cluichí ceathrú ceannais a bhaint amach.

Ar aghaidh linn. Na Dubs abú!

Áth Cliath: A Nolan, P Smyth, B O’Carroll, E O’Donnell, J Madden, C Crummey, S Barrett (0-01), R McBride, F Mac Gib (0-02), D Burke (0-07), C Keaney (0-03), D Sutcliffe (0-03), R Hayes, R O’Dwyer, P Winters (0-03)

Ionadaithe: F Whitely do R Hayes, R Mahon do R O’Dwyer, D Kelly do C Crummey, C Costello do P Winters, F Ó Riain Broin (0-01) do E McBride

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s