20 Ceist Sciobthaí ar Ray Cosgrove

An-imreoir an bhí i Ray Cosgrove agus bheadh cuimhne mhaith fós ag lucht leanta na Dubs ar a chuid éachtaí le linn na bliana 2002, ach go háirithe. Bhí an-bhliain aige. D’aimsigh sé 2-03 in aghaidh na Mí agus Darren Fay á mharcáil. D’aimsigh sé 0-06 in aghaidh Ard Mhacha i gcluiche leathcheannais na hÉireann sa mbliain chéanna agus mí-ádh aisteach air gur bhuail sé an cuaille leis an gcic deireanach den chluiche. Bronnadh laoch na himeartha air sa gcluiche sin. Chríochnaigh sé an chraobh le 6-23 an bhliain sin agus bhuaigh sé Gradam Sárimreora mar aitheantas ar a chuid éachtaí.

Cossie Áth Cliath

Lena chlub, Cill Mochuda na Crócaigh, bhuaigh sé cúig cinn de Chraobhacha Átha Cliath, 3 cinn de Chraobhacha Laighean agus Craobh uile-Éireann amháin, in aghaidh Chrois Mhic Lionáin, sa mbliain 2009. Is cinnte nach mbeadh an oiread sin craobhacha buaite ag na Crócaigh gan ‘Cossie’ ag tús cadhnaíochta dóibh.

Bhí sé de phribhléid agam féin imirt leis ar fhoirne faoi aois agus is cuimhin liom go maith an chaoi a ndéanfadh sé scrios ar fhoirne lena chuid clisteachta agus lena chuid scile. Bhí sé soiléir luath go leor ina shaol go n-imreodh sé leis an Dubs agus go mbeadh blianta móra maithe amach roimhe leis na Crócaigh.

Seo a leanas mar a d’fhreagair sé fiche ceist sciobthaí a chuir mé air le gairid:

1. Club? Cill Mochuda na Crócaigh

2. Club nó Contae? Club

3. An chéad chuimhne CLG atá agat? Cluiche Ceannais na hÉireann sa mbliain 1983. Is cuimhin liom a bheith i mo shuí i ngabhal m’athar is mé ag tacú le mo chol ceathrar, Gay McManus, a bhí ag imirt leis na na Gaillimhigh!!!

4. An cluiche is fearr a d’imir tú riamh? An cluiche a d’imir mé i gCraobh Laighean do Chill Mochuda in aghaidh Naomh Peadar, Dún Búinne, i 2005. D’aimsigh mé 1-10 sa gcluiche sin. Bhí mé rúinne beag níos fearr sa gcluiche sin ná mar a bhí mé in aghaidh Ard Mhacha i 2002.

5.An cluiche is fearr ina raibh tú páirteach? Cluiche Ceannais na hÉireann in aghaidh Chrois Mhic Lionáin sa mbliain 2009.

6.An t-imreoir is fearr a chonaic tú riamh? Diarmuid Connolly

7. An t-imreoir is fearr a d’imir i do éadan? Seamus Moynihan

8. An t-imreoir is fearr a d’imir leat? Conor Deegan as contae an Dúin (bhuaigh Deego boinn uile-Éireann leis an Dún is é ag imirt i lár na páirce agus mar lánchúlaí).

9. Buaicphointe do shaoil imeartha? Corn Andy Merrigan a bhuachan ar Lá ‘le Phádraig i 2009!

10. An bainisteoir is fearr ó thús na seachtóidí? Jim Gavin

Crokes

11. Céard é an t-údar aiféala is mó atá ort ó do chuid laethanta imeartha? Nuair a chaill muid Cluiche Ceannais Laighean in aghaidh ‘Éire Óg’ théis trí chluiche ina n-éadan!

12. Brolly, Ó Sé nó Wooly? Tomás Ó Sé

13. Cé a bhuafas Craobh Átha Cliath i 2018? Cill Mochuda na Crócaigh ar ndóigh!

14. An bhagairt is mó do Áth Cliath i mbliana? Ciarraí

15. Cé a bhuafas Craobh na hÉireann i mbliana? Na Dubs

16. An t-imreoir is fearr ó chontae ar bith nár bhuaigh Craobh uile-Éireann? Threabh Declan Browne ó Thiobraid Árann a ghort féin ar feadh na mblianta. Bhí an t-ádh orm imirt leis is mé ar an gcoláiste. Sárimreoir!

17. An tSraith Náisiúnta nó Craobh Laighean? Bhí sé i bhfad níos deacra Craobhacha Laighean a bhuachan nuair a bhí mise ag imirt!

18. An mbíonn tú ag cóitseáil na laethanta seo? Tá an t-ádh orm baint a bheith agam le painéal forbartha f15 na Dubs agus le foireann f12 m’iníne i mBAILE BUADÁIN!!!!!

19. Bainistíocht nó tráchtaireacht? Bainistíocht lá ar bith!

20. An spórt is fearr leat taobh amuigh de pheil ghaelach? Galf

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

w

Ceangal le %s