Slán le Peter Kelly

D’fhógair Peter Kelly ar Twitter Dé Domhnaigh seo caite, 22 Aibreán, go raibh sé tar éis éirí as foireann iomána Átha Cliath. Thug sé le fios go raibh sé ag iarraidh díriú ar a bheith ag imirt lena chlub, Sáirséalaigh Leamhcáin, anois. Dúirt sé go dtabharfadh an cinneadh mór seo deis dó faid a bhaint as a laethanta deireanacha imeartha leis an gclub.

Peter Kelly

D’imir Kelly, atá 29 anois, a chéad chluiche leis na Dubs in aghaidh Chorcaí, thiar sa mbliain 2008. D’éirigh le fir na príomhchathrach go leor a bhaint amach agus geansaí uimhir 3 á chaitheamh ag fear Leamhcáin. Bhí sé ann i 2011 nuair a d’éirigh leo an tSraith Náisiúnta a bhuachan don chéad uair ó 1939. Bhí sé ann nuair a d’éirigh le foireann Anthony Daly gabháil céim níos faide i 2013 agus Corn Bob O’Keefe a bhuachan don chéad uair ó 1961.

Bhí Kelly ar cheann de na himreoirí is tábhachtaí do na Dubs le linn na mblianta buacacha sin. Mar aitheantas air sin, bronnadh Gradam Sárimreora air sa mbliain 2013 in éineacht le Liam Rushe agus le Danny Sutcliffe.

D’fhág Peter Kelly an painéal anuraidh ach, nuair a ceapadh Pat Gilroy mar bhainisteoir gar do dheireadh na bliana seo caite, tháinig sé ar ais arís. Bhí gortú glúine ag cur as dó ó tháinig sé ar ais agus níor éirigh leis aon chluiche a imirt ó d’fhill sé, faraor. Ghuigh sé gach rath ar Gilroy is ar fhoireann do na blianta amach romhainn sa ráiteas a d’eisigh sé.

Míle buíochas leat, a Peter!

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s