Leanfar le hUrraíocht AIG ar na Dubs go Ceann Cúig Bliana Eile

Fógraíodh inné, Dé Máirt, 8 Bealtaine, ag ócáid i CLG Bheann Éadair go mbeadh AIG ag leanacht ar aghaidh leis an urraíocht a dhéanann siad ar fhoirne peile, iomána, camógaíochta agus pheil na mban de chuid na Dubs go ceann cúig bliana eile. Dea-scéal é seo do lucht CLG Átha Cliath.

AIG

Mar chuid den mhargadh a rinneadh leanfar le hurraíocht AIG ar fhoirne sinsearacha Átha Cliath. Déanfaidh siad urraíocht ar Ionad Gníomhaíochta AIG i bPáirc Pharnell, chomh maith le maoiniú a chur ar fáil do na hoifigigh fhorbartha cluichí fud fad phobail, chlubanna agus scoileanna Átha Cliath. Tá siad sásta íoc as cláracha oideachais agus sábháilteachta, atá dírithe ar chlubanna, freisin.

Thug Seán Shanley, Cathaoirleach Bhord Contae Átha Cliath, le fios go raibh siad an-sásta leis an margadh seo agus go dtabharfadh sé deis dóibh pleanáil chun tosaigh le cinnteacht. Dúirt sé, freisin, go raibh CLG Átha Cliath agus an mórchomhlacht árachais, AIG, ag gabháil ó neart go neart ó cuireadh tús leis an gcomhchaidreamh seo an chéad lá, thiar sa mbliain 2013.

Dúirt Declan O’Rourke, Bainisteoir Ginearálta AIG, go raibh an-áthas orthu go mbeadh siad ag leanacht ar aghaidh le hurraíocht a dhéanamh ar cheithre fhoireann shinsearacha Átha Cliath – idir na fir is na mná. Luaigh sé, freisin, go bhfuil AIG an-bhródúil as an mbaint atá acu leis na foirne sin.

Creidtear gur fiú €1,000,000 sa mbliain an urraíocht seo agus mairfidh an margadh go dtí 2023.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

w

Ceangal le %s