Cill Chainnigh 1-25 Áth Cliath 3-16

Páirc Pharnell, Dé Domhnaigh, 13 Bealtaine

Bhí deireadh an-díomách leis an gcluiche seo i gCraobh Laighean a imríodh i bPáirc Pharnell, Dé Domhnaigh seo caite, 13 Bealtaine, 2018. Mar sin féin, ábhar bróid a bhí sa taistpeántas a thug na Dubs. Tá go leor ann a cheap nach mbeadh taispeántas den chineál sin iontu. Ábhar suntais agus dóchais an díomá a bhí ar fhoireann Pat Gilroy gur chaill siad an cluiche craoibhe seo in aghaidh na gCat!

17951742_1676531402376257_8747405650255707015_n

D’oibrigh na Dubs go crua ó thús go deireadh agus murach gur chuir siad go leor seansanna amú bheadh an lá leo. Ar an láimh eile de, bhí foireann Brian Cody an-chruinn agus níor chuir siad ach trí sheans amú le linn an chluiche ar fad. Ba iad cúl báire na gCat, Eoin Murphy, agus TJ Reid ba mhó a sheas amach do Chill Chainnigh.

D’fhoghlaim muid ón gcluiche seo go bhfuil na Dubs iomaíoch an athuair. Imríonn siad le fear breise i measc na gcúlaithe agus tá sé deacair scóranna a fháil orthu. Má éiríonn leo cur leis an taispeántas seo beidh sé deacair ag foireann ar bith an ceann is fearr a fháil ar iománaithe Átha Cliath i mbliana.

An Chéad Leath

Bhí se soiléir ó thús an chluiche go mbeadh na Dubs cosantach agus go mbeadh ar na Cait a gcuid seansanna a thógáil. Fuair Eoin Murphy an chéad scór do Chill Chainnigh sa gcéad nóiméad ach d’fhreagair na Dubs an scór sin le cúl ó Paul Ryan sa 3ú nóiméad.

Bhreathnaigh na Dubs go maith agus d’éirigh leo gabháil chun tosaigh ar scór 1-06 go dtí 0-05 tar éis 30 nóiméad a bhuíochas do scóranna ó Paul Ryan is ó Chonal Keaney. Ba iad Reid agus Murphy a fuair scóranna Chill Chainnigh. Fuair Cill Chainnigh an chéad trí scór eile ó Reid, Murphy agus ó Walter Walsh ach d’aimsigh na Dubs 1-01 ina dhiaidh sin. Fergal Whitely a fuair an cúl – iarracht álainn ón talamh. Scór leathama: Áth Cliath 2-07 Cill Chainnigh 0-09.

An Dara Leath

Ba í an cheist ba mhó a bhí ar bhéalaibh a raibh i láthair i bPáirc Pharnell, ná, an bhféadfadh leis na Dubs coinneáil orthu ag imirt mar a bhí. Tháinig freagra na ceiste sin uaidh Jake Malone sa 44ú nóiméad nuair a d’aimsigh sé an tríú cúl do na Dubs. Bhí na Cait théis ceithre cinn den chéad sé chúilín den dara leath a aimsiú agus tháinig cúl Malone ag am iontach do na Dubs. D’fhág sé sin go raibh siad na chun tosaigh ar scór 3-09 go dtí 0-13.

inpho_01187565

Níor lig foireann Brian Cody don bhearna leathnú, áfach, agus choinnigh siad orthu. D’éirigh leo cúig cinn den chéad seacht gcúilín eile a aimsiú le linn an ama sin, rud a d’fhág trí chúilín taobh thiar iad. D’imigh Conal Keaney den pháirc agus é gortaithe sa 58ú nóiméad. Caillteanas mór a bhí ann do na Dubs. Bhí sé ag cruthú go leor fadhbanna dóibh.

Sa 12 nóiméad dheireanacha, móide am cúitimh gortaithe, d’éirigh le Cill Chainnigh 1-07 a aimsiú. Níor éirigh leis na Dubs ach trí chúilín a aimsiú le linn an ama sin. Tháinig an cúl sa 70 nóiméad uaidh Liam Blanchfield agus bhí na Cait chun tosaigh don chéad uair ón dara nóiméad. D’aimsigh siad dhá chúilín eile, ina dhiaidh sin, ó Walsh agus ó Reid – buillí marfacha na muice! Scór deiridh: Cill Chainnigh 1-25 Áth Cliath 3-16.

Amach Anseo

Má oibríonn siad chomh díocasach agus chomh díograiseach céanna beidh seans maith acu…

Cé nár bhuaigh na Dubs an cluiche seo, tús maith a bhí leis an gcraobh an taispeántas a thug siad. Dúshlán mór a bheidh ann taispeántas den chineál céanna a thabhairt dhá sheachtain i ndiaidh a chéile. Má oibríonn siad chomh díocasach agus chomh díograiseach céanna beidh seans maith acu, áfach.

Ní fios go fóill an mbeidh Conal Keaney ar fáil théis an ghortaithe a fuair ach beidh sé ag teastáil uainn. Tá ábhar dóchais ag lucht leanta iománaithe Átha Cliath an athuair. Ar aghaidh linn. Na Dubs abú!

Áth Cliath: A Nolan, P Smyth, C O’Callaghan, B O’Carroll, C Crummey (0-01), S Moran, S Barrett, R McBride, E O’Donnell, J Malone (1-00), C Keaney (0-04), D Sutcliffe, F Whitely (1-00), L Rushe, P Ryan (1-06)

 Ionadaithe: P Winters (0-03) do P Ryan, F Mac Gibb (0-01) do F Whitely, T Connolly (0-01) do R McBride, R O’Dwyer do C Keaney, S Durkin do J Malone

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

w

Ceangal le %s