Loch Garman 0-22 Áth Cliath 2-14

Páirc Loch Garman, 20 Bealtaine, 2018

Ábhar mór díomá do lucht leanta Átha Cliath gur chaill a bhfoireann cluiche in am cúitimh gortaithe don dara seachtain i ndiaidh a chéile. Mar sin féin, tugadh tuilleadh fianaise dúinn sa gcluiche seo go bhfuil na Dubs théis an taoide a chasadh faoi stiúir Pat Gilroy. Tá siad iomaíoch an athuair.

Ba é 24 meánaois na n-imreoirí a thosaigh in aghaidh Loch Garman, Dé Domhnaigh seo caite.

Tá Gilroy tar éis go leor imreoirí óga a thabhairt isteach ar an 15 tosaithe i mbliana – Bill O’Carroll, Fergal Whitely, Jake Malone agus Paddy Smyth i measc daoine eile. Déanfaidh na cluichí móra seo maitheas dóibh agus iad ag gabháil chun tosaigh. Ba é 24 meánaois na n-imreoirí a thosaigh in aghaidh Loch Garman, Dé Domhnaigh seo caite. Bhí ochtar acu faoi bhun 24. Comharthaí maithe iad sin do na blianta amach romhainn.

Loch Garman

Bhí na Carmanaigh an-chruinn lena gcuid seansanna sa gcluiche seo. Mar sin féin, ní bheadh Davy Fitzgerald róshásta gur scaoil siad na Dubs ar ais sa gcluiche sna nóiméid dheireanacha. Bhí Rory O’Connor damanta uilig dóibh agus chríochnaigh sé an cluiche le 0-12.

WexfordvDublinHurlingMay2018_large

An Chéad Leath

In ainneoin gur thosaigh Loch Garman an cluiche seo rúinne beag níos láidre ná na Dubs bhí na foirne gob ar ghob sa gcéad leath, théis do Rian McBride cúl a aimsiú do Áth Cliath sa 12ú nóiméad. D’fhág sé sin na foirne cothrom théis 12 nóiméad. Fuair Paul Ryan (0-04), Jake Malone (0-01) agus Paddy Smyth (0-01) na scóranna eile do na Dubs sa gcéad leath. Ba iad Rory O’Connor (0-06), Lee Chin (0-01), Paul Morris (0-01) agus Paudie Foley (0-01) a rinne an damáiste do na Carmanaigh. Scór leathama: Loch Garman 0-10 Áth Cliath 1-06.

An Dara Leath

D’éirigh le Loch Garman an lámh in uachtar a fháil ar na Dubs sa gcéad 15 nóiméad den dara leath. D’éirigh leo 0-06 a aimsiú sa 15 nóiméad sin. Ba iad Rory O’Connor (0-02), Jack O’Connor (0-01), Aidan Nolan (0-01), Diarmuid O’Keefe (0-01) agus Foley a fuair na scóranna sin. Níor éirigh leis na Dubs ach dhá chúilín a aimsiú le linn an ama sin ó Ryan agus ó McBride. D’fhág sé sin an fhoireann baile chun tosaigh ar scór 0-16 go dtí 1-08 agus gan fágtha ach 20 nóiméad.

Dhúisigh na Dubs ina dhiaidh sin, áfach, agus taobh istigh de 14 nóiméad bhí siad chun tosaigh a bhuíochas do 1-02 ó Ryan agus cúilín an duine ó Chian Boland, Liam Rushe agus ó Danny Sutcliffe. Théis do O’Connor agus David Treacy cúpla scór a mhalartú bhí na Dubs chun tosaigh le cúilín amháin in am cúitimh gortaithe. Mar a tharla in aghaidh na gCat, áfach, cuireadh brú ar na Dubs sna nóiméid dheireanacha sin agus d’éirigh le O’Connor agus Harry Kehoe na scóranna cinniúnacha a aimsiú leis an mbua a thabhairt do Loch Garman. Scór deiridh: Loch Garman 0-22 Áth Cliath 2-14.

Amach Anseo

Tá dul chun cinn mór déanta ag Pat Gilroy is ag a fhoireann i mbliana ach obair in aisce a bheidh ann mara bhfaigheann siad an ceann is fearr ar Uíbh Fhailí…

Tá am na cinniúna ag teacht leis an gcluiche in aghaidh Uíbh Fhailí ar 3 Meitheamh, i bPáirc Pharnell. Tá dul chun cinn mór déanta ag Pat Gilroy is ag a fhoireann i mbliana ach obair in aisce a bheidh ann mara bhfaigheann siad an ceann is fearr ar Uíbh Fhailí le fanacht i gCraobh Laighean. Cluiche in aghaidh churaidh na hÉireann, Gaillimh, a bheidh ag muintir na príomhchathrach, ina dhiaidh sin, le críoch a chur leis an gcraobh.

Ba é an sprioc a bhí ag na Dubs ag tús na bliana a bheith iomaíoch an athuair agus is féidir glacadh leis go bhfuil an sprioc sin bainte amach acu. In ainneoin go bhféadfadh dhá bhua a bheith acu faoin am seo bheadh lucht leanta Átha Cliath réasúnta sásta.

Ar aghaidh linn. Na Dubs abú.

Áth Cliath: A Nolan, P Smyth (0-01), C O’Callaghan, B O’Carroll, C Crummey, S Moran, E O’Donnell, J Malone (0-01), S Barrett, R McBride (1-01), F Mac Gib, D Sutcliffe (0-01), F Whitely, L Rushe (0-01), P Ryan (1-07)

Ionadaithe: T Connolly do S Barrett, C Boland (0-01) do F Whitely, D Treacy (0-01) do B O’Carroll, R Hayes do R McBride, P Winters do F Mac Gib

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s