Cill Mhantáin v Áth Cliath

Páirc Uí Mhórdha, 27 Bealtaine, 2018

Cuirfidh na Dubs tús le Craobh Laighean inniu, 27 Bealtaine 2018, in aghaidh Chill Mhantáin i bPáirc Uí Mhórdha. Níl na geallghlacadóirí ag tabhairt mórán seans do Chill Mhantáin de bharr an diansmacht atá ag na Dubs ar Chraobh Laighean ó 2005 i leith. Tá 12 den 13 craobh dheireanach buaite ag na Dubs ó shin. Ba iad peileadóirí na Mí a bhuaigh an chraobh i 2010 – an t-aon chraobh nár bhuaigh idir an dá linn.

Jonny Cooper

Cill Mhantáin

Is é John Evans bainisteoir nua Chill Mhantáin tar éis dó teacht i gcomharba ar iarimreoir de chuid na Dubs, Johnny Magee. Rinne Evans éacht nuair a bhí sé í gceannas ar pheileadóirí Thiobraid Árann agus tá an-tús curtha aige lena ré le Cill Mhantáin.

D’éirigh lena fhoireann a gcéad bhua a fháil i gCraobh Laighean le 5 bliana anuas nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Uíbh Fhailí coicís ó shin. Rinne cúl báire Chill Mhantáin, Mark Jackson, éachtaí scórála an lá sin. Tá tuairisicí ag gabháil thart nach mbeidh aon fhaitíos ar a fhoireann roimh na Dubs ach is féidir bheith cinnte go mbeidh siad cosantach inniu.

Áth Cliath

Mara n-imríonn an 15 a thosaíonn go maith beidh 15 eile ag iarraidh a n-áit a thógáil.

Le chuile mheas ar mhuintir Chill Mhantáin agus ar a gcuid imreoirí deirimse go mbuafaidh na Dubs an cluiche seo go compordach. Ní bheidh foireann Jim Gavin dírithe ar chlár na scór ach beidh siad iomlán dírithe ar an taispeántas a thabharfaidh siad. Mara n-imríonn an 15 a thosaíonn go maith beidh 15 eile ag iarraidh a n-áit a thógáil. Na Dubs le 10 gcúilín nó níos mó!

Na Dubs

1. Stephen Cluxton

2. Michael Fitzsimons

3. Philly McMahon

4. Eric Lowndes

5. James McCarthy

6. Jonny Cooper

7. John Small

8. Michael Darragh Macauley

9. Brian Fenton

10. Niall Scully

11. Ciarán Kilkenny

12. Brian Howard

13. Paul Mannion

14. Dean Rock

15. Con O’Callaghan

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s