Áth Cliath 4-25 Cill Mhantáin 1-11

Páirc Uí Mhórdha, Port Laoise, 28 Bealtaine, 2018

Bhí tús breá ag peileadóirí Átha Cliath le Craobh Laighean Dé Domhnaigh seo caite nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Chill Mhantáin os comhair 11,786, i bPáirc Uí Mhórdha, Port Laoise. In ainneoin gur bhuaigh siad ar scór 4-25 go dtí 1-11, níorbh é clár na scór an rud ba thábhachtaí do Jim Gavin ach an taispeántas a thug a fhoireann. D’imir chuile imreoir a thosaigh go maith agus rinne na hionadaithe go maith de réir mar a tháinig siad isteach sa dara leath. Bheadh áthas ar Gavin faoi sin.

T S 2

Ba iad Ciarán Kilkenny (1-07), Con O’Callaghan (1-03) agus Brian Fenton (1-03) is mó a sheas amach do na Dubs. D’éirigh go maith, freisin, le leithéidí Brian Howard, Eoin Murchan, Conor McHugh agus Colm Basquel – imreoirí nach bhfuil mórán taithí acu ar bheith ag imirt ag an leibhéal seo.

Cill Mhantáin

Dúirt bainisteoir Chill Mhantáin, John Evans, go raibh Cill Mhantáin chun imirt go hoscailte ach níor chreid mórán é. Lena chead a thabhairt dó, áfach, d’imir siad go hoscailte agus ba léir go raibh siad ann le sult a bhaint as na dúshláin éagsúla a bhaineann le bheith ag imirt in aghaidh na Dubs. I measc na n-imreoirí is mó a sheas amach dóibh bhí an cúl báire, Mark Jackson, a d’aimsigh 0-02 agus a rinne an-sábháil ó Fenton sa 38ú nóiméad. Ní fhéafdaí mórán den mhilleán a chur ar Jackson do na ceithre cúil a scóráladh air. D’aimsigh James Stafford 1-01 dá fhoireann, freisin.

Is iad an Cabhán a bheidh mar chéilí comhraic ag Cill Mhantáin sa gcéad bhabhta de na babhtaí cáilithe anois. Beidh áthas orthu go mbeidh an cluiche seo á imirt in Eachroim. Gach rath orthu.

An Chéad Leath

Mar a mbeifí ag súil leis bhí smacht iomlán ag na Dubs ar an gcluiche seo agus níor aimsigh Cill Mhantáin a gcéad scór go dtí an 17ú nóiméad. Idir an dá linn, d’éirigh leis na Dubs 2-06 a chur ar chlár na scór. Tháinig na scóranna sin ó Dean Rock, Fenton, Kilkenny, O’Callaghan, Philly McMahon agus ó Brian Howard. Ba iad Fenton agus Rock a d’aimsigh na cúil.

Dean Rock

Thug an scór sin, sa 17ú nóiméad, misneach do Chill Mhantáin agus d’éirigh leo 1-03 eile a aimsiú idir sin agus leatham. Stafford a fuair an cúl do fhir John Evans sa 25ú nóiméad.

D’éirigh leis na Dubs 2-07 eile a aimsiú sa gcéad leath, áfach. Kilkenny agus O’Callaghan a d’imsigh an dá chúl sin díreach roimh an mbriseadh – sa 34ú agus sa 35ú nóiméad. Bhí Michael Darragh Macauley, Rock agus Paddy Andrews i measc na scórálaithe eile do na Dubs. Scór leathama: Áth Cliath 4-13 Cill Mhantáin 1-04.

An Dara Leath

Tháinig na Dubs amach sa dara leath agus choinnigh siad orthu ag imirt le díocas. Tháinig Eoin Murchan isteach do Michael Fitzsimons agus tháinig Conor McHugh isteach do Dean Rock. Taobh istigh de chúig nóiméad bhí ceithre chúilín eile aimsithe acu agus gan ach an t-aon cheann amháin ag Cill Mhantáin. O’Callaghan, Paul Mannion, Kilkenny agus Fenton a fuair na scóranna sin.

Cluxton

Ba ag an bpointe sin a thosaigh Gavin ag déanamh a thuilleadh athruithe agus isteach le Paul Flynn in áit Michael Darragh Macauley sa 41ú nóiméad, Darren Daly in áit Paul Mannion sa 42ú nóiméad, Colm Basquel in áit Paddy Andrews sa 48ú nóiméad agus Kevin McManamon in áit Con O’Callaghan sa 52ú nóiméad. Ní raibh aon easpa díocais ar na hionadaithe agus ba léir go raibh siad ag iarraidh gabháil i bhfeidhm ar fhoireann bainistíochta Átha Cliath. Bhí siad chomh cíocrach is chomh díocasach céanna leis na himreoirí a d’fhág an pháirc.

Ón 42ú nóiméad ar aghaidh d’aimsigh na Dubs ocht gcúilín eile agus d’éirigh le Cill Mhantáin cúig cinn a aimsiú le linn an ama sin. Ba iad Andrews, Kilkenny, McHugh, Basquel agus Fenton a fuair na scóranna sin do na Dubs. 11 imreoir ar fad a d’aimsigh scóranna do na Dubs. Scór deiridh: Áth Cliath 4-25 Cill Mhantáin 1-11.

Na leaids agus Jim

Amach Anseo

Imreoidh na Dubs in aghaidh an Longfoirt anois i gcluiche leathcheannais Chraobh Laighean ar an Domhnach, 10 Meitheamh, théis don Longfort an ceann is fearr a fháil ar an Mí. Imreoidh Ceatharlach in aghaidh Laoise sa gcluiche leathcheannais eile an lá céanna, théis do fhoireann Turlough O’Brien an ceann is fearr a fháil ar Chill Dara. Ní raibh mórán ag súil leis an dá thoradh sin!

Chaithfeadh Gavin a bheith sásta leis an gcaoi ar imir a fhoireann. Cuirfidh leithéidí Jack McCaffrey, Cian O’Sullivan agus Bernard Brogan go mór leis an bpainéal nuair a éiríonn leo teacht ar ais. Ní fios go fóill an mbeidh Diarmuid Connolly ar ais.

Tá sé an-luath sa mbliain, ach, tá cúis mhaith ag lucht leanta na Dubs a bheith sásta. Tús maith. Ar aghaidh linn. Na Dubs abú!

Áth Cliath: S Cluxton, E Lowndes, M Fitzsimons, P McMahon (0-01), J McCarthy, J Cooper, B Howard (0-01), MD Macauley (0-01), B Fenton (1-03), N Scully, C Kilkenny (1-07), C O’Callaghan (1-03), P Mannion (0-01), D Rock (1-02), P Andrews (0-03)

 Ionadaithe: C McHugh (0-02) do D Rock, E Murchan do M Fitzsimons, P Flynn do MD Macauley, D Daly do P Mannion, C Basquel (0-01) do P Andrews, K McManamon do C O’Callaghan

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

w

Ceangal le %s