Áth Cliath v Uíbh Fhailí – Am na Cinniúna

Páirc Pharnell, 3 Meitheamh, 2018

Seo chugainn am na cinniúna. Tá na Dubs théis dhá thaispeántas mhóra a thabhairt dúinn go dtí seo – in aghaidh Chill Chainnigh agus Loch Garman – in ainneoin gur chaill siad an dá chluiche sin sna nóiméid dheireanacha. Tá siad iomaíoch an athuair agus b’in é an sprioc a bhí acu ag tús na bliana.

Mar sin féin, má chailleann siad an cluiche seo in aghaidh Uíbh Fhailí, cur amú a bheidh sna taispeántais sin. Coinneoidh cibé foireann a bhuann an cluiche seo a háit i gCraobh Laighean i 2019. Imreoidh cibé foireann a chailleann, i gCraobh Sheosaimh Mhic Dhonncha an bhliain seo chugainn. Tuigeann an dá fhoireann an córas agus, in ainneoin go mbeidh sé dian ar an bhfoireann a chailleann, níl aon chúis gearáin ag ceachtar den dá fhoireann.

UF 1

An tSraith

Nuair a thug an dá fhoireann aghaidh ar chéile sa gcéad chluiche sraithe i mbliana, i bPáirc an Chrócaigh, ba ag foireann Kevin Martin a bhí an bua ar scór 2-25 go dtí 1-15.

D’imir Uíbh Fhailí go maith in aghaidh na Gaillimhe agus Chill Chainnigh i gCraobh Laighean ach níor éirigh leo iad a chloí. Thit an tóin astu in aghaidh Loch Garman sa gcluiche deireanach a d’imir siad agus chaill siad ar scór 5-24 go dtí 2-09. Cuireadh triúr den pháirc do Uíbh Fhailí sa gcluiche sin agus beidh siad gan Oisín Kelly agus Ronan Hughes, dá bharr sin, don chluiche seo in aghaidh na Dubs.

Ba é 24 meánaois fhoireann Átha Cliath a d’imir sa gcluiche deireanach in aghaidh Loch Garman. Mar sin, beidh siad ag brath go mór ar na himreoirí a bhfuil taithí acu, leithéidí Liam Rushe, Danny Sutcliffe agus Conal Keaney ach go háirithe, leis an mbua a fháil ar Uíbh Fhailí.

Áth Cliath nó Uíbh Fhailí

Áth Cliath leis an lámh in uachtar a fháil sna 10 nóiméid dheireanacha. Na Dubs le 3 chúilín nó níos mó – ach an-neirbhíseach faoi!!

Na Dubs

  1. Alan Nolan
  2. Paddy Smyth
  3. Cian O’Callaghan
  4. Eoghan O’Donnell
  5. Shane Barrett
  6. Seán Moran
  7. Chris Crummey
  8. Rian McBride
  9. Jake Malone
  10. Fiontán McGibb
  11. Conal Keaney
  12. Danny Sutcliffe
  13. Fergal Whitely
  14. Liam Rushe
  15. Paul Ryan
Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

w

Ceangal le %s