Áth Cliath 2-24 Uíbh Fhailí 0-13

Páirc Pharnell, 3 Meitheamh, 2018

Slat maith tomhais a bhí sa mbua seo ar an dul chun cinn atá déanta ag Gilroy, is ag a fhoireann…

Bhí bua maith ag iománaithe Pat Gilroy sa gcluiche cinniúnach seo i gCraobh Laighean, a imríodh os comhair 6,000 i bPáirc Pharnell, Dé Domhnaigh, 3 Meitheamh, 2018. Chinntigh an bua seo go mbeadh na Dubs ag imirt i gCraobh Laighean i 2019.

Níl aon amhras faoi ach gur drochbhuille a bhí anseo do iománaithe Uíbh Fhailí. Mar sin féin, beidh deis acu cur leis an dul chun cinn atá déanta acu i mbliana i gCraobh Sheosaimh Mhic Dhonncha an bhliain seo chugainn. Má éiríonn leo an chraobh sin a bhuachan beidh siad fós sa rás le haghaidh Chorn Liam Mhic Cárthaigh agus, níos tábhachtaí fós, beidh siad ar ais i gCraobh Laighean i 2020. Contae bródúil í Uíbh Fhailí agus tiocfaidh siad ar ais ón mbuille seo níos láidre dá uireasa.

Ác v An Mhí Gilroy

Na Dubs

Is maith is cuimhin le lucht leanta iománaithe na Dubs an léasadh 13 cúilín a fuair siad in aghaidh Uíbh Fhailí sa gcéad chluiche sraithe a d’imir na foirne i mbliana, i bPáirc an Chrócaigh, ag deireadh mhí Eanáir. Slat maith tomhais a bhí sa mbua seo ar an dul chun cinn atá déanta ag Gilroy, is ag a fhoireann, ó shin i leith. Tá sé deacair na Dubs a bhualadh anois. Is cinnte go mbeidh díomá orthu go mbeidh deireadh lena mbliain théis an chluiche in aghaidh na Gaillimhe, Dé Sathairn seo chugainn, ach tá dul chin cinn iontach déanta acu i mbliana faoi stiúir Gilroy.

An Chéad Leath

D’imir na Dubs leis an ngaoth sa gcéad leath ach chuir siad go leor seansanna ar foraoil, ina ainneoin sin. Cúis imní a bhí ansin do lucht na príomhchathrach. Mar sin féin, d’éirigh leo gabháil chun tosaigh ar scór 0-06 go dtí 0-03 théis 19 nóiméad. Shane Barrett (0-02), Rian McBride, Chris Crummey agus Paul Ryan (0-02) a fuair na scóranna sin do Áth Cliath. Joe Bergin agus Dan Currams (0-02) a fuair scóranna Uíbh Fhailí.

Bhí an cluiche fós beo tar éis 27 nóiméad ar scór 0-07 go dtí 0-05 ach chríochnaigh na Dubs an leath go láidir le 1-03, a chuir chun tosaigh le hocht gcúilín ag leatham iad. D’aimsigh Ryan cúl cinniúnach sa 37ú nóiméad. Crummey, Fergal Whitely agus Barrett a fuair na scóranna eile. D’éirigh le Bergin dhá chúilín a aimsiú sa 22ú agus sa 27ú nóiméad. Scór leathama: Áth Cliath 1-10 Uíbh Fhailí 0-05.

An Dara Leath

Is léir go ndeachaigh cúl Ryan go mór i bhfeidhm ar an gcluiche seo agus bhí na Dubs réasúnta compordach sa dara leath. Nuair a d’aimsigh Whitely dara cúl Átha Cliath sa 38ú nóiméad cuireadh deireadh le troid Uíbh Fhailí. D’éirigh le hochtar éagsúil scóranna aimsiú do na Dubs sa dara leath. Fergal Whitely, Liam Rushe, Jake Malone, Fiontán McGib, Barrett, Ryan, Crummey agus Cian Boland a fuair na scóranna sin.

Joe Bergin, Eoghan Cahill, Kevin Dunne, Paddy Murphy, Shane Dooley agus James Gorman a fuair scóranna Uíbh Fhailí. Chuaigh rudaí in olcas do fhoireann Kevin Martin nuair a shábháil Alan Nolan poc éirice ó Bergin sa 46ú nóiméad. Scór lánama: Áth Cliath 2-24 Uíbh Fhailí 0-13.

UF 1

Amach Anseo

Curaidh na hÉireann atá romhainn amach Dé Domhnaigh seo chugainn, i Staid an Phiarsaigh. Tá Gaillimh théis cáiliú don chéad bhabhta eile ach is cinnte go mbeidh siad ag iarraidh an ceann seo a bhuachan. Má bhuann siad é beidh siad tríd chuig cluiche leathcheannais na hÉireann.

Ar an láimh eile, beidh na Dubs ag iarraidh buachan le deireadh sásúil a chur leis an mbliain. Tá an-jab déanta ag bainistíocht Átha Cliath agus más fíor na scéalta gur plean trí bliana atá acu, beidh siad ag iarraidh deireadh a chur leis an mbliain le taispeántas maith. Tá misneach, muinín is mórtas múscailte in iománaithe Átha Cliath an athuair. Tacaímis leo.

Ar aghaidh linn. Na Dubs abú!

Áth Cliath: A Nolan, P Smyth, C O’Callaghan, E O’Donnell, C Crummey (0-04), S Moran, S Barrett (0-04), R McBride (0-01), J Malone (0-02), F Mac Gib (0-01), C Keaney (0-02), D Sutcliffe, F Whitely (1-01), L Rushe (0-02), P Ryan (1-05)

Ionadaithe: C Boland (0-02) do F Whitely, T Connolly do R McBride, D Treacy do C Keaney, J McCaffrey do F Mac Gib, P Winters do L Rushe

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s