Diarmó ag Triail ar Bhoston Mheiriceá

Tuairiscíodh go forleathan an tseachtain seo gur ag triail ar Bhoston Mheiriceá le himirt le Donegal Boston atá Diarmuid Connolly an samhradh seo. Drochscéala amach is amach é seo do lucht leanta na Dubs. Tá Diarmuid théis cúig Chraobh uile-Éireann a bhuachan le hÁth Cliath le seacht mbliana anuas, agus é ag tús cadhnaíochta do fhoireann Jim Gavin le linn an ama sin. Caillteanas mór millteach é seo do Gavin agus do CLG Naomh Uinsionn.

DiarmuidConnolly

Ó tugadh tréimhse fionraíochta 12 seachtaine do Connolly, théis an chluiche in aghaidh Cheatharlach i gCraobh Laighean anuraidh, is beag atá feicthe againn de. Mar sin féin, bhí ról lárnach aige i mbua na Dubs ar Mhaigh Eo i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh, théis dó teacht isteach ón mbinse ag leatham. Tá go leor den tuairim nach mbuafadh na Dubs an cluiche sin gan é. Tá sé deacair a shamhlú nach bhfuil ach dhá Ghradam Sárimreora buaite aige!

Tá sé deacair a shamhlú nach bhfuil ach dhá Ghradam Sárimreora buaite aige!

Beidh Connolly ag imirt le leithéidí Eoin McHugh, Liam Silke agus Brendan Murphy le linn a thréimhse i mBoston. Guímis gach sonas, rath is beannacht air. Tá súil againn nach bhfuil a dheireadh feicthe againn de Dhiarmuid Connolly i ngeansaí gorm agus dúghorm na Dubs. Tá sé 31 anois ach d’fhéadfadh sé imirt go ceann cúpla bliain eile.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s