Gaillimh 0-26 Áth Cliath 2-19

Staid an Phiarsaigh, Dé Sathairn, 9 Meitheamh, 2018

Tá deireadh anois le bliain iomána na Dubs théis an chluiche seo in aghaidh na Gaillimhe, a imríodh Dé Sathairn, 9 Meitheamh, i Staid an Phiarsaigh, os comhair 9,957 duine. In ainneoin gur chaill foireann Pat Gilroy cluiche eile léirigh siad dúinn arís eile go bhfuil siad iomaíoch an athuair. Tá dóthain fianaise feicthe againn le go bhféadfadh muid a bheith dóchasach don chéad bhliain eile. Ní bheidh aon fhaitíos ar iománaithe Átha Cliath roimh na foirne móra i 2019.

skysports-galway-dublin-hurling_4332108

Gaillimh

Bhí siad ciúin go maith le linn na sraithe ach tá siad ag bailiú nirt de réir a chéile..

Cé gur chuir Micheál Donoghue foireann an-láidir chun páirce, bhí deis aige cúpla athrú a dhéanamh de bharr go raibh a fhoireann cáilithe do Chluiche Ceannais Chraobh Laighean cheana féin. Beidh sé an-deacair orthu an dara Craobh Éireann i ndiaidh a chéile a bhuachan, ach, níl aon amhras faoi ach go bhfuil siad réidh le tabhairt faoi na dúshláin éagsúla atá amach rompu. Bhí siad ciúin go maith le linn na sraithe ach tá siad ag bailiú nirt de réir a chéile.

An Chéad Leath

Ba ag na Gaillimhigh a bhí an lámh in uachtar sa gcéad leath den chluiche seo. Tar éis 18 nóiméad, bhí siad cúig chúilín chun tosaigh ar na Dubs ar scór 0-10 go dtí 0-05. Ba iad Paul Ryan, Rian McBride, David Treacy agus Jake Malone a fuair scóranna na Dubs. Bhí Jason Flynn, Joseph Cooney, Seán Loftus agus Conor Whelan ina measc siúd a fuair scóranna na Gaillimhe.

Choinnigh foireann Mhichil Donoghue orthu agus d’éirigh leo bearna seacht gcúilín a chur idir na foirne faoin am ar shéid an réiteoir a fheadóg don bhriseadh leathama. Bhí chuile chosúlacht ar an scéal go mbeadh bua éasca ag Gaillimh. Ba iad Danny Sutcliffe, Ryan, McBride agus Treacy a fuair scóranna eile na Dubs sa gcéad leath. Scór leathama: Gaillimh 0-16 Áth Cliath 0-09.

An Dara Leath

Tháinig na Dubs aniar aduaidh ar Ghaillimh sa dara leath. Tháinig siad amach an-láidir agus taobh istigh de 12 nóiméad bhí siad chun tosaigh ar scór 2-13 go dtí 0-18. Athraíodh Paul Ryan le Paul Winters agus athraíodh Tomás Connolly le hÉamonn Dillon. Bhí tionchar láithreach ag an mbeirt acu ar an gcluiche – Winters ach go háirithe. D’aimsigh sé an dá chúl a tharraing na Dubs ar ais sa gcluiche. Ba iad cúl báire Átha Cliath, Alan Nolan, agus David Treacy a rinne cúram de na pocanna saora théis do Ryan an pháirc a fhágáil.

Giller

Dhúisigh sé sin na Gaillimhigh agus bhí na foirne gob ar ghob don chuid eile den chluiche. Bhí James Madden, Seán Moran, McBride, Nolan agus Treacy i measc na scórálaithe do na Dubs sa gceathrú deireanach. Tháinig scór cinniúnach an chluiche ó Jason Flynn sa 72ú nóiméad. Thug sé sin bua aon phointe amháin do fhir an iarthair. Scór deiridh: Gaillimh 0-26 Áth Cliath 2-19.

Amach Anseo

Tá an bhliain iomána tagtha chun deiridh do na Dubs agus tá sé sin díomách. Mar sin féin, tá foireann na príomhchathrach iomaíoch an athuair. Tuigfidh Gilroy agus a fhoireann go bhfuil siad sách maith le bheith i measc na mboc mór an bhliain seo chugainn. Tabharfaidh na taispeántais a thugadar uathu i gCraobh Laighean i mbliana misneach agus muinín dóibh agus iad ag tabhairt aghaidh ar an gcéad bhliain eile.

Neart déanta ach go leor le déanamh…

Dea-scéala atá ann gur fhógair Pat Gilroy go mbeadh Conal Keaney thart arís don chéad bhliain eile agus go mbeadh sé ar thóir imreoirí nua idir an dá linn. Nuair a lorg sé imreoirí nua le linn a sheal leis na peileadóirí tháinig sé ar shárpheileadóirí ar nós Michael Darragh Macauley agus Kevin McManamon. Cá bhfios ach go mbeadh na deartháireacha Schutte ar fáil dó, freisin. Neart déanta ach go leor le déanamh…

Ar aghaidh linn. Na Dubs abú!

Áth Cliath: A Nolan (0-02), P Smyth, C O’Callaghan, E O’Donnell, S Barrett, S Moran (0-01), C Crummey, R McBride (0-04), T Connolly, J Malone (0-01), F Mac Gib, C Boland (0-01), D Treacy (0-04), D Sutcliffe (0-01), P Ryan (0-03)

Ionadaithe: E Dillon do T Connolly, P Winters (2-01) do P Ryan, C McBride do C Boland, J Madden (0-01) do F Mac Gib, J McCaffrey do R McBride

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s