Áth Cliath 2-25 An Longfort 0-12

Páirc an Chrócaigh, Dé Domhnaigh, 10 Meitheamh, 2018

Bhí bua compordach ag Áth Cliath ar an Longfort sa gcluiche leathcheannais seo de chuid Chraobh Laighean, a imríodh os comhair 39,028 i bPáirc an Chrócaigh, Dé Domhnaigh, 10 Meitheamh, 2018. Tá 23 cluiche i ndiaidh a chéile buaite ag na Dubs anois i gCraobh Laighean.

An Longfort Taobhlíne

Mar a bhí amhlaidh i gcéad chluiche craoibhe na Dubs, in aghaidh Chill Mhantáin, bhí foireann Jim Gavin tiomanta do thaispeántas maith a thabhairt seachas a bheith ag díriú ar chlár na scór. Dá bharr sin, d’imir siad le díocas agus d’éirigh leo scrios a dhéanamh ar an Longfort. Tuigeann chuile imreoir ar fhoireann tosaithe na Dubs go mbainfear den pháirc iad mara bhfuil siad ag imirt chomh maith is atá siad in ann. Tuigeann siad, freisin, go bhfuil os cionn deichniúr eile ar an mbinse ag fanacht ar a seans. Ní theastaíonn aon spreagadh uathu!

Tháinig Jack McCaffrey isteach do Johnny Cooper ag leatham agus tháinig Cian O’Sullivan isteach do James McCarthy le linn na dara leithe. Nuacht iontach do lucht leanta na Dubs go bhfuil an bheirt seo ar ais tar éis dóibh a bheith gortaithe.

An Longfort

D’imir an Longfort gan fhaitíos. Mar a rinne Cill Mhantáin rompu, is léir gur shocraigh siad go raibh siad chun taitneamh a bhaint as na dúshláin éagsúla a bhaineann le bheith ag imirt in aghaidh na Dubs. Díreoidh siad anois ar Chill Dara, atá mar chéilí comhraic acu sna babhtaí cáilithe Dé Sathairn.

An Chéad Leath

Thosaigh na Dubs an cluiche seo go spleodrach agus taobh istigh de 3 nóiméad bhí siad trí chúilín chun tosaigh a bhuíochas do scóranna ó Philly McMahon, Con O’Callaghan agus ó Chiarán Kilkenny. D’aimsigh an Longfort trí cinn den chéad cheithre chúilín eile ach d’ardaigh na Dubs an teocht, ina dhiaidh sin. D’aimsigh siad 2-06 idir an 10ú nóiméad agus an 28ú nóiméad agus níor éirigh leis an Longfort ach cúilín amháin a aimsiú le linn an ama sin. Dean Rock agus Paul Mannion a fuair cúil Átha Cliath agus d’éirigh le Paddy Andrews, Brian Fenton, James McCarthy agus Brian Howard scóranna a aimsiú do na Dubs sa gcéad leath.

Mannion

Cuireadh James McGivney, tosaí de chuid an Longfoirt, den pháirc sa 14ú nóiméad nuair a bhuail sé faoi Stephen Cluxton, théis do chaptaen Átha Cliath an liathróid a ghlanadh amach. Ní raibh aon amhras faoi ach go raibh an cárta dearg tuillte ag McGivney. Bhí ar Cluxton an pháirc a fhágáil – rud a thug seans do Evan Comerford a chéad chluiche craoibhe a imirt leis na Dubs. Tá lucht leanta na príomhchathrach dóchasach nach bhfuil gortú Cluxton ródhona. Scór leathama: Áth Cliath 2-13 An Longfort 0-07.

An Dara Leath

D’fheabhsaigh an Longfort go mór sa tríú ceathrú den chluiche seo agus d’éirigh leo cúig chúilín a aimsiú sa gcéad 18 nóiméad den dara leath. Níor éirigh leis na Dubs ach trí cinn a aimsiú le linn an ama sin, cé gur bhuail Dean Rock an trasnán sa 41ú nóiméad agus é ag díriú ar chúl. Fuair Colm Basquel, a tháinig isteach in áit Mannion, dhá cheann de na cúilíní sin.

Rock

Chríochnaigh na Dubs an leath go láidir agus d’éirigh leo na naoi gcúilíní deireanacha den chluiche a aimsiú. Bhí Kilkenny, Scully, Rock agus Fenton ina measc siúd a fuair na scóranna deiridh sin. Murach cúl báire an Longfoirt, Paddy Collum, agus gur chuir tosaithe na Dubs roinnt iarrachtaí ar chúl amú, bheadh an scéal i bhfad níos measa ag an Longfort. Scór deiridh: Áth Cliath 2-25 An Longfort 0-12.

Amach Anseo

Bheadh Jim Gavin is a fhoireann bainistíochta sásta go leor leis na mbua seo ach thuigfidís, mar sin féin, go bhfuil go leor le déanamh acu. Chuaigh go leor pasanna beaga ar strae agus cuireadh go leor seansanna ar chúil amú. Is cinnte go mbeidh siad ag díriú ar na rudaí seo a chur ina gceart agus aghaidh á tabhairt acu ar Pháirc an Chrócaigh, Dé Domhnaigh. Is iad Laois a bheidh rompu ann i gCluiche Ceannais Chraobh Laighean.

Tá seans maith ann go mbeidh na Dubs gan Cluxton don chluiche seo. Mara n-imríonn sé, caillfidh sé a chéad chluiche craoibhe ó 2004 i leith. Cuirimis san áireamh, freisin, nach mbeidh Diarmuid Connolly ar fáil dúinn i mbliana. Tá Bernard Brogan ar ais ag traenáil ach ní bheidh sé ar fáil don chluiche seo. Sin triúr de fhathaigh pheil Átha Cliath nach mbeidh againn Dé Domhnaigh. Bímis ar airdeall!

Tuilleadh faoi Bhernard Brogan anseo: https://nadubsabu.com/2018/06/22/brogan-ar-ais-ag-traenail/

Ar aghaidh linn. Na Dubs abú!

Áth Cliath: S Cluxton, E Lowndes, P McMahon (0-01), M Fitzsimons, J McCarthy (0-01), J Cooper, B Howard (0-01), B Fenton (0-04), MD Macauley, P Mannion (1-02), C O’Callaghan (0-02), N Scully (0-01), P Andrews (0-01), C Kilkenny (0-04), D Rock (1-06)

Ionadaithe: E Comerford do S Cluxton, D Daly do M Fitzsimons, J McCaffrey do J Cooper, C Basquel (0-02) do P Mannion, K McManamon do P Andrews, C O’Sullivan do J McCarthy, P Flynn do MD Macauley

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

w

Ceangal le %s