Brogan Ar Ais Ag Traenáil

Thug Jim Gavin le fios in agallamh a rinne sé le Dubs TV an tseachtain seo go raibh Bernard Brogan ar ais ag treanáil leis na Dubs. Scéal iontach é seo do mhuintir na príomhchathrach, ar ndóigh. Tá os cionn ceithre mhí imithe ó ghortaigh sé a bhallnasc croiseach agus é ag réiteach don chluiche sraithe in aghaidh Dhún na nGall i mí Feabhra.

2017 1

Tá agallamh Jim Gavin le feiceáil ar Dubs TV anseo:

https://www.youtube.com/watch?v=R_3ZfnEeljE

Tá éacht déanta ag Brogan. Tá an tiomantas atá aige don gheansaí gorm is dúghorm le feiceáil go glé glinn ón dul chun cinn atá déanta aige. Bhí go leor ann a chreid ag am a ghortaithe nach n-imreodh sé leis na Dubs arís, ach, tá sé ag tabhairt an-seans dó féin.

Tá cúig Chraobh uile-Éireann buaite ag Brogan ó 2011 i leith. Ó thosaigh sé ag imirt leis na Dubs thiar sa mbliain 2006 tá ceithre Ghradam Sárimreora buaite aige. Roghnaíodh mar Imreoir na Bliana é sa mbliain 2010.

Scéal iontach é seo do Áth Cliath. Ar aghaidh linn. Na Dubs abú!

Advertisements

Aon fhreagra amháin ar “Brogan Ar Ais Ag Traenáil

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

w

Ceangal le %s