Áth Cliath v Laois

Cluiche Ceannais Peile Chraobh Laighean, Dé Domhnaigh, 24 Meitheamh, 2018

Imreoidh Áth Cliath in aghaidh Laoise i gcluiche ceannais peile Chraobh Laighean, don chéad uair ó 2007 i leith, i bPáirc an Chrócaigh, Dé Domhnaigh seo chugainn, 24 Meitheamh 2018. Bhuaigh Laois ar na Dubs go deireanach i 2003 ach tá peileadóirí na príomhchathrach théis an bua a fháil ar mhuintir Chontae Uí Mhórdha seacht n-uaire ó shin.

CC 3

Laois

Níl oiread is cluiche amháin caillte ag Laois go dtí seo i mbliana. Naoi gcinn ar fad atá imeartha acu. D’éirigh leo Roinn 4 a bhuachan go compordach agus thaispeáin siad an-spiorad nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Loch Garman tar éis am breise, i gCraobh Laighean i mbliana. Bhí siad taobh thiar ar scór 1-10 go dtí 0-03 ag leatham.

Tá John Sugrue théis dul chun cinn mór millteach a dhéanamh le peileadóirí Laoise i mbliana agus chruthódh leithéidí John O’Loughlin, Donie Kingston, Ross Munnelly agus Colm Begley deacrachtaí do fhoireann ar bith.

Áth Cliath

Is iad na Dubs atá mar rogha na coitiantachta leis an gcluiche seo a bhuachan tar éis dóibh seacht gcinn de Chraobhacha Laighean a bhuachan i ndiaidh a chéile. Mar sin féin, caillteanais mhóra iad Diarmaid Connolly agus Bernard Brogan. In ainneoin go bhfuil Stephen Cluxton ainmnithe le tosú amárach ní chuirfeadh sé iontas ar dhuine ar bith mara dtosódh sé. Tá an triúr sin i measc na n-imreoirí is fearr a d’imir le fiche bliain anuas!

Áth Cliath nó Laois?

Is ar thaispeántas maith a thabhairt a bheidh na Dubs dírithe. Mara n-imríonn aoinne ón 15 a thosaíonn chomh maith is atá siad in ann, bainfear den pháirc iad agus tiocfaidh imreoirí atá ar chomhchaighdeán leo isteach ón mbinse. Cinnteoidh sé sin go mbeidh bua réasúnta éasca ag Áth Cliath. Na Dubs le 10+ cúilín.

Áth Cliath:

1. Stephen Cluxton

2. Philly McMahon

3. Michael Fitzsimons

4. Eric Lowndes

5. Brian Howard

6. James McCarthy

7. Jonny Cooper

8. Brian Fenton

9. Michael Darragh Macauley

10. Niall Scully

11. Con O’Callaghan

12. Ciarán Kilkenny

13. Paul Mannion

14. Dean Rock

15. Paddy Andrews

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s