Áth Cliath 1-25 Laois 0-10

Cluiche Ceannais Peile Chraobh Laighean, Páirc an Chrócaigh, 24 Meitheamh, 2018

Ní mhairfidh na laethanta iontacha seo do Áth Cliath go deo agus ba cheart do mhuintir na príomhchathrach ceiliúradh níos mó a dhéanamh ar éachtaí a bhfoirne. D’éirigh leis na Dubs Craobh Peile Laighean a bhuachan don ochtú bliain i ndiaidh a chéile Dé Domhnaigh seo caite, 24 Meitheamh, os comhair 41,728 i bPáirc an Chrócaigh. Fuair siad an ceann is fearr ar Laois sa gcluiche ceannais seo ar scór 1-25 go dtí 0-10.

Laois Selfie Ceart

Ba ag fear na Fianna, Jonny Cooper, a bhí an phribhléid Corn Uí Dhúshláine a ardú thar ceann na Dubs an iarraidh seo, de bharr Stephen Cluxton a bheith gortaithe.

Áth Cliath

In ainneoin go raibh na Dubs iontach sa dara leath ní raibh siad thar mholadh beirte sa gcéad 25 nóiméad, nó mar sin. Tabharfaidh sé seo le fios do Jim Gavin agus a fhoireann bainistíochta go bhfuil go leor oibre fós le déanamh acu má tá siad le Craobh na hÉireann a bhuachan i mbliana. Chuir siad mol mór seansanna amú sa gcéad leath sin agus ní raibh siad chomh cruinn céanna lena gcuid pasanna is a bhíonn siad go hiondúil.

Laois

Bhí foireann John Sugrue an-mhaith sa gcéad leath den chluiche seo agus d’éirigh leo cur isteach ar rithim na Dubs. Tá dul chun cinn mór déanta ag Sugrue agus a fhoireann i mbliana agus tá seans fós acu na Super 8s a bhaint amach. Bhí cluiche an-mhaith ag cúl báire Laoise, Graham Brody, agus nuair a d’fhág sé an pháirc gortaithe rinne Eoghan Keogh go maith ina áit. D’aimsigh Donie Kingston 0-05 do Laois. An-imreoir atá ann a chruthódh fadhbanna do lánchúlaí ar bith.

An Chéad Leath

Nuair a d’aimsigh Ciarán Kilkenny cúl do na Dubs sa tríú nóiméad bhí an chuma ar an scéal go mbeadh an cluiche thart théis tamaill ghairid. D’éirigh le Laois ceithre chúilín a aimsiú i ndiaidh a chéile idir an 7ú agus 16ú nóiméad, áfach, rud a d’fhág cothrom iad ar scór 1-01 go dtí 0-04. Dean Rock a fuair scór eile na Dubs agus Alan Farrell agus Donie Kingston a fuair scóranna Laoise.

Laois saorchic

D’fheabhsaigh na Dubs ina dhiaidh agus d’aimsigh siad seacht gcinn den chéad ocht scór eile sa gcéad leath. D’fhéadfadh sé bheith níos measa fós do Laois dá n-éireodh le Paul Mannion cic éirice a scóráil sa 20ú nóiméad. Kilkenny, Rock Brian Fenton, Con O’Callaghan agus Paddy Andrews a fuair scóranna eile na Dubs sa gcéad leath. Farrell a fuair scór eile Laoise. Scór leathama: Áth Cliath 1-08 Laois 0-05.

An Dara Leath

Bhí na Dubs an-mhaith sa dara leath agus d’aimsigh siad 17 cúilín. Naonúr ar fad a fuair na scóranna sin. Tháinig Jack McCafffrey isteach in áit Eric Lowndes ag leatham agus ‘speáin sé dúinn arís eile an luas lasrach atá aige. D’fhéadfadh dhá chúl a bheith aimsithe aige. Tháinig Cormac Costello isteach in áit Andrews sa 46ú nóiméad agus bhí an-chluiche aige. Chríochnaigh sé le ceithre chúilín.

An t-aon ábhar imní a bheadh ag Áth Cliath sa dara leath ná gur cuireadh John Small den pháirc cúpla nóiméad théis dó teacht isteach in áit Michael Daragh Macauley. Cinneadh gur bhuail sé Evan O’Carroll. Deir bainistíocht na Dubs gur timpiste a bhí ann agus gur ag iarraidh an liathróid a fháil a bhí Small. Beidh air a bheith cúramach faoina leithéid amach anseo.

O’Callaghan, Rock, Andrews, Costello, Kilkenny, Mannion, Niall Scully, Brian Howard agus Fenton a d’aimsigh na scóranna do na Dubs sa dara leath. Kieran Lillis, Gary Walsh agus Kingston a fuair scóranna Laoise. Scór deiridh: Áth Cliath 1-25 Laois 0-10.

Amach Anseo

Beidh sé níos deacra Sam a bhuachan i mbliana ná mar a bhí le fada…

Is ar na Super 8s, mar a bhaist lucht na meán cumarsáide orthu, agus ar Chorm Sam Maguire a choinneáil sa bpríomhchathair a bheidh na Dubs ag díriú a n-airde anois. Beidh sé níos deacra Sam a bhuachan i mbliana ná mar a bhí le fada. A fhaid is go bhfuil Maigh Eo fós sa gcomórtas tá seans acu. Tá Gaillimh ag teacht an athuair. Tá foireann iontach ag Ciarraí a bheidh san iomaíocht go ceann i bhfad agus tá Dún na nGall ag imirt ar ardchaighdeán – cé gur caillteanas mór dóibh é Paddy McBrearty. D’fhéadfadh Muineachán agus Tír Eoghain an bua a fháil ar fhoireann ar bith, ar lá ar bith. Beidh ardchaighdeán peile sna Super 8s.

Laois Ceiliúradh

Ta cúlaithe na Dubs an-láidir ach níl na tosaithe chomh láidir agus a bhí blianta eile. Tá Diarmuid Connolly imithe. Tá Bernard Brogan gortaithe. Tá Kevin McManamon agus Paul Flynn ag gabháil in aois. Cinnte tá Cormac Costello, Paddy Small agus Colm Basquel ag teacht ar aghaidh ach, ar an drochuair, níl an clúdach atá ar an mbinse anois chomh láidir is a bhí blianta eile. Beidh ról le himirt ag chuile imreoir ar an bpainéal uaidh seo go deireadh na bliana.

Curaidh Peile Chraobh Laighean don 57ú huair! Ar aghaidh linn. Na Dubs abú.

Áth Cliath: E Comerford, E Lowndes, P McMahon, M Fitzsimons, J McCarthy, J Cooper, B Howard (0-01), B Fenton (0-02), MD Macauley, N Scully (0-01), C O’Callaghan (0-02), C Kilkenny (1-04), P Mannion (0-01), D Rock (0-08), P Andrews (0-02)

Ionadaithe: J McCaffrey do E Lowndes, C Costello (0-04) do P Andrews, J Small do MD Macauley, P Flynn do C O’Callaghan, D Daly do P Mannion, C McHugh do D Rock

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

w

Ceangal le %s