Cruinniú Iarrtha ag Dún na nGall maidir le Páirc an Chrócaigh

Tá cruinniú iarrtha ag Bord Contae Dhún na nGall le lucht riartha Chumann Lúthchleas Gael maidir le hionad a gcéad chluiche de chuid na Super 8s in aghaidh na Dubs, seachtain ón Satharn seo chugainn, 14 Iúil ar 7.00pm. Tá ráiteas ó CLG Dhún na nGall le fáil anseo: https://donegalgaa.ie/2018/07/04/donegal-press-statement/

Beidh ar na Conallaigh taisteal don chéad chluiche seo agus don dara cluiche in aghaidh bhuaiteoirí Ros Comáin v Ard Mhacha. Imreoidh siad an cluiche deireanach atá acu sa mbaile in aghaidh bhuaiteoirí Corcaigh v Tír Eoghain.

GG 3

Beidh céad chluiche na Dubs in aghaidh na gConallach i bPáirc an Chrócaigh, dar ndóigh. Beidh siad ar an mbóthar don dara cluiche in aghaidh bhuaiteoirí Corcaigh v Tír Eoghain agus imreoidh siad a gcluiche deireanach – a gcluiche baile – in aghaidh bhuaiteoirí Ros Comáin v Ard Mhacha i bPáirc an Chrócaigh, freisin.

Bhí sé le tuiscint go mbeadh cluiche amháin ag gach foireann sa mbaile, cluiche i bPáirc an Chrócaigh agus cluiche amháin ‘as baile’.

Soiléiriú

Mar sin féin, eascraíonn cúpla ceist as an gconspóid seo. Nár cheart do bhuaiteoirí Ard Mhacha v Ros Comáin a bheith ag giúnaíl seachas Dún na nGall? Mara n-imrítear an cluiche seo idir na Conallaigh agus na Dubs i bPáirc an Chrócaigh, an mbeidh cluiche ar bith ag Dún na nGall ann? Ar cheart do na Dubs tairiscint a dhéanamh le Dún na nGall an cluiche a imirt i bPáirc Pharnell? Ar cheart dóibh tairiscint a dhéanamh le buaiteoirí Ard Mhacha v Ros Comáin an cluiche a imirt i bPáirc Pharnell? Cén fáth nár ardaíodh an cheist seo go dtí anois nuair a bhí sé le tuiscint le fada an lá go mbeadh dhá chluiche le himirt ag na Dubs i bPáirc an Chrócaigh?

Cibé rud a tharlós sna laethanta amach romhainn maidir leis an eachtra seo, is féidir bheith cinnte go mbeidh na ceisteanna seo thuas uilig lárnach i cibé réiteach nó plé a bheidh ann. Idir an dá linn, tá sé tábhachtach nach ligfidh imreoirí na Dubs ná Dhún na nGall don raic seo cur isteach ar a gcuid ullmhúchán.

Ceacht le Foghlaim

Is léir go bhfuil cúpla ceacht le foghlaim ag baill Chumann Lúthchleas Gael ón bpraiseach seo. Tá córas daonlathach ag croílár an Chumainn agus caithfidh na baill leas ceart a bhaint as an gcóras sin. Cén fáth nár ardaíodh an cheist seo sular glacadh leis an rún maidir le hathstruchtúrú na gcomórtas ag an gComhdháil Bhliantúil? Cén fáth a bhfuil an cheist seo á plé amach sna meáin seachas go hinmheánach?

Níl aon mhaith sa seanchas nuair atá an anachain déanta.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

w

Ceangal le %s