Ryan O’Dwyer Éirithe As

Thug Ryan O’Dwyer le fios an tseachtain seo caite go bhfuil sé tar éis éirí as painéal iomána Átha Cliath. D’imir O’Dywer lena chontae dúchais, Tiobraid Árann, faoi stiúir Babs Keating idir na blianta 2007-2010. Le linn a sheal le Tiobraid Árann bhuaigh sé Sraith Náisiúnta agus Craobh na Mumhan sa mbliain 2008. D’imir sé peil idirchontae leis na Tiobraidigh, freisin, sa mbliain 2010. D’éirigh le Anthony Daly é a mhealladh le himirt leis na Dubs ag deireadh na bliana 2010, tar éis dó bogadh chuig an bpríomhchathair.

ryan-odwyer-2011

Is le Cill Mochuda na Crócaigh agus le hÁth Cliath atá Ryan ag imirt ó 2010 i leith. Bhuaigh sé Sraith Náisiúnta leis na Dubs sa mbliain 2011 chomh maith le Craobh Laighean sa mbliain 2013. Bhí sé lárnach i ré órga iomána na Dubs le linn réimeas Anthony Daly. Dar ndóigh, is é Dalo bainisteoir nua na gCrócach agus cá bhfios ach go mbeidh O’Dwyer ag tús cadhnaíochta dóibh agus iad ag iarraidh Craobh Átha Cliath a bhuachan sna blianta amach romhainn. Níl sé ach 31 agus is cinnte go bhfuil neart ama fágtha aige lena chlub.

Rinneadh ionsaí gan choinne ar O’Dwyer nuair a bhí se ar saoire i mBirmingham i 2015. Rinneadh damáiste dá intinn de bharr na ngortuithe a fuair sé san ionsaí sin agus bhí go leor den tuairim nach n-imreodh sé arís. Spreag an t-ionsaí sin O’Dwyer le teacht ar ais, áfach, agus d’éirigh leis filleadh ar phainéal iomána na Dubs arís sa mbliain 2016. Bhí sé dírithe go hiomlán ar an gceann is fearr a fháil ar an duine a rinne ionsaí air. Shocraigh sé ina intinn go n-éireodh leis sin a dhéanamh dá n-imreodh sé lena chlub is leis na Dubs an athuair. Bhí an cineál sin dánachta go smior I Ryan.

Sa ráiteas a d’eisigh O’Dwyer, ghabh sé buíochas lena chuid clubanna – Caiseal Rí Cormaic agus Cill Mochuda na Crócaigh. Ghabh sé buíochas, freisin, leis na bainisteoirí uilig a bhí aige. Aireoidh na Dubs uathu go mór é.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

w

Ceangal le %s