Áth Cliath v Dún na nGall

Páirc an Chrócaigh, 14 Iúil, 2018

Ócáid stairiúil a bheidh againn amárach, Dé Sathairn, 14 Iúil, nuair a imreoidh Áth Cliath agus Dún na nGall in aghaidh a chéile i gComórtas an tSár-Ochtair mar a thugann lucht na meán Gaeilge orthu. Is iad na Conallaigh curaidh Uladh agus is iad na Dubs curaidh Laighean. Mar sin, níl aon amhras faoi ach go bhfuil cluiche iontach amach romhainn. Tá sé fíorthábhachtach do fhoireann ar bith atá sa gcomórtas seo tús maith a bheith acu. Tuigidh muintir Átha Cliath agus Dhún na nGall go maith é sin.

Dún na nGall

Ba iad Dún na nGall an fhoireann dheireanach leis an gceann is fearr a fháil ar na Dubs sa gCraobh, thiar sa mbliain 2014. Cé go raibh drochbhliain ag na Conallaigh anuraidh, tá siad feabhsaithe go mór ó tháinig Declan Bonner isteach in áit Rory Gallagher ag deireadh na bliana seo caite. Níor éirigh leo fanacht i Roinn 1 i mbliana de bharr go raibh teaicticí, a bhí iomlán difriúil ó na teaicticí a bhí in úsáid le linn réimeas Gallagher, á gcleachtadh acu le linn na sraithe. Imríonn siad ar stíl oscailte anois agus níl aon amhras faoi ach go dtabharfaidh siad dúshlán do na Dubs amárach.

GG 2

Tá imreoirí iontacha ag Dún na nGall agus d’éirigh leo scóranna móra a chur suas sna ceithre cluichí a d’imir siad i gCraobh Uladh ar a mbealach chuig Comórtas an tSár-Ochtair. D’aimsigh siad 2-20 in aghaidh an Chabháin, 2-16 in aghaidh Dhoire, 2-22 in aghaidh an Dúin agus 2-18 in aghaidh Fhear Manach. Má aimsíonn siad scór den chineál céanna in aghaidh na Dubs d’fhéadfadh foireann Jim Gavin a bheith i dtrioblóid.

I measc na n-imreoirí is mó a sheas amach do fhoireann Bonner go dtí seo i mbliana tá Michael Murphy, Paddy McBrearty, Ciarán Thompson, Eoghan Bán Ó Gallchobhair, Leo McLoone agus Ryan McHugh. Ní imreoidh McBrearty arís i mbliana de bharr gortaithe a fuair sé in aghaidh Fhear Manach, áfach. Caillteanas mór é sin do na Conallaigh. Níl aon amhras faoi sin.

Áth Cliath

Tá na Dubs ag gabháil go maith go dtí seo ach, dáiríre píre, níor tugadh aon dúshlán ceart dóibh i gCraobh Laighean i mbliana. Athróidh sé sin Dé Sathairn. De bharr gur dhírigh na Dubs go hiomlán ar thaispeántais mhaithe a thabhairt sna cluichí sin, áfach, ba cheart go mbeadh siad réidh don chath seo in aghaidh na gConallach. Tuigfidh Gavin, freisin, go bhféadfadh an bua a bheith ag Dún na nGall sa gcluiche sraithe a imríodh idir na foirne thiar i mí Feabhra. Cinnteoidh sé sin go mbeidh na Dubs ar airdeall.

GG 3

Theip ar achomharc John Small i rith na seachtaine, rud a chiallaíonn nach mbeidh sé ar fáil do na Dubs don chluiche seo. Níl Bernrad Brogan réidh fós ach an oiread agus beidh le feiceáil an imreoidh Stephen Cluxton. Is cosúil go n-ainmneofar é ar an 15 tosaithe ach ní fhéadfadh le duine ar bith taobh amuigh de champa na Dubs a bheith cinnte an dtosóidh sé. Beidh an chaoi a mbaintear úsáid as an bpainéal fíorthábhachtach uaidh seo amach agus tá sé tábhachtach go mbeadh gach duine ar fáil.

Áth Cliath nó Dún na nGall?

Na Dubs le trí chúilín ach tá tráthnóna fada romhainn amach. Ní bheidh sé éasca an ceann is fearr a fháil ar na Conallaigh.

Áth Cliath – 1-15 (mar a roghnóinn féin iad!)

  1. Stephen Cluxton
  2. Philly McMahon
  3. Michael Fitzsimons
  4. Eric Lowndes
  5. Brian Howard
  6. James McCarthy
  7. Jonny Cooper
  8. Brian Fenton
  9. Michael Darragh Macauley
  10. Niall Scully
  11. Con O’Callaghan
  12. Ciarán Kilkenny
  13. Paul Mannion
  14. Dean Rock
  15. Paddy Andrews
Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s