Áth Cliath 2-15 Dún na nGall 0-16

Páirc an Chrócaigh, 14 Iúil, 2018

Don chéad uair i mbliana, bhí an bua níos tábhachtaí ná an taispeántas sa gcluiche seo a imríodh os comhair 53,501 i bPáirc an Chrócaigh, Dé Sathairn seo caite 14 Iúil, 2018. Bhí cuma ar an dá fhoireann go raibh siad neirbhíseach agus bhí sé sin le feiceáil sna botúin a rinne na foirne le linn an chluiche seo. Dúirt Jim Gavin go gcaithfeadh na Dubs a bheith níos fearr sa gcéad chluiche eile dá mba mhaith leo an bua a fháil ar Thír Eoghain agus tá sé sin an-soiléir.

20180714_201330

In ainneoin gur oibrigh tosaithe na Dubs go han-chrua le linn an chluiche seo, chuir siad go leor pasanna agus seansanna ar scóranna amú. Níor aimsigh Con O’Callaghan ná Paul Mannion scór ar bith agus coinníodh Ciarán Kilkenny an-chiúin. Níor aimsigh sé ach cúilín amháin.

Tá ceannairí ag na Dubs fud fad na páirce, áfach, agus nuair a bhíonn lá ciúin ag duine nó beirt seasann imreoirí eile suas.

Tá ceannairí ag na Dubs fud fad na páirce, áfach, agus nuair a bhíonn lá ciúin ag duine nó beirt seasann imreoirí eile suas. Sin díreach a rinne Niall Scully, a fuair dhá chúl na Dubs, Brian Howard agus Cormac Costello, tar éis dó teacht isteach in áit Michael Darragh Macauley sa dara leath. Ba é an ghné ba dhearfaí faoi imirt na Dubs ná gur chuir siad an-bhrú ar chiceanna amach Dhún na nGall. Chruthaigh siad go leor seansanna, dá bharr sin.

Rinne na Dubs trí athrú ón bhfoireann a ainmníodh. Thosaigh Eoin Murchan in áit Philly McMahon, thosaigh Jack McCaffrey in áit Eric Lowndes agus thosaigh Cian O’Sullivan in áit Paddy Andrews.

Dún na nGall

Cé nach raibh na Conallaigh féin chomh maith agus a bhí siad i gcluichí eile i mbliana, thaispeáin siad arís eile dúinn gur foireann an-mhaith iad. D’éirigh le Michael Murphy 0-06 a aimsiú agus fuair Jamie Brennan 0-03 sa gcluiche seo . Níl aon amhras faoi ach go bhfuil an-jab déanta ag Bonner ó tháinig sé i gcomharbacht ar Rory Gallagher. Má fhaigheann siad an ceann is fearr ar Ros Comáin i bPáirc de hÍde Dé Sathairn, imreoidh siad in aghaidh Thír Eoghain sa mbaile sa gcluiche deireanach, agus seans acu cluiche leathcheannais a bhaint amach. Níl siad imithe fós – ná baol air.

20180714_191758

An Chéad Leath

Théis 22 nóiméad den chluiche seo bhí na foirne cothrom ar scór 0-06 go dtí 0-06 agus an chosúlacht ar an scéal nach mbeadh ach oiread na fríde idir na foirne. Chríochnaigh na Dubs an leath go láidir, áfach, agus d’aimsigh Scully a chéad chúl sa 26ú nóiméad. Bhí sé deacair ar na Conallaigh an bhearna a laghdú ina dhiaidh sin agus chuaigh na Dubs isteach ceithre chúilín chun tosaigh ag leatham.

I measc na ndaoine eile a d’aimsigh scóranna do na Dubs sa gcéad leath bhí Dean Rock le 0-05, Howard le 0-02 agus ceann an duine ó James McCarthy agus ó Kilkenny. Ba iad Brennan, Murphy, Frank McGlynn, Ryan McHugh agus Ciarán Thompson a fuair scóranna céad leithe Dhún na nGall. Bhí seansanna maithe ar chúil ag O’Callaghan do Áth Cliath agus ag Brennan do Dhún na nGall ach níor éirigh leo na seansanna a thógáil. Scór leathama: Áth Cliath 1-09 Dún na nGall 0-10.

An Dara Leath

Tar éis dhá nóiméad den dara leath bhí an cluiche thart mar chomórtas. D’aimsigh Scully an dara cúl do na Dubs. D’éirigh leis na Conallaigh ceithre cinn den chéad chúig chúilín eile a aimsiú ach bhí an bhearna rómhór dóibh. Bhí na Dubs compordach in ainneoin nár imir siad chomh maith is atá siad in ann. Fuair Rock cúilín na Dubs agus fuair Éamonn Doherty, Ryan McHugh, Brennan agus Michael Langan scóranna sin na gConallach.

Tháinig Costello isteach in áit Macauley agus d’aimsigh sé dhá chúilín thábhachtacha. Chríochnaigh na Dubs níos láidre ná na Conallaigh agus d’éirigh leo cúig cinn den ocht gcúilín dheireanacha a aimsiú. Paul Flynn agus Rock a fuair na scóranna sin, chomh maith le Costello dar ndóigh.

Bhí go leor ann a cháin na Dubs as sin a dhéanamh ach céard eile a dhéanfaidís.

Choinnigh na Conallaigh go leor fear siar sa gceathrú deireanach in ainneoin go raibh siad idir ceithre agus cúig chúilín taobh thiar le linn an ama sin. In áit a bheith ag síorionsaí línte cúil na gConallach shocraigh na Dubs, le Ciarán Kilkenny ag tús cadhnaíochta, seilbh na liathróide a choinneáil i lár na páirce. Faoi imreoirí Dhún na nGall a bhí sé teacht amach agus an liathróid a bhuachan ar ais. Bhí go leor ann a cháin na Dubs as sin a dhéanamh ach céard eile a dhéanfaidís. Ba iad na Conallaigh a bhí taobh thiar! Scór deiridh: Áth Cliath 2-15 Dún na nGall 0-16.

An Tábla

Foireann I B CS C S G P
Tír Eoghain 1 1 0 0 4-24 2-12 2
Áth Cliath 1 1 0 0 2-15 0-16 2
Dún na nGall 1 0 0 1 0-16 2-15 0
Ros Comáin 1 0 0 1 2-12 4-24 0

Amach Anseo

Turas go Páirc Uí Éilí ar an Ómaigh atá amach roimhe na Dubs anois, don chéad chluiche eile de Chomórtas an tSár-Ochtair in aghaidh Thír Eoghain. Is cinnte go mbeidh foireann Mickey Harte ag iarraidh díoltas a bhaint amach ar na Dubs mar chúiteamh ar an slad a rinneadh orthu i gcluiche leathcheannais na hÉireann anuraidh. Ní mór do Jim Gavin is a fhoireann a bheith ar airdeall.

Beidh John Small ar fáil do Gavin an athuair agus ba cheart go mbeadh Philly McMahon ar ais don cheann seo in aghaidh Thír Eoaghain, freisin. Ábhar sásaimh do Gavin é an chaoi a bhfuil leithéidí Eoin Murchan agus Brian Howard, ach go háirithe, ag socrú isteach ar an bhfoireann. Bheadh sé sásta, freisin, go bhfuil Costello ar ais ar a sheanléim agus go bhfuil ról fós á imirt ag Flynn i mbuanna na Dubs.

20180714_172500

Má fhaigheann na Dubs an ceann is fearr ar Thír Eoghain ba cheart go mbeadh siad tríd chuig cluiche leathcheannais na hÉireann. Ar aghaidh linn. Na Dubs abú!

Áth Cliath: S Cluxton, E Murchan, M Fitzsimons, J Cooper, J McCarthy (0-01), C O’Sullivan, J McCaffrey, B Fenton, MD Macauley, N Scully (2-00), C O’Callaghan, B Howard (0-02), P Mannion, D Rock (0-07), C Kilkenny (0-01)

Ionadaithe: C Costello (0-02) do MD Macauley, K McManamon do P Mannion, P Flynn (0-02) do B Howard, E Lowndes do J McCaffrey, C Basquel do C O’Callaghan

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s