Tír Eoghain v Áth Cliath

Páirc Uí Éilí, Dé Sathairn, 21 Iúil, 2018

Tabharfaidh na Dubs aghaidh ar Thír Eoghain don chéad bhabhta eile de Chomórtas an tSár-Ochtair i bPáirc Uí Éilí, Dé Sathairn seo chugainn, 21 Iúil, 2018. D’éirigh leis an dá fhoireann an chéad chluiche a bhí acu a bhuachan – Tír Eoghain in aghaidh Ros Comáin agus Áth Claith in aghaidh Dhún na nGall. Tabharfaidh na buanna sin misneach do na foirne agus iad ag réiteach don chath mór seo atá rompu amach.

Paráid

Ní bheidh Mickey Harte ag iarraidh taisteal go Dún na nGall don tríú cluiche agus bua ag teastáil uathu le fanacht sa gcraobh. Mar sin, beidh siad dírithe go hiomlán ar an gceann is fearr a fháil ar na Dubs sa gcluiche seo. Níor imir na Dubs chomh maith is atá siad in ann in aghaidh Dhún na nGall, áfach, agus beidh Jim Gavin ag iarraidh sin a chur ina cheart. Cinnteoidh sé sin go mbeidh an-chluiche ann.

Bhí bua cúig chúilín ag na Dubs ar Thír Eoghain i bPáirc Uí Éilí i mí Feabhra nuair a d’imir na foirne in aghaidh a chéile sa tSraith Náisiúnta. Rinne foireann Gavin scrios orthu i gcluiche leathcheannais na hÉireann anuraidh nuair a bhuaigh siad orthu ar scór 2-17 go dtí 0-11. Níl aon amhras faoi ach go mbeidh Mickey Harte ag iarraidh taispeántas maith a thabhairt sa gcluiche seo agus rúinne beag díoltais a bhaint amach ar na Dubs.

Tír Eoghain

Chaill Tír Eoghain an chéad chluiche craoibhe a bhí acu i mbliana in aghaidh Mhuineacháin, ach, ó shin i leith tá siad ag bailiú nirt. In ainneoin go raibh cluiche deacair acu in aghaidh na Mí sa gcéad chluiche cáilithe a d’imir siad, bhuaigh siad na cluichí eile a bhí acu in aghaidh Cheatharlach, an Chabháin agus Chorcaí go réasúnta compordach.

Sin 7-44 sa dá chluiche dheireanacha a d’imir siad…

D’éirigh leo 4-24 a aimsiú in aghaidh Ros Comáin agus 3-20 in aghaidh Chorcaí. Sin 7-44 sa dá chluiche dheireanacha a d’imir siad. Ábhar mór sásaimh a bheadh ansin do Harte agus dá fhoireann bainistíochta. Ní bheidh aon easpa muiníne orthu Dé Sathairn. D’fhéadfadh leithéidí Peter Harte, Lee Brennan, Connor McAliskey, Niall Sludden agus Richard Donnelly an-damáiste a dhéanamh do na Dubs dá dtabharfaí spás dóibh.

Áth Cliath

Ní raibh Áth Cliath iontach in aghaidh Dhún na nGall agus ba cheart go n-imreodh siad i bhfad níos fearr in aghaidh Thír Eoghain, dá bharr sin. Bhí Ciarán Kilkenny, Con O’Callaghan agus Paul Mannion an-chiúin sa gcluiche sin agus níor éirigh leo ach 0-01 a aimsiú idir an triúr acu. Beidh siad i bhfad níos fearr in aghaidh Thír Eoghain.

Tá Cormac Costello ag imirt go han-mhaith faoi láthair agus beidh Philly McMahon agus John Small ar fáil arís. Beidh cúpla cinneadh mór le déanamh ag Jim Gavin maidir leis an 15 a thosóidh an cluiche. An-fhadhb í sin do bhainisteoir ar bith!

Imreoidh Stephen Cluxton le hÁth Cliath don 197ú huair dé Sathairn – an líon céanna cluichí a d’imir John O’Leary leo. Níor imir aoinne níos mó cluichí ná sin leis na Dubs.

Áth Cliath nó Tír Eoghain?

De réir tuairiscí áirithe an tseachtain seo beidh níos mó de lucht leanta ag na Dubs i bPáirc Uí Éilí, Dé Sathairn, ná mar a bheidh ag Tír Eoghain. D’fhéadfadh tionchar mór a bheith acu ar thoradh an chluiche seo. Má dhéanann lucht leanta na príomhchathrach gleo ó na seastáin spreagfaidh sé sin a bhfoireann ar an bpáirc. Na Dubs le 2+ cúilín.

Áth Cliath (an fhoireann a thosóinn féin)

  1. Stephen Cluxton
  2. Philly McMahon
  3. Michael Fitzsimons
  4. Jonny Cooper
  5. Brian Howard
  6. James McCarthy
  7. Jack McCaffrey
  8. Brian Fenton
  9. Michael Darragh Macauley
  10. Niall Scully
  11. Con O’Callaghan
  12. Ciarán Kilkenny
  13. Paul Mannion
  14. Dean Rock
  15. Cormac Costello
Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s