Áth Cliath 1-14 Tír Eoghain 0-14

Páirc Uí Éilí, Dé Sathairn, 21 Iúil, 2018

Tá na Dubs tríd chuig cluichí leathcheannais na hÉireann don naoú bliain i ndiaidh a chéile tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Thír Eoghain sa gcluiche seo a imríodh os comhair 16,205 i bPáirc Uí Éilí, Dé Sathairn seo caite, 21 Iúil.

An Pháirc

Bhí an chuma ar na Dubs go raibh siad an-chompordach tar éis do Kevin McManamon iad a chur sé chúilín chun tosaigh iad sa 58ú nóiméad. Scaoil siad na hUltaigh ar ais sa gcluiche, áfach. Mar a tharla in aghaidh na gConallach shocraigh na Dubs go raibh siad chun seilbh na liathróide a choinneáil trí phasanna beaga láimhe a thabhairt dá chéile. D’oibrigh imreoirí Thír Eoghain go han-chrua, áfach, agus d’éirigh leo an bhearna a laghdú go dtí dhá chúilín ag pointe amháin.

Is cosúil gur ar mhaithe le fuinneamh a shábháil a bhíonn na Dubs ag gabháil do na teaicticí sin. Faoi lár mhí Lúnasa beidh ceithre chluiche imeartha acu taobh istigh de chúig seachtaine. Mar sin féin, beirfear orthu mara mbíonn siad cúramach. Tuigfidh Jim Gavin go maith é sin.

Tír Eoghain

Tá foireann Thír Eoghain ag feabhsú an t-am uilig agus thaispeáin siad dúinn gur dhrochthaispeántas aonuaire a bhí sa taispeántas a thug siad in aghaidh na Dubs i gcluiche leathcheannais na hÉireann anuraidh. Tá na teaicticí athraithe acu cuid mhaith, freisin, ag brath ar cé tá mar chéilí comhraic acu. Turas go Bealach Féich in aghaidh Dhún na nGall atá rompu amach anois. Teastaíonn comhscór nó bua uathu anois lena gcur ar aghaidh chuig cluichí leathcheannais na hÉireann.

Cluxton

Ba dheas an fháilte a chuir muintir Thír Eoghain roimh na Dubs. Tá an-mheas ag lucht leanta an dá chontae ar a chéile. Dhá rud a sheasfaidh amach, ach go háirithe, ná an t-ómós a léiríodh ag leac Aidan McEnespie agus na Dubs ag trasnú na teorann chomh maith leis na comharthaí a bhí crochta taobh amuigh do bhaile dúchais Mickey Harte, Garbhachadh, ag fáiltiú roimh na Dubs. Is iad rudaí den chineál seo a dhéanann Cumann Lúthchleas Gael speisialta.

An Chéad Leath

Bhí tús an-réidh leis an gcluiche seo. Bhí an dá fhoireann ag iarraidh fir bhreise a choinneáil siar go dtí gur shocraigh an cluiche síos. Dá bharr sin, bhí scór íseal 0-03 go dtí 0-03 ann théis 20 nóiméad. Dean Rock (0-02) agus Jack McCaffrey a fuair scóranna na Dubs. Peter Harte (0-02) agus Tiernan McCann a fuair scóranna Thír Eoghain.

Bhí sé réasúnta deacair ar an dá fhoireann teacht ar scóranna sa dara cuid den chéad leath, freisin. Mar sin féin, d’éirigh leis na Dubs bearna dhá chúilín a chur idir na foirne ag leatham a bhuíochas le trí scór i ndiaidh a chéile ó laoch na himeartha, Brian Howard, Philly McMahon agus ó Rock. John Small a fuair scór eile na Dubs agus Frank Burns agus Michael McKernan a fuair scóranna na nUltach. Caillteanas mór a bhí i Ronan McNamee do Thír Eoghain. Bhí air an pháirc a fhágáil agus é gortaithe ag deireadh an chéad leath. Scór leathama: Áth Cliath 0-07 Tír Eoghain 0-05.

Scór leathama

An Dara Leath

Bhí tús spleodrach ag na Dubs leis an dara leath. In ainneoin go bhfuair Connor McAliskey an chéad scór den leath do fhoireann Mickey Harte bhí na Dubs chun tosaigh ar scór 1-08 go dtí 0-06 théis 39 nóiméad. James McCarthy a fuair cúl Átha Cliath agus Ciarán Kilkenny a fuair an cúilín. Fuair Cathal McShane agus McAlsikey an chéad dá scór eile do Thír Eoghain ach d’aimsigh Rock (0-02) agus McManamon an chéad trí scór eile, ina dhiaidh sin. D’fhág sé sin go raibh na Dubs chun tosaigh le sé chúilín agus gan fágtha ach 12 nóiméad.

Ba ag an bpointe sin a d’athraigh na Dubs a gcuid teaciticí. Tháinig Kilkenny amach i dtreo lár na páirce agus stiúraigh fear Chaisleán Cnucha na tréimhsí imeartha uilig, ina ndearna na Dubs iarracht seilbh na liathróide a choinneáil, mar a bheadh stiúrthóir ceoil ag stiúradh ceolfhoirne. D’oibrigh an fhoireann baile go huafásach crua, áfach, agus d’éirigh leo sé cinn den naoi scór dheireanacha a aimsiú. Paul Flynn, Rock agus Kilkenny a d’aimsigh scóranna na Dubs. Mark Bradley, Cathal McShane, Harte, Kieran McGeary (0-02) agus Harry Loughran a d’aimsigh scóranna Thír Eoghain. Scór deiridh: Áth Cliath 1-14 Tír Eoghain 0-14.

Cúl Chon

Amach Anseo

Imreoidh Áth Cliath in aghaidh Ros Comáin anois sa gcluiche deireanach de Chomórtas an tSár-Ochtair. Imreoidh siad i gcluiche leathcheannais na hÉireann sé lá ina dhiaidh sin. Dá bharr sin, tá seans an-mhór ann go dtabharfar briseadh beag do dhuine nó beirt agus go dtabharfar seans do dhuine nó beirt eile. Cibé rud a tharlós, gabhfaidh foireann láidir chun páirce agus déanfaidh na Dubs gach iarracht an ceann is fearr a fháil ar Ros Comáin.

Tá tosaithe na Dubs ag obair go han-chrua faoi láthair ach níl siad ag aimsiú mórán scóranna. Beidh ar Gavin agus ar Jason Sherlock sin a chur ina cheart in am do na cluichí leathcheannais. Is iad Gaillimh, Ciarraí nó Muineachán a bheidh mar chéilí comhraic againn ag brath ar thorthaí ó Chiarraí v Cill Dara agus Gaillimh v Muineachán an tseachtain seo chugainn. Tá am na cinniúna ag teacht…

Philly

Ar aghaidh linn. Na Dubs abú.

An Tábla

Foireann I B CS C DS P
Áth Cliath 2 2 0 0 8 2
Tír Eoghain 2 1 0 1 15 2
Dún na nGall 2 1 0 1 2 0
Ros Comáin 2 0 0 2 -25 0

 

Áth Cliath: S Cluxton, J Cooper, P McMahon (0-01), E Murchan, J Small (0-01), C O’Sullivan, J McCaffrey (0-01), J McCarthy (1-00), B Fenton, N Scully, C O’Callaghan, B Howard (0-01), P Mannion, D Rock (0-06), C Kilkenny (0-02)

 Ionadaithe: C Costello do P Mannion, K McManamon (0-01) do N Scully, M Fitzsimons do P McMahon, P Flynn (0-01) do B Howard, D Daly do J Small, MD Macauley do J McCarthy

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s