Aoibheann’s Pink Tie ar Gheansaí na Dubs

Fógraíodh an tseachtain seo go mbeadh lógó na carthanachta, Aoibheann’s Pink Tie, ag tógáil áit AIG ar gheansaí na Dubs don chluiche peile sinsearach in aghaidh Ros Comáin, Dé Domhnaigh seo chugainn, 5 Lúnasa. Beidh foireann camógaíochta na Dubs ag caitheamh geansaithe le lógó Aoibheann’s Pink Tie orthu in aghaidh na Gaillimhe ar an Satharn, 4 Lúnasa, agus beidh foireann peile na mban ag déanamh amhlaidh i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann in aghaidh Chiarraí ar 12 Lúnasa.

logo

Carthanacht é Aoibheann’s Pink Tie a thugann tacaíocht do ghasúir a bhfuil ailse orthu agus dá gcuid teaghlach. Ba iad foireann AIG a roghnaigh an charthanacht áirithe seo. Rud mór é seo ó AIG agus aitheantas tuillte acu as ucht a gcuid flaithiúlachta. Sa ré áirithe seo, ina gcuirtear ‘saint’ i leith dreamanna áirithe atá bainteach le Cumann Lúthchleas Gael, is rud iontach é an gníomh seo atá déanta ag AIG agus ag lucht CLG Átha Cliath.

Rinne Barry Fennell ó Hill 16 Army podchraoladh le Jimmy Norman, athair Aoibhinn agus duine de bhunaitheoirí Aoibheann’s Pink Tie, atá le cloisteáil ag an nasc seo thíos. Cuireadh an charthanacht ar bun théis do Aoibheann bás a fháil le hailse cúpla bliain ó shin.

https://audioboom.com/posts/6952502-blue-is-the-colour-46

Tá Aoibheann’s Pink Tie i gcomhar le AIG tar éis uimhir téacs a chur ar bun inar féidir leis an mórphobal dhá euro a bhronnadh orthu. Níl le déanamh ach téacstheachtaireacht ina bhfuil ‘AIGAPT’ luaite agat a chur chuig 50300.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s