Áth Cliath v Ros Comáin

Páirc an Chrócaigh, 5 Lúnasa, 2018

Tabharfaidh Áth Cliath agus Ros Comáin aghaidh ar a chéile Dé Domhnaigh seo chugainn ar 3.30, i bPáirc an Chrócaigh, sa tríú babhta de Chomórtas an tSár-Ochtair. Beidh na Dubs ag imirt seachtain ón Satharn i gcluiche leathcheannais na hÉireann agus ní bheidh sa gcluiche seo do imreoirí Ros Comáin ach cluiche dúshlánach de bharr nach féidir leo gabháil níos faide sa gcomórtas. Mar sin féin, beidh na Dubs ag iarraidh cur leis an dul chun cinn atá déanta acu go dtí seo sa gCraobh agus beidh Ros Comáin ag iarraidh críoch sásúil a chur léi.

Maisreáil gan Artane

Ros Comáin

Tá tréimhse fionraíochta trí mhí faighte ag Kevin McStay agus ní bheidh sé ar an taobhlíne. Mar sin féin, is féidir a bheith cinnte go mbeidh a fhoireann dea-eagraithe. Tá an-jab déanta aige agus beidh Ros Comáin ag iarraidh taispeántas maith a thabhairt. Tá sárimreoirí acu – Ciarán Murtagh, a dheartháir Diarmuid, agus Enda Smith ach go háirithe. Bhuaigh siad Craobh Chonnacht anuraidh agus beidh siad ar ais i Roinn 1 den tsraith peile an bhliain seo chugainn. Beidh sé deacair orthu cur leis an dul chun cinn sin, ach, tá foireann bainistíochta iontach acu a bheidh dírithe go hiomlán ar an gcéad chéim eile a bhaint amach.

Áth Cliath

Tá gach cosúlacht ar an scéal gur ag sábháil fuinnimh sna nóiméid dheireanacha a bhí na Dubs go dtí seo le linn Chomórtas an tSár-Ochtair. Tá Áth Cliath tríd chuig Cluiche Leathcheannais na hÉireann anois agus dá bharr sin – agus in ainneoin a bhí le rá ag Jim Gavin théis an chluiche in aghaidh Thír Eoghain – ní chuirfeadh sé puinn iontais ar lucht leanta na Dubs dá dtabharfaí seans dóibh siúd a bhí ar an mbinse le cúpla cluiche anuas. Ní foireann lag a ghabhfadh chun páirce, áfach. D’fhéadfaí a bheith ag súil le leithéidí Paddy Andrews, Darren Daly, Eric Lowndes agus Kevin McManamon a fheiceáil ón tús Dé Domhnaigh, mar sin.

Tá scéalta ag gabháil thart, freisin, go bhfuil dul chun cinn iontach déanta ag Bernard Brogan. Cá bhfios ach go bhfeicfí ag am éigin é ar an Domhnach.

Áth Cliath nó Ros Comáin?

Áth Cliath le 7+ cúilín! Ar aghaidh linn. Na Dubs abú!

An Fhoireann a Thosóidh?

Áth Cliath mar a roghnóinn féin iad don chluiche áirithe seo – agus ag críochnú leis an bhfoireann a thosóidh Cluiche Leathcheannais na hÉireann ar ndóigh!

  1. Stephen Cluxton
  2. Eoin Murchan
  3. Michael Fitzsimons
  4. Eric Lowndes
  5. Darren Daly
  6. Cian O’Sullivan
  7. Jack McCaffrey
  8. Brian Fenton
  9. Michael Darragh Macauley
  10. Niall Scully
  11. Kevin McManamon
  12. Ciarán Kilkenny
  13. Paddy Andrews
  14. Cormac Costello
  15. Colm Basquel
Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s