Áth Cliath 4-24 Ros Comáin 2-16

Páirc an Chrócaigh, 5 Lúnasa, 2018

Fuair Áth Cliath an ceann is fearr ar Ros Comáin sa gcluiche seo a imríodh os comhair 33,240, i bPáirc an Chrócaigh ar 5 Lúnasa, 2018. Bhí cúlra aisteach leis an gcluiche seo sa mhéid is gur thuig na Dubs go mbeadh siad ag imirt i gCluiche Leathcheannais na hÉireann in aghaidh na Gaillimhe an tseachtain seo chugainn agus thuig Ros Comáin nach bhféadfaidís a ghabháil níos faide sa gcomórtas.

Bernard Brogan 12/7/2015
Leinster GAA Football Senior Championship Final, Croke Park, Dublin 12/7/2015 Dublin vs Westmeath Dublin’s Bernard Brogan Mandatory Credit ©INPHO/Dan Sheridan

Áth Cliath

Rinne na Dubs go leor athruithe ón bhfoireann a chuaigh chun páirce cóicís roimhe sin in aghaidh Thír Eoghain. Thosaigh Darren Daly, Paul Flynn, Kevin McManamon, Cormac Costello, Paddy Andrews, Colm Basquel agus Eoghan O’Gara. Tháinig leithéidí Conor Mullally, Paddy Small, Mark Schutte, Andrew McGowan agus Conor McHugh isteach mar ionadaithe. Tugadh fáiltiú ollmhór do Bernard Brogan nuair a tháinig sé isteach mar ‘ionadaí fola’ in áit Mark Schutte deireanach sa dara leath – sé mhí théis dó a bhallnasc croiseach a ghortú.

Bhí na Dubs an-mhaith sa gcéad leath ach ghéill siad an-chuid scóranna sa dara leath. Sheas Cormac Costello, Eoghan O’Gara agus Paul Flynn amach, ach go háirithe, do na Dubs agus ní chuirfeadh sé aon iontas ar lucht leanta na Dubs dá dtosódh Costello Cluiche Leathcheannais na hÉireann in aghaidh na Gaillimhe. Ní bheadh mórán foghlamtha ag na Dubs ón gcluiche seo, mar sin féin. Bhí Comórtas an tSár-Ochtair an-mhaith ach ba é seo an t-aon chluiche sa gcomórtas nach raibh aon tábhacht ag baint leis.

Ros Comáin

Ní raibh foireann Kevin McStay thar mholadh beirte. Thuig siad go raibh siad imithe ón rás le haghaidh SAM agus bhí sé deacair ar Liam McHale, a bhí ar an líne in áit McStay, iad a ghríosadh. Bhí siad dírithe go hiomlán ar a gcuid laethanta saoire is ar a gclubanna! Rinne Ros Comáin éacht i mbliana Comórtas an tSár-Ochtair agus Roinn 1 den tSraith Náisiúnta a bhaint amach. Beidh siad réasúnta sásta leis an mbliain.

An Chéad Leath

Thosaigh na Dubs an cluiche go láidir agus bhí sé soiléir go raibh na himreoirí ag iarraidh gabháil i bhfeidhm ar an bhfoireann bainistíochta. Tar éis fiche nóiméad bhí siad chun tosaigh ar scór 1-07 go dtí 0-04. Flynn (1-01), Costello (0-04), John Small (0-01) agus O’Gara (0-01) a fuair na scóranna sin do Áth Cliath. Diarmuid Murtagh (0-03) agus Conor Devaney (0-04) a fuair scóranna na gConnachtach.

Ní raibh aon stop leis na Dubs agus chríochnaigh siad an leath go láidir. D’aimsigh siad 1-05 ón bhfichiú nóiméad ar aghaidh agus níor éirigh le Ros Comáin ach 0-03 a aimsiú le linn an ama sin. Michael Darragh Macauley (1-00), Costello (0-02), Flynn (0-01), O’Gara (0-01) agus Paddy Andrews (0-01) a fuair na scóranna sin. Diarmuid Murtagh (0-02) agus Niall Kilroy a fuair scóranna Ros Comáin. Scór leathama: Áth Cliath 2-12 Ros Comáin 0-07.

An Dara Leath

D’aimsigh Ros Comáin cúl ag tús na dara leithe théis dóibh ionsaí dian a dhéanamh ar chúlaithe na Dubs. Ní raibh na Dubs socraithe síos i gceart agus tháinig cúl Gary Patterson aniar aduaidh orthu. Dhúisigh sé sin na Dubs, áfach, agus d’éirigh leo 2-06 den chéad 2-07 eile a aimsiú. D’aimsigh Eoghan O’Gara (2-00), Costello (0-02), McManamon (0-02), Flynn (0-01) agus Andrews (0-01) na scóranna sin do na Dubs. Fuair Pádraig Kelly cúilín Ros comáin.

Ba é buaicphointe na leithe, ná, nuair a tháinig Brogan isteach mar ‘ionadaí fola’ do Schutte sa 61ú nóiméad.

Rinne na Dubs go leor athruithe sa gceathrú deireanach agus tugadh seans do roinnt de na himreoirí nach n-imríonn chomh minic céanna, ach a chuireann an iarracht chéanna isteach ó cheann ceann na bliana do Áth Cliath. Ba é buaicphointe na leithe, ná, nuair a tháinig Brogan isteach mar ‘ionadaí fola’ do Schutte sa 61ú nóiméad.

Bhí críoch láidir ag Ros Comáin agus d’éirigh leo an bhearna a laghdú. D’aimsigh siad 1-08 ón 52ú nóiméad ar aghaidh. D’aimsigh na Dubs sé chúilín le linn an ama sin. Donie Smith (1-03), Murtagh (0-02), Ciarán Lennon (0-02) agus Kelly a fuair na scóranna sin do na Connachtaigh. Paddy Small, Schutte, Philly McMahon, McManamon agus McHugh, le dhá chúilín, a fuair scóranna na Dubs. Scór deiridh: Áth Cliath 4-24 Ros Comáin 2-16.

Amach Anseo

Cluiche Leathcheannais na hÉireann in aghaidh na Gaillimhe atá amach roimhe na Dubs anois. Beidh na boic mhóra – Johnny Cooper, Ciarán Kilkenny, Brian Fenton, Dean Rock agus Con O’Callaghan ar fáil arís tar éis briseadh beag a bheith acu. Beidh siad lán le fuinneamh. Ní bheidh aon rud éasca faoin gcluiche seo, áfach.

Ní mhairfidh na laethanta maithe seo go deo. Mar sin, ba cheart do na Dubs ceiliúradh a dhéanamh ar an bhfoireanmn iontach seo gach uair a dtéann siad chun páirce. Ar aghaidh linn. Na Dubs abú!

An Tábla

Foireann I B CS C DS P
Áth Cliath 3 3 0 0 22 6
Tír Eoghain 3 2 0 1 22 4
Dún na nGall 3 1 0 2 -5 2
Ros Comáin 3 0 0 3 -39 0

Áth Cliath: S Cluxton, P McMahon (0-01), D Daly, M Fitzsimons, E Lowndes, J Small (0-01), J McCaffrey, MD Macauley (1-00), C O’Sullivan, P Flynn (1-03), K McManamon (0-03), C Basquel, C Costello (0-09), E O’Gara (2-02), P Andrews (0-01)

Ionadaithe: J McCarthy do C O’Sullivan, C Mullally do J McCaffrey, P Small (0-01) do C Costello, M Schutte (0-01) do J Small, C McHugh (0-02) do E O’Gara, A McGowan do D Daly, B Brogan do M Schutte

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s