Áth Cliath v Gaillimh

Cluiche Leathcheannais na hÉireann, Páirc an Chrócaigh, Dé Sathairn, 11 Lúnasa, 2018

Tabharfaidh Áth Cliath agus Gaillimh aghaidh ar a chéile i gCluiche Leathcheannais na hÉireann Dé Sathairn seo chugainn, 11 Lúnasa, i bPáirc an Chrócaigh. Ní bheidh rud ar bith éasca ag aon cheann de foirne atá fágtha anois sa rás le haghaidh Sam agus níl aon amhras faoi ach go bhfuil na ceithre fhoirne is fearr sa tír fágtha sa rás sin. Tá sé sin le feiceáil go soiléir ón tSraith Náisiúnta i mbliana. Ba iad na ceithre fhoirne is mó pointí sa tSraith Náisiiúnta atá fágtha – Gaillimh, Áth Cliath, Muineachán agus Tír Eoghain.

DG 2

Gaillimh

Tá dul chun iontach déanta ag foireann seo na Gaillimhe le trí bliana anuas. Tá dhá Chraobh Chonnacht buaite acu agus níl ach dhá chluiche caillte acu i mbliana – in aghaidh na Dubs i gCluiche Ceannais na Sraithe agus in aghaidh Mhuineacháin i gComórtas an tSár-Ochtair. Tá cinnirí acu ar fud na páirce agus tá Damien Comer, Shane Walsh agus Seán Andy Ó Ceallaigh i measc na n-imreoirí is fearr sa tír faoi láthair. Tá binse láidir acu, freisin, agus d’éirigh le Gaillimh roinnt cluichí a bhuachaint i mbliana de bharr an bhinse sin. Aireoidh Gaillimh uathu Paul Conroy i lár na páirce go mór don chluiche seo, mar sin féin.

Áth Cliath

Níl ach cluiche amháin caillte ag na Dubs i mbliana – in aghaidh Mhuineacháin sa tSraith Náisiúnta. Cé go bhfuil siad ag buachaint cluichí níl siad ag imirt chomh maith is atá siad in ann. Má tá siad ag iarraidh Cluiche Ceannais na hÉireann a bhaint amach Dé Sathairn caithfidh siad é sin chur ina cheart.

Tá buntáiste mór acu ar na Gaillimhigh sa mhéid is go raibh Jim Gavin in ann briseadh a thabhairt do leithéidí Ciarán Kilkenny, Con O’Callaghan, Johnny Cooper, Brian Fenton agus Dean Rock in aghaidh Ros Comáin. Chomh maith leis sin, bhí deis aige leithéidí Cormac Costello, Paddy Small, Colm Basquel, Eric Lowndes agus Paul Flynn a chur isteach ón tús. Seasfaidh sé sin dóibh.

Áth Cliath nó Gaillimh?

Áth Cliath le 3+ ach ní bheidh sé éasca. De bharr nach mbeidh Conroy ag imirt leis na Gaillimhigh d’fhéadfadh Brian Fenton tionchar mór a imirt ar an gcluiche seo go háirithe le ciceanna amach fada ón dá fhoireann.

Áth Cliath – Mar a Roghnóinn Féin Iad

  1. Stephen Cluxton
  2. Philly McMahon
  3. Michael Fitzsimons
  4. Jonny Cooper
  5. Brian Howard
  6. James McCarthy
  7. Jack McCaffrey
  8. Brian Fenton
  9. Michael Darragh Macauley
  10. Niall Scully
  11. Con O’Callaghan
  12. Ciarán Kilkenny
  13. Paul Mannion
  14. Dean Rock
  15. Cormac Costello
Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s