Áth Cliath 1-24 Gaillimh 2-12

Cluiche Leathcheannais Peile na hÉireann, Páirc an Chrócaigh,

Dé Sathairn, 11 Lúnasa, 2018

D’éirigh le peileadóirí Átha Cliath cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach don séú bliain i ndiaidh a chéile théis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Ghaillimh i gcluiche leathcheannais na hÉireann ar an Satharn, 11 Lúnasa, i bPáirc an Chrócaigh. Bhí bua réasúnta compordach ag na Dubs sa gcluiche seo ach chruthaigh na Gaillimhigh go leor fadhbanna dóibh sa gcéad leath. Chríochnaigh an cluiche ar scór 1-24 go dtí 2-12 i bhfabhar na Dubs.

Dubs v Gaillimh

Gaillimh

Is cinnte go mbeadh an-díomá ar fhoireann Kevin Walsh faoin toradh, ach, tá dul chun cinn mór déanta acu i mbliana. Níl sé ach sé mhí ó dúradh linn nach bhféadfadh aoinne Corn Sam Maguire a bhuachan taobh amuigh de Áth Cliath, Ciarraí agus Maigh Eo! Níor chaill na Gaillimhigh ach trí chluiche i mbliana – in aghaidh na Dubs faoi dhó agus in aghaidh Mhuineacháin. Má tá siad in ann tógáil ar an dul chun cinn sin an chéad bhliain eile beidh an-seans acu. Tá foireann óg acu agus beidh siad thart go ceann i bhfad.

Na Dubs

Is foireann speisialta iad foireann seo na Dubs agus léirigh siad é sin dúinn arís eile sa gcluiche seo. Chruthaigh Gaillimh, agus Damien Comer ach go háirithe, go leor deacrachtaí do fhoireann Jim Gavin sa gcéad leath ach d’éirigh le líne lánchúil Átha Cliath an lámh in uachtar a fháil de réir a chéile. Bhí an-chluiche ag Cormac Costello, Ciarán Kilkenny, Brian Fenton, Brian Howard agus ag Con O’Callaghan, ach go háirithe do na Dubs. Bíonn an-tionchar ag Costello ar chluichí nuair a thagann sé isteach ón mbinse agus bhí sé sin amhlaidh sa gcluiche seo.

An Chéad Leath

Bhí tús an-bheomhar ag na Dubs leis an gcluiche agus tar éis cúig nóiméad bhí siad trí chúilín chun tosaigh a bhuíochas do scóranna ó Paul Mannion agus ó Dean Rock (0-02). Shocraigh Gaillimh síos ina dhiaidh sin, áfach, agus nuair a chuir Ciarán Duggan liathróid ard isteach i dtreo Damien Comer ar imeall na cearnóige bhí na foirne cothrom. Tháinig Cluxton amach ach d’éirigh le fear na Gaillimhe dorn a chur leis an liathróid roimhe Philly McMahon agus cúl báire na Dubs.

Daragh, Síle, Gearóid

Bhabhtáil Brian Howard agus Shane Walsh cúilíní agus, nóiméad ina dhiaidh sin, bronnadh cic éirice ar na Gaillimhigh. Liathróid fhada eile i dtreo Comer a rinne an damáiste. Rinne Jonny Cooper calaois ar Comer agus é ag déanamh ar an gcúl. Shábháil Cluxton cic Éamoinn Brannigan, áfach, agus bhí a seans caillte ag Gaillimh.

Dhúisigh sé sin na Dubs an athuair agus d’aimsigh siad an chéad trí scór eile ó Kilkenny, Fenton is ó Rock. D’aimsigh Gaillimh an chéad trí scór eile ina dhiaidh sin, áfach, agus bhí na foirne gob ar ghob. Ian Burke agus Shane Walsh (0-02) a fuair scóranna na Gaillimhe.

Bhí na Dubs chun tosaigh ar chlár na scór arís nuair a bhuail Con O’Callaghan an liathróid isteach sa gcúl sa 26ú nóiméad. D’fhan Áth Cliath chun tosaigh don chuid eile den chluiche. Fuair Kilkenny agus Mannion tuilleadh scóranna do na Dubs roimh leatham agus fuair Burke agus Johnny Heaney scóranna do Ghaillimh. Bhí ar Chian O’Sullivan an pháirc a fhágáil agus é gortaithe sa 27ú nóiméad. Scór leathama: Áth Cliath 1-09 Gaillimh 1-07.

An Dara Leath

Tháinig na Dubs amach sa dara leath agus iad tiomanta do bhearna mhór a chur idir na foirne. D’éirigh leo deich gcúilín a aimsiú idir sin agus an 64ú nóiméad agus ní bhfuair Gaillimh ach trí chúilín le linn an ama sin. Chinntigh sé sin go mbeadh deireadh compordach ag na Dubs leis an gcluiche. D’éirigh le Shane Walsh cúl a aimsiú in am cúitimh gortaithe do Ghaillimh ach bhí sé i bhfad ródheireanach, ag an bpointe sin, do Kevin Walsh is a fhoireann.

Bhí Mannion, O’Callaghan, Kilkenny, Rock, Costello, Fenton, Paul Flynn agus Kevin McManamon i measc na scórálaithe do na Dubs sa dara leath. Tom Flynn, Michael Daly, Walsh, Comer agus Gary O’Donnell a fuair scóranna na Gaillimhe. Scór deiridh: Áth Cliath 1-24 Gaillimh 2-12.

Amach Anseo

Cluiche Ceannais na hÉireann in aghaidh Thír Eoghain atá amach roimh na Dubs anois agus seans ag an bhfoireann iontach seo craobh eile a bhuachan. Bheadh Gavin sásta go bhfuil an painéal ag gabháil ó neart go neart le chuile chluiche. D’fhág Cian O’Sullivan an pháirc luath agus é gortaithe ach táthar ag súil go mbeidh sé ar ais don chluiche ceannais.

An Phortaingéil

Ar aghaidh linn. Na Dubs abú!

Áth Cliath: S Cluxton, E Murchan, P McMahon, J Cooper, J Small, C O’Sullivan, J McCaffrey, B Fenton (0-02), J McCarthy, N Scully, C Kilkenny (0-03), B Howard (0-01), D Rock (0-05), C O’Callaghan (1-03), P Mannion (0-04)

 Ionadaithe: M Fitzsimons do C O’Sullivan, C Costello (0-03) do N Scully, K McManamon (0-02) do D Rock, MD Macauley do E Murchan, D Daly do J Small, P Flynn (0-01) do J McCaffrey

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s