Áth Cliath v Tír Eoghain

Cluiche Ceannais Peile na hÉireann, Páirc an Chrócaigh, Dé Domhnaigh, 2 Meán Fómhair, 2018

Tá an lá mór ag teacht! Tabharfaidh Áth Cliath agus Tír Eoghain aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais peile na hÉireann Dé Domhnaigh seo chugainn, 2 Meán Fómhair, 2018 os comhair lán an tí i bPáirc an Chrócaigh. Níl mórán cainte á déanamh faoin gcluiche seo sna meáin go dtí seo, agus rud an-aisteach é sin. Tá go leor den tuairim go mbeidh bua éasca ag na Dubs agus tá baint mhór aige sin leis an tost atá le haireachtáil thimpeall ar an gcluiche. Ní mar a shíltear a bítear, áfach, agus is cinnte nach mbeidh mórán idir na foirne Dé Domhnaigh.

Cúl Chon

Tír Eoghain

Is féidir a bheith lánchinnte go mbeidh plean ag Mickey Harte chun na Dubs a stopadh. Is maith a chuimhníonn muintir Chiarraí ar an gcaoi a bhfuair Tír Eoghain an ceann is fearr orthu i 2003. Fíorbheagán a thug seans do fhoireann Harte arís eile nuair a d’imir na foirne céanna in aghaidh a chéile i gcluiche ceannais na hÉireann sa mbliain 2008. Beidh ar na Dubs a bheith ar airdeall. Tá sárimreoirí ag na hUltaigh agus beidh leithéidí Colm Cavanagh, Peter Harte, Niall Sludden, Niall Morgan, Tiernan McCann, Mattie Donnelly agus Kieran McGeary réidh don dúshlán atá amach rompu ar an Domhnach.

Níl gíog ná míog as campa Thír Eoghain faoi láthair agus tuigeann muid uilig céard a deirtear faoin dream nach mbíonn gíog ná míog astu – go mbíonn siad ciontach! Beidh Tír Eoghain réidh.

Áth Cliath

Tá na Dubs an-chiúin, freisin! Léireoidh siad meas ar Thír Eoghain rud a chiallaíonn go mbeidh siad réidh. Seo í an séú Craobh uile-Éireann ina raibh na Dubs páirteach le hocht mbliana anuas agus, mar sin, beidh siad réitithe i gceart don lá mór. Ba cheart go dtabharfadh sé sin buntáiste dóibh.

Tá chuile thráchtaire agus duine neodrach ag rá gurb iad na Dubs atá mar rogha na coitiantachta ach ní bheidh Jim Gavin ná a fhoireann ag tabhairt aon aird air sin. Mar sin féin, mara n-éiríonn le himreoirí Thír Eoghain leithéidí Ciarán Kilkenny, Brian Howard, James McCarthy, Brian Fenton, Jack McCaffrey agus Stephen Cluxton a chloí, beidh siad i dtrioblóid. Tá chuile imreoir ar phainéal na Dubs ar fáil do Gavin seachas go bhfuil comhartha ceiste ann faoi Chian O’Sullivan. Beidh le feiceáil.

Áth Cliath nó Tír Eoghain?

Ní bheidh mórán idir na foirne. B’fhéidir nach mbeadh eatarthu ach cic liathróide. Tá mo chroí ag inseacht dhom go mbeidh bua 3+ cúilín ag na Dubs a bhuíochas dá mbinse láidir – leithéidí Costello, Macauley, Flynn, Lowndes agus McManamon.

Ar aghaidh linn. Na Dubs abú.

Áth Cliath – Mar A Roghnóinn Féin Iad

  1. Stephen Cluxton
  2. Philly McMahon
  3. Michael Fitzsimons
  4. Jonny Cooper
  5. John Small
  6. Cian O’Sullivan
  7. Jack McCaffrey
  8. Brian Fenton
  9. James McCarthy
  10. Niall Scully
  11. Brian Howard
  12. Ciarán Kilkenny
  13. Paul Mannion
  14. Dean Rock
  15. Con O’Callaghan
Advertisements

3 fhreagra ar “Áth Cliath v Tír Eoghain

  1. Maith thú – sraith alt eile i mbliana a bhí taitneamhach agus a thug léiriú eile ar na cluichí. Tá súil agam go mbeidh tú ag scríobh faoi Sam ag dul ó thuaidh go Tír Eoghain sa chéad alt eile! Ádh mór oraibh ach Tír Eoghain Abú!!⚪🔴

    Moladh

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s